Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

10 Aibreán 2019

Póstaí 2018

Aois an phósta ag ardú i gcónaí - meánaois 34.4 bliana i measc brídeoga agus 36.4 bliana i measc fear nuaphósta
  • Searmanais Chaitlicigh Rómhánaigh a bhí i mbeagnach leath de phóstaí heitrighnéasacha, sin 49.2%
  • Pósadh sibhialta ab ea rogha os cionn aon cheathrú de lánúineacha heitrighnéasacha, sin 28.7%
  • 40.1 bliain ab ea meánaois na bhfear i bpósadh comhghnéis agus 38.7 mbliana ab ea figiúr na mban
  • Meitheamh, Iúil agus Lúnasa ab iad na míonna ab ansa le daoine pósadh

Breathnaigh ar an eisiúint: Póstaí 2018 [EN]

Tá Póstaí 2018 foilsithe inniu (10 Aibreán 2019) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), ag baint leas as sonraí tiomsaithe ó fhoirmeacha cláraithe pósta go léir in Éirinn sa bhliain 2018. Agus í ag tagairt don tuarascáil seo, dúirt Carol Anne Hennessy, Staitisteoir: “Bhí 21,053 phósadh in Éirinn in 2018, lena n-áirítear 664 phósadh comhghnéis. Is ionann seo agus ráta pósta garbh de 4.3 in aghaidh gach 1,000 duine daonra.

36.4 bliana ab ea meánaois na bhfear nuaphósta i bpósadh heitrighnéasach, an figiúr ab airde riamh. É sin ráite, bhí fir i lánúin comhghnéis a raibh bainis acu anuraidh níos sine, ar an meán, ag 40.1 bliain. Feictear bearna aoise níos mó i measc ban; 34.4 bliana ab ea meánaois na mbrídeog i bpósadh heitrighnéasach in 2018 agus figiúr comhionann de 38.7 mbliana a bhí ann do mhná i bpósadh comhghnéis.

Ní haon iontas é gurbh iad Meitheamh, Iúil agus Lúnasa, sa samhradh, na míonna ab ansa le lánúineacha chun pósadh. Níor fheil sé ach don líon is lú daoine dul faoi chuing an phósta i mí Eanáir nó Feabhra.

Do lánúineacha heitrighnéasacha, b’iad Aoine agus Satharn rogha na coitianta i gcomhair bainis. Bhí an tóir ba mhó pósta ar Aoine i measc lánúineacha comhghnéis. B’iad Domhnach agus Luan na laethanta b’annamha chun pósadh do gach duine fós.

Tá líon na lánúineacha a roghnaíonn searmanas Daonnachach nó searmanas Spioradaithe ag dul i méid. Phioc 1,766 lánúin heitrighnéasacha agus 121 lánúin comhghnéis searmanas Daonnachach in 2018, agus shocraigh 1,341 lánúin heitrighnéasacha agus 89 lánúin comhghnéis searmanas Chumann Spiroadaithe na hÉireann a bheith acu.

Searmanais shibhialta a bhí in mbeagnach dhá trian de phóstaí comhghnéis (62.8%) agus roghnaigh níos mó ná aon cheathrú (28.7%) de lánúineacha heitrighnéasacha an cineál searmanais céanna.

Searmanas Caitliceach Rómhánach a bhí ag an líon is mó lánúineacha heitrighnéasacha, sin é 10,027 díobh.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Carol Anne Hennessy (+353) 21 453 5307 nó Marie Crowley (+353) 21 453 5016

nó seol ríomhphost chuig vitalstats@cso.ie

-- CRÍOCH --