Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

29 Márta 2021

Staitisticí Aerthaistil agus Muirthaistil, Feabhra 2021

  • I bhFeabhra 2021, tháinig 54,800 paisinéir i dtír in Éirinn ar bhealaí thar sáile (laghdú 49.2% ar Eanáir 2021)
  • Sa mhí chéanna, d’imigh 53,200 paisinéir amach as Éirinn ar bhealaí thar sáile (laghdú 55.2% ón mí roimhe)
  • Tá leibhéil taistil thar sáile fós i bhfad níos ísle ná mar a bhí i bhFeabhra 2021, tráth ar tháinig 1,215,100 paisinéir isteach sa tír agus ar imigh 1,203,300 paisinéir amach aisti
  • B’iad bealaí taistil ba ghníomhaí na tíre ná cinn leis mBreatain Mhór, an Spáinn, an Ísiltír agus an Fhrainc i bhFeabhra 2021
  • Breathnaigh ar an eisiúint: Staitisticí Aerthaistil agus Muirthaistil, Feabhra 2021 [en]

    Tá an eisiúint Staitisticí Aerthaistil agus Muirthaistil le haghaidh Feabhra 2021 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (29 Márta 2021).

    Déanann Gregg Patrick, Staitisteoir, trácht ar an eisiúint seo: “Léirítear dúinn i bhfigiúirí Feabhra 2021 go raibh titim suntasach i dtaisteal thar sáile le hais na míosa roimhe. Tháinig 54,800 paisinéir i dtír in Éirinn an mhí seo chaite le hais 108,000 in Eanáir 2021, sin laghdú 49.2%. I bhFeabhra d’imigh 53,200 paisinéir amach as Éirinn ar bhealaí thar sáile i gcomparáid le 118,700 in Eanáir, laghdú 55.2% in aon mhí amháin.

    Sna staitisticí d’Fheabhra 2021, feictear dúinn gur ar bhealaí na mór-roinne a thaistil móramh na bpaisinéirí. Tháinig 31,600 paisinéirí i dtír ar na bealaí seo agus d’imigh 27,800 paisinéir amach orthu. Lena hais sin, níor tháinig ach 13,200 paisinéir isteach sa tír ar bhealaí thar Mhuir Éireann (as Manainn agus an Bhreatain Mhór) agus ar an treo eile d’fhág 17,200 paisinéir an tír ar na bealaí céanna. Fíorbheagán daoine a thaistil ar bhealaí trasatlantacha i bhFeabhra, 2,100 a tháinig isteach go hÉirinn agus 2,200 a d’imigh amach aisti.

    Ag fágáil an Bhreatain Mhór as áireamh, b'iad na tíortha is lárnaí i dtaisteal thar sáile i bhFeabhra 2021 ná an Spáinn (5,600 isteach, 4,300 amach), an Ísiltír (5,200 isteach, 4,500 amach) agus an Fhrainc (4,700 isteach, 4,300 amach).

    Ag breathnú ar an mbliain go dtí seo (Eanáir-Feabhra 2021), tá 162,800 paisinéir idirnáisiúnta tagtha go hÉirinn agus 171,900 paisinéir imithe amach as an tír. Sa tréimhse chomhionann in 2020, tháinig nach mór 2.5 milliún paisinéir chun na tíre agus chuaigh an oiread céanna amach aisti. Léiriú suntasach eile iad na figiúirí seo ar an tionchar mór leanúnach atá á imirt ag COVID-19 ar thaisteal idirnáisiúnta sa tír seo.”

    I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

    Gregg Patrick (+353) 21 453 5202 nó James Mahon (+353) 21 453 5463

    nó seol ríomhphost chuig tourism@cso.ie

    -- CRÍOCH --