09 Meitheamh 2020
Breathnaigh ar an eisiúint: Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe NA na hÉireann 2019 - Tuarascáil ar Tháscairí Sprioc 3 Dea-Shláinte agus Folláine [en]
Tá tuarascáil ar ‘Sprioc 3: Dea-Shláinte agus Folláine’ faoin gclár Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (09 Meitheamh 2020). Is é seo an tríú tuarascáil i sraith ón Oifig lena ndéantar tomhas ar dhul chun cinn na hÉireann i gcomhlíonadh a dualgas faoin 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe, clár gnímh idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe. Ar thuarascálacha eile na sraithe go dtí seo bhí ‘Sprioc 1: Deireadh le Bochtaineacht’ agus ‘Sprioc 2: Deireadh le hOcras’.
Déanann Kevin McCormack, Staitisteoir Sinsearach trácht ar an tuarascáil: “Tá sonraí sa tuarascáil seo ar Sprioc 3 maidir le 27 táscaire éagsúla, agus iad rangaithe i 6 caibidil: Breith Clainne, Galair Thógálacha, Básmhaireacht Anabaí, Cúram Sláinte, Comhshaol agus Bonneagar Sláinte.
Déantar scagadh ar shonraí de réir inscne, aoisghrúpa, grúpaí leochaileacha agus láthair thíreolaíoch nuair is féidir. Ceapadh na SFIanna agus na táscairí a bhaineann leo le réimse leathan a chlúdach. Mar gheall air seo, tagann na sonraí maidir le hÉireann ó iliomad foinsí éagsúla: ranna rialtais, gníomhaireachtaí stáit, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tuilleadh nach iad.”
Tá mír eisceachtúil faoin bPaindéim COVID-19 (Coróinvíreas) curtha leis an tuarascáil faoin gcaibidil Galair Thógálacha (Cuspóir SFI 3.3). 25,201 cás deimhnithe COVID-19 agus 1,679 básaithe a raibh COVID-19 orthu in Éirinn de réir mar a bhí tuairiscithe faoin 7 Meitheamh 2020. Ar nós sonraí uile na dtáscairí SFI, tá miondealú ar na sonraí COVID-19 de réir aoise, inscne, grúpaí leochaileacha agus láthair thíreolaíoch, chomh fada agus is féidir.
Tháinig ardú ar thomhaltas alcóil ó 10.5 lítear go 11 lítear an duine idir 2013 agus 2018. De réir Suirbhé Buiséid an Líon Tí na bliana 2015 ón Oifig, costais leighis a bhí i 2.2% den mheánchaiteachas seachtainiúil líon tí. In 2019, ba chaiteoirí gcaiteoirí tobac iad thart ar 19% d’fhir i gcomparáid le 16% de mhná (15+ bliana d’aois). Sa bhliain chéanna, bhí 24.2 oibrí sláinte in aghaidh an míle duine daonra sa stát.
Is é atá sa 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFI) ná sraith cuspóirí forbartha domhanda ar ghlac ballstáit na Náisiún Aontaithe (NA) leo i Meán Fómhair 2015 chun todhchaí níos fearr agus níos inbhuanaithe a bhaint amach do chách. Tá clár oibre faoi bhun na SFIanna ceaptha chun forbairt an domhain a stiúradh go dtí 2030 (Agenda 2030). Tá sé i gceist leis na SFIanna aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear cinn a bhaineann leis an mbochtaineacht, éagothroime, athrú aeráide, díghrádú comhshaoil, síocháin, dlí agus cirt. Tá ról lárnach ag an Oifig i sonraí a aithint, a bhainistiú agus a chur i láthair ionas go mbeifear in ann riachtanais faoi Tháscairí SFI na NA a chomhlíonadh.
Bunaíodh foireann tionscail ar a raibh ionadaithe ón bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSi) agus Environment Systems Research Institute (Esri-Ireland) in Aibreán 2017 chun tabhairt faoi bheart ceaptha ag Rannán Staitisticí na Náisiún Aontaithe (UNSD) agus Esri. Ba é cuspóir an bhirt seo ná cur chuige nuálach a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le monatóireacht ar Tháscairí SFI na NA, ag úsáid córas faisnéise geografaí. Is é toradh an bhirt ná suíomh gréasáin, Mol Sonraí SFIanna na hÉireann https://irelandssdg.geohive.ie/), á óstáil ar ardán an OSi. Tá an suíomh seo ina lárphointe eolais mar gheall ar SFIanna na hÉireann agus sonraí ar fáil ann ar tháscairí na 17 Sprioc uile don stát. Cuirfear na sonraí ar fad ón bhfoilseachán seo leis an Mol Sonraí freisin.
Kevin McCormack (+353) 21 453 5603 nó Mary Smyth (+353) 21 453 5309
nó seol ríomhphost chuig sdg@cso.ie
-- CRÍOCH --