Skip navigation

02 Deireadh Fómhair 2020

Preasráiteas - Tá na foirmeacha don Áireamh Talmhaíochta 2020 le bheith ar ais anois

Ba mhaith leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a mheabhrú d’fheirmeoirí a bhfoirmeacha don Áireamh Talmhaíochta a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais anois, ó tá an spriocdháta imithe. 

Ba mhaith leis an bPríomh-Oifig Staidrimh buíochas a ghabháil leis na mílte feirmeoirí a bhfuil a bhfoirm líonta isteach agus seolta ar ais acu cheana féin. Maidir le feirmeoirí nach bhfuil an t-áireamh comhlánaithe acu fós, beidh litir mheabhrúcháin á fháil acu ón bPríomh-Oifig Staidrimh an tseachtain seo chun é a dhéanamh.

Níor chóir go dtógfadh na freagraí don Áireamh Talmhaíochta ach cúpla nóiméad, toisc go bhfuil an fhoirm laghdaithe go ceithre leathanach. Rinneamar níos éasca é duit an fhoirm a líonadh isteach freisin toisc gur féidir leat an fhoirm le ceithre leathanach a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais sa chlúdach saorphoist a sholáthraíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh nó an ceistneoir a líonadh isteach ar líne.

Faoin Acht Staidrimh 1993, beidh an t-eolas a chuirfidh feirmeoirí ar fáil don Phríomh-Oifig Staidrimh faoi rún daingean agus ní úsáidfear é ach do chúiseanna staidrimh.

Ag labhairt dó faoin Áireamh Talmhaíochta, dúirt staitisteoir na Príomh-Oifige Staidrimh, Cathal Doherty: ‘Eisíodh an ceistneoir don Áireamh Talmhaíochta go luath i mí Mheán Fómhair agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leo siúd go léir a bhfuil a gceistneoir líonta isteach agus curtha ar ais acu. Táimid ag iarraidh ar fheirmeoirí nár chuir an ceistneoir ar ais fós é sin a dhéanamh anois. Tá an rogha agat an fhoirm pháipéir a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais ag baint úsáide as an gclúdach saorphoist nó í a líonadh isteach ar líne ag baint úsáide as do shonraí uathúla do logáil isteach a thiocfaidh sa phost an tseachtain seo.

Bailíodh an tÁireamh Talmhaíochta ar dtús sa bhliain 1847 agus bailítear é gach 10 mbliana chun staitisticí tagarmhairc a sholáthar maidir le líon na bhfeirmeacha in Éirinn agus a struchtúr i dtéarmaí fiontar feirme. Beidh an-luach ar an eolas seo don phobal feirmeoireachta agus is cuid é de chlár ar fud an Aontais Eorpaigh d’áirimh talmhaíochta atá á ndéanamh i mbliana.

Do gach fheirm, tá tábhacht le do rannpháirtíocht san Áireamh Talmhaíochta. Tá do fhreagra san áireamh faoi rún agus ní bhainfear úsáid as ach amháin do chúiseanna staidrimh.’

Ba mhaith leis an bPríomh-Oifig Staidrimh buíochas a ghabháil roimh ré leis na feirmeoirí go léir as a rannpháirtíocht ionchais leis an Áireamh Talmhaíochta agus le suirbhéanna Talmhaíochta eile de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh.

Le haghaidh tuilleadh eolais:

Áireamh 2020

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Cathal Doherty (+353) 21 453 5099

nó seol ríomhphost chuig agri@cso.ie

-- CRÍOCH --