Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

19 Feabhra 2019

Suirbhé ar an Lucht Saothair Ráithe 4 2018

  • Méadú 2.3% nó 50,500 tagtha ar fhostaíocht - suas go 2,281,300 - sa bhliain go R4 2018
  • Laghdú 10.5% nó 15,200 tagtha ar dhífhostaíocht - síos go 128,800 - sa bhliain go R4 2018
  • 5.7% ab ea an ráta dífhostaíochta, coigeartaithe de réir séasúir, agus é gan athrú idir R3 2018 agus R4 2018
  • Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair Ráithe 4 2018 [EN]

    Tá torthaí an tSuirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) maidir le Ráithe 4 2018 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (19 Feabhra 2019). Tháinig an suirbhé seo in ionad an tSuirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh (QNHS) ó thosach R3 2017.

    Agus é ag caint faoi eisiúint an lae inniu, dúirt Jim Dalton, Staitisteoir: “Is é an SLS an foinse oifigiúil sonraí maidir le fostaíocht agus dífhostaíocht in Éirinn. Taispeántar sna príomhthorthaí go raibh 2,281,300 duine fostaithe san iomlán in R4 2018. Méadú 2.3% nó 50,500 é seo i gcomparáid leis an ráithe chéanna in 2017. Má choigeartaítear an méid seo de réir tosca séasúracha, tháinig méadú 0.4% nó 8,300 ar fhostaíocht i gcomparáid le R3 2018.

    Bhí 128,800 duine dífhostaithe in R4 2018 agus ba laghdú 10.5% nó 15,200 é seo i gcomparáid le R4 2017. Má choigeartaítear an méid seo de réir séasúir níl aon athrú tagtha ar an ráta dífhostaíochta ag 5.7% le linn na ráithe agus tháinig mionmhéadú go 135,900 ar an líon daoine dífhostaithe, coigeartaithe de réir séasúir

    Ba ionann dífhostaíocht fhadtéarmach, téarma a thagraíonn do dhaoine atá dífhostaithe ar feadh bliana amháin nó níos mó, agus 38.9% den líon daoine iomlán a bhí dífhostaithe in R4 2018.

    Is é 2,410,100 an líon iomlán daoine sa lucht saothair faoin am seo, sin R4 2018. Ardú 1.5% nó 35,300 é seo ó R4 2017. Is é 1,467,000 an líon daoine nach bhfuil sa lucht saothair. Ardú 1.6% nó 23,600 é seo i gcomparáid leis an am céanna an bhliain roimhe.

    I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

    Jim Dalton (+353) 21 453 5623 nó Martina O'Callaghan (+353) 21 453 5491

    nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie

    -- CRÍOCH --