Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

27 Deireadh Fómhair 2020

Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála 2019

Ar na dreamanna ba mhó i mbaol bochtaineachta in 2019 bhí daoine gan a bheith ag obair de bharr breoiteachta nó míchumais (37.5%) agus daoine dífhostaithe (35.4%)
  • Ráta i mbaol bochtaineachta 12.8% in 2019 le hais an ráta 14.0% in 2018
  • Ráta bochtaineachta comhsheasmhaí 5.5% in 2019 le hais 5.6% in 2018
  • 13.5% de dhaoine ag maireachtáil i gcóiríocht ar cíos i mbochtaineacht chomhsheasmhach agus gan ach 1.8% díobh siúd i gcóiríocht úinéir-áitithe
  • €43,552 ab ea an t-ioncam airmheánach indiúscartha líon tí in 2019, ardú €520 ar fhigiúr 2018, sin €42,865
  • Ioncam Coibhéisithe Airmheánach de €23,796 in 2019, méadú 4.0% ar an luach €22,872 in 2018

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) 2019 [en]

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) torthaí inniu (27 Deireadh Fómhair 2020) ón Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) le haghaidh 2019, mar aon le torthaí inchomparáide do bhlianta roimhe sin.

Déanann Eva O’Regan, Staitisteoir, trácht ar thuarascáil an lae inniu: “Is é an suirbhé SILC a chuirtear ar líonta tí an fhoinse oifigiúil sonraí ar ioncam an líon tí agus ioncam aonair. Ina theannta sin, is as SILC a soláthraítear roinnt táscairí lárnacha náisiúnta i leith na bochtaineachta, amhail an ráta i mbaol bochtaineachta, an ráta díothachta forghníomhaí agus an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí.

Léirítear sna príomhthorthaí go raibh ioncam airmheánach bliantúil indiúscartha de €43,552 ag líonta tí in 2019, le hais figiúr €42,865 in 2018. Déantar ioncam indiúscartha líon tí a ríomh ach eisíocaíochtaí a thógáil ón ollioncam líon tí, sin iad cánacha, ranníocaíochtaí árachais shóisialaí agus aistrithe íoctha idir líonta tí. B’ionann meánioncam bliantúil indiúscartha an líon tí agus €53,118 in 2019, sin le hais an fhigiúir chomhfhreagraí €51,458 in 2018.

Is ag líonta tí ina raibh triúr nó níos mó ag obair a bhí an t-ioncam airmheánach indiúscartha líon tí is airde, ar bhonn ainmniúil, sin €95,613. Ar an lámh eile de, bhí figiúr chomhfhreagrach de €24,173 ag líonta tí nach raibh aon duine iontu ag obair.

Tá comhchoibhneas idir leibhéal oideachais is airde gnóthaithe ag ceann an líon tí agus ioncam indiúscartha líon tí – bíonn ioncam níos mó, ar an iomlán, ag daoine le cáilíochtaí níos airde. I gcás ceann líon tí le hoideachas bunscoile ar a mhéad, bhí ioncam airmheánach ainmniúil indiúscartha líon tí de €26,527 in 2019, le hais €66,811 ag ceann líon tí le céim thríú leibhéal nó cáilíocht níos airde.

Slat tomhais ar ioncam an líon tí is ea ioncam coibhéisithe lena dtugtar san áireamh na difríochtaí méid agus comhdhéanaimh idir líonta tí. Bhí ioncam airmheánach coibhéisithe de €23,979 in 2019, ardú 4.0% ar an luach €22,872 a bhí ann in 2018. B’ionann an meánioncam coibhéisithe agus €27,941 in 2019, méadú 4.4% ar an suim €26,766 a taifeadadh in 2018.

Tugtar léargas leis an suirbhé chomh maith ar an mbochtaineacht in Éirinn. Sheas an ráta i mbaol bochtaineachta - sin é an sciar daoine a raibh ioncam faoi bhun 60% den ioncam airmheánach náisiúnta acu - ag 12.8% anuraidh i gcomparáid le 14.0% sa bhliain 2018.

Ar na dreamanna ba mhó i mbaol bochtaineachta in 2019 bhí daoine gan a bheith ag obair de bharr breoiteachta nó míchumais (37.5%) agus daoine dífhostaithe (35.4%). I gcás daoine a thuairiscigh go mbíonn siad ag obair ní raibh ach ráta i mbaol bochtaineachta de 4.6% anuraidh.

Bhí ráta bochtaineachta comhsheasmhaí de 5.5% ann anuraidh, mionlaghdú ón ráta 5.6% sa bhliain 2018. Áirítear sa ráta seo daoine a sainítear a bheith i mbaol bochtaineachta agus ag fulaingt díothacht fhorghníomhach araon.

Ó thaobh comhréir líon tí de, bhí an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí ab airde acu siúd ag maireachtáil i líonta tí le duine fásta amháin agus páiste nó páistí faoi 18 mbliana d’aois, sin 17.1%. Bhí an ráta comhfhreagrach ba lú ag daoine ag maireachtáil i líonta tí le beirt fásta nó níos mó, gan páistí, agus ar a laghad duine amháin díobh 65 bliana d’aois nó ní ba shine, sin 1.0%.

Tá an bhochtaineacht chomhsheasmhach níos annaimhe de réir mar a théitear in aois. I measc daoine óga 0-17 mbliana d’aois anuraidh, bhí 8.1% i mbochtaineacht chomhsheasmhach le hais 5.1% de daoine 18-64 bliana d’aois agus 2.3% de dhaoine 65 bliana d’aois nó níos sine.

In 2019, airíodh 13.5% de dhaoine ag maireachtáil i gcóiríocht ar cíos a bheith i mbochtaineacht chomhsheasmhach agus gan ach 1.8% díobh siúd i gcóiríocht úinéir-áitithe a bheith amhlaidh.”

Athrú suntasach ó thaobh staitistice de a bhí sa mhéadú ar ioncam coibhéisithe idir 2018 agus 2019, ach níorbh amhlaidh an cás le hathruithe eile bliantúla luaite sa phreasráiteas seo. Maidir leis an laghdú ar an ráta i mbaol bochtaineachta, chonacthas laghdú suntasach ó thaobh staitistice de idir 2017 agus 2019.

Agus í ag tagairt do shuirbhéanna CSO ar líonta tí as a bhfaightear sonraí de shórt an lae inniu, deir Ms O’Regan leis: “I ndáil ar na treoirlínte sláinte poiblí maidir le COVID-19, ní thagann agallóirí CSO chomh fada leis an teach chun suirbhéanna CSO a dhéanamh le líonta tí roghnaithe. Faoi láthair, cuirtear litreacha mínithe amach sa phost chuig líonta tí chun iarraidh orthu am a dhearbhú leis an CSO chun tabhairt faoi agallamh thar an nguthán. Meabhraím do bhaill an phobal gur tábhachtach na suirbhéanna seo toisc go dtugtar léargas dúinn leo ar staid shóisialta agus gheilleagrach mhuintir na hÉireann ar leibhéal cruinnis nach féidir le haon dream eile a fháil. Má iarrtar oraibh páirt a ghlacadh i suirbhé de chuid an CSO, déan amhlaidh le do thoil. Is tábhachtach dúinn bhur scéalta, agus cuireann siad lenár gcumas scéal na hÉireann a insint.’

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Eva O'Regan (+353) 21 453 5243 nó Kathryn Foskin (+353) 21 453 5302

nó seol ríomhphost chuig icw@cso.ie

-- CRÍOCH --