Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

07 Feabhra 2019

Críochnú Aonad Cónaithe Nua - Ráithe 4 2018

Críochnaíodh 18,072 aonad cónaithe nua sa bhliain 2018, méadú 25% ar iomlán 2017
  • Tithe scéime a bhí i sé cinn as gach deich n-aonad cónaithe nua anuraidh, an sciar ab airde ó thús na sraithe sonraí in 2011
  • Tithe singile a bhí in 26% d’aonaid chónaithe nuachríochnaithe agus árasáin a bhí in 13% díobh
  • I gceantair Bhaile Átha Cliath agus an Lár-Oirthir a tógadh 60% d’aonaid chónaithe nuachríochnaithe
  • Innéacs Mheánmhéid Aonad Cónaithe Nua in eisiúint an lae inniu
  • Titim beagnach 5% ar mheánmhéid aonad cónaithe nua idir 2017 agus 2018

Breathnaigh ar an eisiúint: Críochnú Aonad Cónaithe Nua R4 2018 [en]

Tá figiúirí eisithe inniu (7 Feabhra 2019) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) maidir le críochnú aonad cónaithe nua i gceathrú ráithe na bliana 2018.

Agus í ag trácht ar sonraí na heisiúna, dúirt Laura Flannelly, Staitisteoir: “Sa cheathrú ráithe de 2018, críochnaíodh 5,522 aonad cónaithe nua, i gcomparáid le 4,567 n-aonad in R4 2017, ionann le méadú 21%. Leis an méid sin san áireamh, bhí 18,072 aonad nua críochnaithe san iomlán in 2018, méadú 25% ar iomlán 2017.

Líon 11,001 teach scéime nua a críochnaíodh in 2018, i gcomparáid le 7,916 theach in 2017, méadú 39%. Ba thithe scéime iad 61% d’aonaid chónaithe nua go léir in 2018, an sciar is mó riamh sa tsraith sonraí a théann siar go 2011. Tithe singile a bhí in 26% d’aonad cónaithe nua in 2018, an sciar is lú ó thús na sraithe, agus árasáin a bhí sa 13% eile d’aonaid chónaithe nua sa bhliain.

Críochnaíodh 799 n-aonad cónaithe nua i mBaile Átha Cliath 15, an oiread is mó in aon cheantar Éirchóid sa stát.

Foilsítear táscaire breise in eisiúint an lae inniu den chéad uair; Innéacs Mheánmhéid Aonad Cónaithe Nua. Táthar tar éis é seo a fhorbairt ag baint leas as sonraí Bhord Soláthair an Leictreachais (BSL) ar cheangail cónaithe leictreachais agus iad a nascadh le sonraí measúnaithe Rátálacha Fuinnimh Foirgneamh (BER) de chuid Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). Tá toirt an innéacs 26% níos lú in 2018 ná an leibhéal is mó, a bhí ann sa bhliain 2012. Tá méadú tagtha ar sciar na tithe scéime mar chuid d'iomlán na n-aonad cónaithe nua ó 2012 i leith, agus ísliú leanúnach tagtha ar mheánmhéid aonad cónaithe nua dá bharr

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Laura Flannelly (+353) 1 498 4230 nó Hannah Heeran (+353) 1 498 4293

nó seol ríomhphost chuig sscu@cso.ie

-- CRÍOCH --