27 Samhain 2019
Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála 2018 [EN]
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) torthaí inniu (28 Samhain 2019) ón Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) i leith 2018, mar aon le torthaí inchomparáide do bhlianta roimhe sin.
Ag tagairt do thuarascáil an lae inniu, dúirt Eva O’Regan, Staitisteoir: “Is é an suirbhé SILC a chuirtear ar líonta tí an fhoinse oifigiúil sonraí ar ioncam an líon tí agus ioncam aonair. Ina theannta sin, is as SILC a soláthraítear roinnt táscairí lárnacha náisiúnta i leith na bochtaineachta, amhail an ráta i mbaol bochtaineachta, an ráta díothachta forghníomhaí agus an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí.
Léirítear sna príomhthorthaí go raibh ioncam airmheánach bliantúil indiúscartha de €42,865 ag líonta tí in 2018, méadú 8.5% ar an bhfigiúr €39,499 a taifeadadh do 2017. B’ionann meánioncam bliantúil indiúscartha an líon tí agus €51,458 in 2018, sin méadú 6.2% ar an bhfigiúr comhfhreagrach €48,476 in 2017.
Slat tomhais ar ioncam an líon tí is ea ioncam coibhéisithe lena dtugtar san áireamh na difríochtaí méid agus comhdhéanaimh idir líonta tí. Bhí ioncam airmheánach coibhéisithe de €22,872 in 2018, ardú 9.6% ar an líon €20,869 a bhí ann in 2017. B’ionann an meánioncam coibhéisithe agus €26,766 in 2018, méadú 7.1% ar an suim €24,983 a taifeadadh in 2017.
Tugtar léargas leis an suirbhé chomh maith ar an mbochtaineacht in Éirinn. Sheas an ráta i mbaol bochtaineachta - sin é an sciar daoine a raibh ioncam faoi bhun 60% den ioncam airmheánach náisiúnta acu - ag 14.0% anuraidh i gcomparáid le 15.7% sa bhliain 2017.
Sainítear díothacht forghníomhach mar líon tí gan a bheith in ann íoc as dhá chineál riachtanas saoil nó níos mó, mar shampla an baile a choinneáil te a dhóthain nó bronntanais a cheannach do ghaolta/cairde ar a laghad uair sa bhliain. Chonacthas laghdú ar an gcéatadán daoine a meastar a bheith ag fulaingt díothachta forghníomhaí go 15.1% in 2018, thíos ó 18.8% in 2017.
B’iad na cineálacha ba choitianta díothachta a d’imir tionchar ar líonta tí na hÉireann ná gan a bheith in ann troscán seanchaite a athrú (17.8%), íoc as gaolta nó cairde a óstáil i gcomhar béile nó deoch uair sa mhí (11.7%) nó íoc as dul amach i gcomhar maidin, tráthnóna nó oíche le coicís (10.3%).
Ar deireadh, bhí ráta bochtaineachta comhsheasmhaí de 5.6% ann anuraidh, thíos ón ráta 6.7% sa bhliain 2017. Áirítear sa ráta seo daoine a sainítear a bheith i mbaol bochtaineachta agus ag fulaingt díothacht fhorghníomhach araon.”
Athruithe suntasacha ó thaobh staitistice de a bhí sna méaduithe ar ioncam a luaitear thuas, mar aon leis an laghdú ar dhíothacht forghníomhach. I gcás na laghduithe bliantúla ar an ráta i mbaol bochtaineachta agus an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí, ní raibh siad seo suntasach ó thaobh staitistice de. É sin ráite, nuair a chuirtear figiúirí 2018 i gcomparáid le 2016, tá na laghduithe ar an dá ráta seo suntasach ó thaobh staitistice de thar tréimhse dhá bhliain.
Eva O'Regan (+353) 21 453 5243 nó Kathryn Foskin (+353) 21 453 5302
nó seol ríomhphost chuig iws@cso.ie
-- CRÍOCH --