25 Lúnasa 2020
Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair, Ráithe 2 2020 [en]
Breathnaigh ar eisiúint: Feasachán Léargais ar an Margadh Saothair, Eagrán 1: Ráithe 2 2020 [en]
Tá torthaí foilsithe inniu (25 Lúnasa 2020) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ón Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) le haghaidh Ráithe 2 2020.
Déanann Jim Dalton, Staitisteoir, trácht ar eisiúint an lae inniu: “Tá tionchar thar a bheith mór imeartha ag an bpaindéim COVID-19 ar margadh saothair an Stáit agus bhí rian an tionchair sin le braith faoi dheireadh Ráithe 1 2020. Ós rud é go bhfuil sé d’oibleagáid ar an Oifig sainmhínithe agus modheolaíochtaí caighdeánacha a úsáid le meastacháin oifigiúla an tSuirbhé ar an Lucht Saothair a ríomh, tá cinneadh glactha na meastacháin SLS le haghaidh Ráithe 2 2020 a chur i dtoll a chéile ar an ngnáthbhealach agus Meastacháin Coigeartaithe COVID-19 faoi leith a chur ar fáil in éineacht leo. Ar an gcaoi seo, coinnítear modheolaíocht an SLS slán agus ag an am céanna tá eolas trédhearcach á sholáthar faoin tionchar reatha ag COVID-19 ar an margadh saothair in Éirinn.
De réir gnáthchritéir an ILO, is é an líon neamhchoigeartaithe daoine in aois 15 bliana agus os a cionn i bhfostaíocht ná 2,222,500 i R2 2020 le Ráta Fostaíochta comhfhreagrach de 65.7% i measc daoine 15-64 bliana d’aois.
Nuair a thógtar éifeachtaí COVID-19 san áireamh, meastar faoin Tomhas Coigeartaithe Fostaíochta COVID-19, an luach féideartha is ísle de dhaoine 15 bliana d’aois agus os a cionn i bhfostaíocht, go raibh 1,783,567 duine fostaithe faoi dheireadh mí an Mheithimh agus go raibh Ráta Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 comhfhreagrach de 52.2% ann do dhaoine 15-64 bliana d’aois. Faoi dheireadh mí Iúil, meastar an dá táscaire seo a bheith ionann le 1,947,922 agus 57.2% faoi seach.
De réir gnáthchritéir ILO, is é an líon neamhchoigeartaithe daoine in aois 15-74 bliana a bhí dífhostaithe i R2 2020 ná 118,700 le Ráta Dífhostaíochta comhfhreagrach de 5.1%.
Ar an 05 Lúnasa 2020, mar chuid d’eisiúint na hOifige ar Mheastacháin Dífhostaíochta Míosúil le haghaidh Iúil 2020, foilsíodh Toirteanna agus Rátaí Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 mar a bhí ag deireadh Meitheamh 2020. De réir na heisiúna sin, 531,412 daoine a bhí dífhostaithe agus ráta 23.1% a bhí i gceist do dhaoine in aois 15-74 bliana ag an am. Faoi dheireadh Iúil 2020, meastar gur 386,935 daoine agus ráta 16.7% a bhí i gceist.
In R2 2020, de réir na gnáthmhodheolaíochta, 2,341,200 ab ea an líon iomlán daoine sa lucht saothair, laghdú 3.7% nó 89,600 le hais R2 2019. Bhí líon 1,632,600 daoine nach raibh sa lucht saothair i R1 2020, méadú 10.2% nó 150,800 ar an ráithe chéanna bliain roimhe.”
Maidir leis an tábhacht atá le daoine roghnaithe páirt a ghlacadh san SLS, dúirt Jim Dalton: “I gcomhréir le treoirlínte sláinte poiblí a bhaineann le COVID-19, níl ár n-agallóirí ag tabhairt cuairt ar dhaoine sa bhaile. Ina áit sin, tá agallaimh ar an nguthán á ndéanamh acu. Faigheann líonta tí roghnaithe litreacha roimh ré ag iarraidh orthu teagmháil a dhéanamh leis an agallóir chun am a shocrú le haghaidh agallaimh.
Is foinse eolais fíorthábhachtach iad na suirbhéanna seo as a n-eascraíonn léargas ar an staid shóisialta agus geilleagrach ina bhfuil muintir na hÉireann ar leibhéal cruinnis nach bhféidir a shárú. Má dhéantar teagmháil le haon duine chun páirt a ghlacadh i suirbhé de chuid na hOifige, iarraim orthu amhlaidh a dhéanamh chun leasa na tíre. Is féidir libhse, muintir na hÉireann, braith ar chruinneas fhigiúirí CSO toisc gur inis sibh dúinn iad an chéad lá.”
Ag tagairt d’eisiúint nua atá á fhoilsiú inniu in éineacht leis na torthaí SLS, deir Edel Flannery, Staitisteoir Sinsearach: ‘Tá foireann Margadh Saothair na hOifige ag foilsiú feasachán nua inniu, an chéad cheann i sraith úr d’fheasacháin ina ndéantar cíoradh ar thionchar COVID-19 ar an margadh saothair. Tá sé i gceist leis an bhfeasachán a thuilleadh léargas agus anailís a chur ar fáil faoin tionchar atá imeartha agus á imirt ag COVID-19 ar an margadh saothair sa Stát. Faightear an buneolas ón SLS mar aon le tacair sonraí riaracháin agus déantar iad a nascadh. I gcás feasachán an lae inniu, tá comhthéacs maidir le gnáth-thorthaí an SLS le haghaidh R2 2020 (https://www.cso.ie/en/releasesandpublications/br/b-lfs/labourmarketinsightseries1q22020/). Leagfar béim ar ghnéithe eile den margadh saothair le feasacháin eile amach anseo.”
Is é an Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) an fhoinse oifigiúil le haghaidh staitisticí faoin margadh saothair in Éirinn, lena n-áirítear tomhais oifigiúla fostaíochta agus dífhostaíochta. Tá na tomhais oifigiúla seo bunaithe ar coincheapa agus sainmhínithe na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO). Is iad tomhais an ILO an caighdeán idirnáisiúnta agus tá sé d’oibleagáid dhlíthiúil ag ballstáit uile an Aontais Eorpaigh sonraí ar an samhail seo a chur i dtoll a chéile agus a sholáthar ar bhonn ráithiúil do Eurostat, áisíneacht staidrimh an AE. Féach an Fógra Eolais maidir le Tionchar COVID-19 ar an Suirbhé ar an Lucht Saothair [en] le haghaidh tuilleadh eolais.
Breathnaigh ar an eisiúint:
https://www.cso.ie/en/releasesandpublications/er/lfs/labourforcesurveyquarter22020/
Sonraí teagmhála
Jim Dalton, Anailísiú an Margadh Saothair – 086 678 0316
Martina O'Callaghan (+353) 21 453 5491
nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie
-- CRÍOCH --