Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

14 Feabhra 2019

Dul chun cinn na hÉireann a thomhas 2017

Méadú breis is aon trian ar an líon daoine 65 bliana d'aois agus níos sine idir 2008 agus 2018
  • Ag Éirinn a bhí an dara ráta ab airde de chéimithe Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM) timpeall an AE in 2016
  • Praghsanna in Éirinn 25.4% níos airde ná meánleibhéal an AE agus ar na ceathrú cinn ab airde san Aontas in 2017
  • 69.8 mbliana ab ea an t-ionchas saoil shláintiúil tráth breithe ag baineannaigh in Éirinn sa bhliain 2016, an tríú ráta ab airde trasna an AE. 67.3 mbliana ab ea an figiúr d’fhireannaigh in Éirinn, an cúigiú ráta ab airde san AE
  • Titim 64.1% tagtha ar an méid dramhaíl a cuireadh chuig líonadh talún in Éirinn, síos ó 1.98 milliún tonna go 0.71 millún

Breathnaigh ar an eisiúint: Dul chun cinn na hÉireann a thomhas 2017 [en]

Tá an foilseachán Dul chun cinn na hÉireann a thomhas 2017 eisithe inniu (14 Feabhra 2019) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tá os cionn seasca táscaire san bhfoilseachán seo as a dtugtar léargas ar treochtaí suntasacha i sochaí na hÉireann agus, ina theannta sin, as ar féidir comparáidí a dhéanamh thar tréimhsí ama nó lenár gcomharsana san Eoraip.

Agus é ag tagairt d’fhoilseachán an lae inniu, dúirt Declan Smyth, Staitisteoir Sinsearach: “Rugadh beagán le cois aon trian, sin 36.6%, de leanaí in Éirinn lasmuigh den phósadh in 2016, níos lú ná an meánsciar de 42.6% san AE. Sa bhliain chéanna, bhí an tríú ráta torthúlachta ab airde ag Éirinn i measc bhallstáit an AE, le 1.81. Mar sin féin, bhí ráta torthúlachta gach ballstát níos lú ná an ráta teoiriciúil malartaithe de 2.1.

Tháinig méadú 39.2% ar an líon daoine 65 bliana d'aois idir 2008 agus 2018, ionann le 189,700 duine breise.

In 2017, bhí praghsanna in Éirinn 25.4% níos airde ná meánleibhéal an AE agus ar na ceathrú cinn ab airde i measc bhallstáit an Aontais, ag teacht sna sála ar an Danmhairg, ar Lucsamburg agus ar an Sualainn.

Thit an méid dramhaíola a cuireadh chuig líonadh talún in Éirinn 64.1% idir 2006 agus 2016, ag laghdú ó 1.98 milliún tonna go 0.71 milliún. Cuireadh díreach os cionn aon cheathrú, sin 25.7%, de dhramhaíl bhardais chuig líonadh talún sa stát in 2016, níos mó ná meánsciar an AE de 24.4%.

Bhí 439 ngluaisteán paisinéara in aghaidh 1,000 daoine cónaithe in Éirinn in 2016, an cúigiú ráta ab ísle san AE. Is in Lucsamburg a bhí an líon ab airde gluaisteán in aghaidh 1,000 daoine cónaithe, sin 662, agus is san Ungáir a bhí an líon ba lú, díreach 338 ceann.

In 2016, bhí sárú 0.4% de ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa a gineadh in Éirinn ar an uasmhéid a leagadh síos i bPrótacal Kyoto. B’é sin an chéad bhliain ó 2008 gur sáraíodh an uasmhéid sin.

Is in Éirinn a bhí an dara ráta ab airde de chéimithe Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice, nó ETIM, trasna an AE in 2016. Sheas an sciar de chéimithe sna hábhair staidéir seo ag 28.9 in aghaidh 1,000 daoine in aois 20-29 sa stát. Meánsciar de 19.1 in aghaidh an 1,000 a bhí ann san AE. In 2017, bhí oideachas tríú leibhéal curtha i gcrích ag breis is leath, sin 50.5%, den daonra in aois 25-34 in Éirinn, an tríú ráta ab airde san AE trí chéile.

69.8 mbliana is ea an t-ionchas saoil shláintiúil tráth breithe ag cailíní a saolaíodh in Éirinn in 2016, an tríú ráta is airde san AE agus 5.6 bliana os cionn mheánfhigiúr an Aontais. 67.3 mbliana is ea an t-ionchas saoil shláintiúil ag buachaillí Éireannacha in 2016, an cúigiú ráta is airde san AE agus 3.8 bliana sa bhreis ar ionchas meánach an AE.

Meastar go gcaithfidh cailíní a saolaíodh in 2016 in Éirinn 16.5% ar an meán dá n-ionchais saoil i ndrochshláinte, an ceathrú ráta is ísle san AE. Is san Fhionlainn atá an ráta is airde, áit a gceaptar go gcaithfidh cailíní nuabheirthe na bliana 2016 sciar 32.5% den saol agus an tsláinte go dona acu. Is féidir a bheith ag súil mbeidh drochshláinte ag dul do bhuachaillí a rugadh in 2016 in Éirinn ar feadh 16.0% den saol, an ceathrú ráta is ísle san AE. I gcás buachaillí na hOstaire, na hEastóine, na Laitvia, na Slóivéine agus na Fionlainne, meastar go mbeidh an tsláinte go dona acu ar feadh aon cheathrú dá n-ionchas saoil.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Amélie Maddock (+353) 1 498 4283 nó Declan Smyth (+353) 1 498 4228

nó seol ríomhphost chuig sscu@cso.ie

-- CRÍOCH --