Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

13 Bealtaine 2020

Staitisticí Aerthaistil agus Muirthaistil Márta 2020

Titim 56.7% i dtaisteal chun na hÉireann mí Márta 2020
  • Laghdú 831,000 (56.7%) ar líon na bpaisinéirí ag taisteal chun na hÉireann i Márta 2020
  • Laghdú 834,500 ar líon na bpaisinéirí amach

Breathnaigh ar an eisiúint: Staitisticí Aerthaistil agus Muirthaistil, Márta 2020 [EN]

Tá an chéad eagrán d'eisiúint nua mhíosúil foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (13 Bealtaine 2020) maidir le Staitisticí Aerthaistil agus Muirthaistil. Tá an eisiúint seo tugtha isteach chun roinnt sonraí faoi phaisinéirí isteach agus amach as an stát a chur ar fáil in éagmais na suirbhéanna míosúla turasóireachta. Chuir an CSO bailiú na suirbhéanna turasóireachta ag aerfoirt agus calafoirt ar fionraí i mí Márta de bharr na géarchéime COVID-19. Tá figiúirí na heisiúna nua seo bunaithe ar eolas curtha ar fáil ag údaráis aerfoirt agus ag oibritheoirí seirbhísí farantóireachta.

Déanann Gregg Patrick, Staitisteoir, trácht ar an eisiúint nua seo:

"Léirítear dúinn sna figiúirí seo gur titim suntasach a tháinig ar thaisteal idirnáisiúnta le linn mí Márta. I Márta 2019, tháinig 1,465,900 paisinéir san iomlán ón iasacht chun na hÉireann. Bhí seo tite go 635,000 paisinéir i Márta 2020, ionann le laghdú 56.7%.

Sa chéad trí mhí den mbliain 2020, feictear titim 20.2% ar líon na bpaisinéirí ag taisteal chun na hÉireann le hais na tréimhse chéanna in 2019. Bhí an líon paisinéirí amach as an stát idir Eanáir agus Márta 20.7% níos ísle in 2020 ná mar a bhí in 2019.

Tá miondealú le fáil i bhfigiúirí an lae inniu de réir bealaigh. B'iad bealaí thar Sruth na Maoile (a bhformhór mór díobh idir Éire agus an Bhreatain Mhóir) na cinn is tábhachtaí maidir le trácht paisinéirí. Ar na bealaí seo a tháinig 273,100 duine i dtír agus as ar fhág 258,900 duine i Márta 2020. Is ionann na figiúirí seo agus sciar 55.4% agus 57.1% faoi seach den líon paisinéirí a thaisteal sa mhí chéanna in 2019.

Is ar bhealaí na mór-roinne a tháinig 271,900 duine i dtír agus as ar fhág 258,900 duine i Márta 2020, thart ar 60% níos ísle ná figiúirí Márta 2019.

Is í an Spáinn an tír is tábhachtaí ar an mór-roinn mar a bhaineann sé le trácht paisinéirí, as sin a tháinig 67,600 duine i dtír in Éirnn agus a raibh mar ceann scríbe ag 50,600 paisinéir amach i Márta 2020. Ba laghduithe 50.7% agus 63.4% faoi seach iad seo i gcomparáid le Márta 2019. Bhí titim 88% ar an líon paisinéirí ag dul chun na hIodáile agus ag teacht ón tír sin i mbliana le hais Márta 2019.

Bhí titim suntasach chomh maith ar thrácht paisinéirí ar aerbhealaí trasatlantacha. Bhain móramh mór an taistil thrasatlantaigh le Stáit Aontaithe Meiriceá. É sin ráite, ní raibh ach 54,400 paisinéir a tháinig go hÉireann ó SAM agus 54,600 paisinéir a d'imigh as Éirinn go SAM i Márta 2020. B'ionann sin agus laghduithe 59.1% agus 56.8% faoi seach le hais Márta 2019."

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Gregg Patrick (+353) 21 453 5202 nó James Mahon (+353) 21 453 5463

nó seol ríomhphost chuig tourism@cso.ie

-- CRÍOCH --