Skip navigation

19 Deireadh Fómhair 2020

Áireamh Talmhaíochta 2020 - Dara Mheabhrúchán

Tá foirmeacha don Áireamh Talmhaíochta 2020 dlite faoin ama seo

Ba mhaith leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a mheabhrú d’fheirmeoirí a bhfoirmeacha don Áireamh Talmhaíochta a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais anois, ó tá an spriocdháta imithe tharainn. 

Gabhann an Oifig buíochas leis na mílte feirmeoirí a bhfuil a bhfoirm líonta isteach agus seolta ar ais acu cheana féin. Maidir le feirmeoirí nach bhfuil an t-áireamh comhlánaithe acu fós, beidh litir mheabhrúcháin agus foirm ionaid á fháil acu ón Oifig an tseachtain seo chun amhlaidh a dhéanamh.

Ní thógann na freagraí don Áireamh Talmhaíochta ach cúpla nóiméad, gan ach ceithre leathanach san fhoirm ghiorraithe i mbliana. Tá sé níos éasca duit an fhoirm a líonadh isteach freisin, leis an rogha chun leas a bhaint as an bhfoirm chlóite, as an gceistneoir ar líne nó glaoch a chur orainn chun do fhreagraí a thaifeadadh. I gcás go mbeadh ceisteanna agat, cabhair uait, nó fonn ort do fhreagraí a thabhairt ó bhéal cuir glaoch ar 1890 924 990.

De réir mar a dearbhaítear faoin Acht Staidrimh, 1993, beidh an t-eolas a chuirfidh feirmeoirí ar fáil don Oifig faoi rún daingean agus ní úsáidfear é ach chun críocha staidrimh.

Ag labhairt dó faoin Áireamh Talmhaíochta, deir Cathal Doherty, Staitisteoir: ‘Eisíodh an ceistneoir don Áireamh Talmhaíochta go luath i mí Mheán Fómhair agus táimid buíoch dóibh siúd a bhfuil ceistneoir comhlánaithe curtha faoinár mbráid acu. Táimid ag iarraidh ar fheirmeoirí nár chuir an ceistneoir ar ais go fóill é sin a dhéanamh anois. Tá an rogha agat an fhoirm chlóite a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais ag baint úsáide as an gclúdach saorphoist, glaoch a chur orainn, nó do fhreagraí a thabhairt ar líne ag baint úsáide as do shonraí logála isteach a thiocfaidh sa phost an tseachtain seo.

Bailíodh an tÁireamh Talmhaíochta ar dtús sa bhliain 1847 agus bailítear é gach 10 mbliana ar na linne seo chun staitisticí tagarmhairc a sholáthar maidir le líon na bhfeirmeacha in Éirinn agus a struchtúr i dtéarmaí fiontar feirme. Beidh an-luach ar an eolas seo don lucht feirmeoireachta agus is cuid é de chlár ar fud an Aontais Eorpaigh d’áirimh talmhaíochta atá á ndéanamh i mbliana.

Tá tábhacht le rannpháirtíocht gach aon fheirm san Áireamh Talmhaíochta. Fanfaidh do fhreagraí ar an Áireamh faoi rún agus ní bhainfear úsáid astu ach chun críocha staidrimh amháin.’

Ba mhaith leis an bPríomh-Oifig Staidrimh buíochas a ghabháil roimh ré leis na feirmeoirí go léir as a rannpháirtíocht ionchais leis an Áireamh Talmhaíochta agus le suirbhéanna Talmhaíochta eile de chuid na hOifige.

 

Féach chomh maith:

Cáipéisí agus Cúlra an Áireamh Talmhaíochta 2020

 

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Cathal Doherty (+353) 21 453 5099

nó seol ríomhphost chuig agri@cso.ie

-- CRÍOCH --