13 Bealtaine 2020
Breathnaigh ar an eisiúint: Éifeachtaí Fostaíochta agus Saoil ag COVID-19 [EN]
Tá torthaí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (13 Bealtaine 2020) maidir le hÉifeachtaí Fostaíochta agus Saoil ag COVID-19.
Déanann Sinéad Bracken, Staitisteoir, trácht ar eisiúint an lae inniu:
“Ó tháinig an phaindéim COVID-19 chun cinn, is iomaí athrú atá tagtha ar an bhfostaíocht agus ar an saol laethúil do mhuintir na hÉireann. San eisiúint seo, tugtar anailís ar athruithe i réimsí oibre agus fostaíochta, folláine mothúchánaí, éifeachta ar chúrsaí airgid, agus tionchair ar theaghlaigh. Cuireadh na ceisteanna ar dhaoine 15 bliana d’aois agus os a cionn.
Tá sciar 47% den phobal a bhfuil tionchar imeartha ag COVID-19 ar a stádas fostaíochta. Ag déanamh miondealú ar an dream seo, tá 34% díobh i mbun cianoibre as an nua ón mbaile, agus tá athrú feicthe ag 23% díobh ar a líon uaireanta oibre. I gcás daoine atá as obair de bharr COVID-19 - lena n-áirítear cailliúintí poist, daoine a ligeadh chun bealaigh go sealadach agus daoine ar saoire íoctha nó neamhíoctha – tá 94% díobh ag súil le dul ar ais chuig an bpost céanna ag deireadh na paindéime.
Le linn an phaindéim COVID-19, tá méadú tagtha ar am dearfach leis an dteaghlach ag 46% de dhaoine 15 bliana d’aois agus os a cionn ar an iomlán. Tá 59% den phobal ag déanamh níos mó teagmhála lena dteaghlach ar an nguthán, Skype, Facetime, nó modhanna eile den sórt sin.
Tá slata éifeachtaí tar éis a bheith ag an bpaindéim ar fholláine mothúchánach an daonra, le imní ar 17% díobh faoi chúrsaí airgid, uaigneas i gcoitinne ar 24% díobh agus imní ar 26% dul ag siopadóireacht. Is ag daoine 65 bliana d’aois agus os a cionn atá an leibhéal imní is mó faoin siopadóireacht.”
Tá torthaí an lae inniu bunaithe ar cheisteanna a cuireadh le babhta Ráithe 2 den Suirbhé ar an Lucht Saothair ar bhonn práinne agus an phaindéim COVID-19 ag teacht chun cinn sa stát. Iarradh ar fhreagróirí faoi athruithe ina stádas fostaíochta, ina saol oibre, agus ina saol laethúil. Tá léargas le fáil ar na bealaí ina bhfuil ar saolta pearsanta, baile agus oibre ag athrú agus an tionchar atá aige seo go léir ar ár bhfolláine.
Tá staitisticí na heisiúna seo bunaithe ar agallaimh le 2,288 duine 15 bliana d’aois nó níos sine a roghnaíodh mar chuid den Suirbhé ar an Lucht Saothair R2 2020. Bailíodh na sonraí sa tréimhse 8 Aibreán 2020 – 23 Aibreán 2020 le hAgallamh Ríomhchuidithe thar an nGuthán. Tá breis eolais faoin modheolaíocht le fáil i nótaí cúlra na heisiúna.
Sinéad Bracken (+353) 21 453 5935 nó Caroline Barrett (+353) 21 453 5485
nó seol ríomhphost chuig health@cso.ie
-- CRÍOCH --