21 Bealtaine 2019
Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair Ráithe 1 2019 [EN]
Tá torthaí an tSuirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) maidir le Ráithe 1 2019 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (21 Bealtaine 2019). Tháinig an suirbhé seo in ionad an tSuirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh (QNHS) ó thús R3 2017.
Agus é ag caint faoi eisiúint an lae inniu, dúirt Jim Dalton, Staitisteoir: “Is é an SLS an foinse oifigiúil sonraí maidir le fostaíocht agus dífhostaíocht in Éirinn. Taispeántar sna príomhthorthaí go raibh 2,301,900 duine fostaithe san iomlán in R1 2019. Méadú 3.7% nó 81,200 é seo i gcomparáid leis an ráithe chéanna in 2018. Nuair a choigeartaítear an méid seo de réir tosca séasúracha, tháinig méadú 1.5% nó 35,200 ar fhostaíocht i gcomparáid le R4 2018.
Bhí 114,400 daoine dífhostaithe in R1 2019 agus ba laghdú 14.0% nó 18,600 é seo i gcomparáid le R1 2018. Nuair a choigeartaítear an méid seo de réir séasúir bhí laghdú ar an ráta dífhostaíochta ó 5.6% go 5.0% le linn na ráithe agus laghdú 14,300 ar an líon daoine dífhostaithe, coigeartaithe de réir séasúir, síos go 120,300.
Ba ionann dífhostaíocht fhadtéarmach, téarma a thagraíonn do dhaoine atá dífhostaithe ar feadh bliana nó níos mó, agus 35.7% den líon daoine iomlán a bhí dífhostaithe in R1 2019.
Is é 2,416,300 an líon iomlán daoine sa lucht saothair faoin am seo. Ardú 2.7% nó 62,600 an méid sin ó R1 2018. Is é 1,480,200 an líon daoine nach bhfuil sa lucht saothair. Ardú 0.7% nó 9,900 é seo i gcomparáid leis an am céanna an bhliain roimhe.”
Jim Dalton (+353) 21 453 5623 nó Martina O'Callaghan (+353) 21 453 5491
nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie
-- CRÍOCH --