Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

25 Márta 2019

Coireacht Thaifeadta Ráithe 4 2018 - Staitisticí faoi Fhorchoimeádas

Méaduithe i móramh na ngrúpaí coireachta sna 12 mhí go deireadh R4 2018
  • Méadú is mó le feiceáil i gcionta calaoise, ar 18.4%
  • Ardú tagtha ar chionta robála (11.3%) agus cionta gnéis (10.3%)
  • Titim ar an líon cionta dúnbhásaithe (-10.8%), buirgléireachta (-11.5%) agus damáiste choiriúil (-7.2%)
  • Staitisticí Coireachta Taifeadta fós aicmithe mar Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

Breathnaigh ar an eisiúint: Coireacht Thaifeadta Ráithe 4 2018 - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas [EN]

Tá na staitisticí Coireachta Taifeadta is déanaí foilsithe inniu (25 Márta 2019) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.

Tugtar staitisticí in eisiúint an lae inniu, Coireacht Thaifeadta Ráithe 4 2018, maidir leis an mbliain iomlán 2018 agus tá sonraí do bhlianta roimhe sin luaite chomh maith. Táthar á bhfoilsiú faoin aicmiú Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas, mar an gcéanna le eisiúintí eile le tamall anuas. Cruthaíodh an t-aicmiú seo chun imní a léiriú i dtaobh cáilíochta na sonraí bunúsacha as stór sonraí PULSE an Gharda Síochána.

In 2018, tháinig ardú 18.4% ar an líon cionta calaoise. Ina theannta sin, lean an fás i gcionta robála (+11.3%) agus cionta gnéis (+10.3%) anuraidh. Chonacthas laghdú ar an líon dúnbhásuithe (-10.8%), buirgléireacht (-11.5%) agus cionta damáiste choiriúil (-7.2%) sa bhliain 2018, i gcomparáid le 2017.

Agus é ag trácht eisiúint an lae inniu, dúirt Sam Scriven, Staitisteoir “Le foilsiú na staitisticí Coireachta Taifeadta is déanaí seo, cuirtear an tomhas is fearr is féidir ar fáil maidir le coireanna tuairiscithe in Éirinn agus, ag an am céanna, cuirtear úsáideoirí ar an eolas go bhfuil ábhair buairimh ag an Oifig go fóill maidir le cáilíocht na sonraí bunúsacha. Feictear méadú sna staitisticí i dtuairisciú cionta calaoise agus cionta gnéis anuraidh. Sa tréimhse céanna, tháinig titim ar líon na gcionta buirgléireachta agus gadaíochta, cé go raibh ardú ar an líon robálaithe tuairiscithe.

Tá sé mar rún ag an bPríomh-Oifig Staidrimh staitisticí a fhoilsiú i rith Aibreán 2019 maidir le híospartaigh i gcoireanna tromchúiseacha ar nós dúnbhásuithe, ionsaithe agus cionta gnéis. Tagann foilsiú na staitisticí seo de thoradh éileamh nach beag ó úsáideoirí chun a leithéid de eolais a chur ar fáil. San anailís ar íospartaigh breathnófar ar thréithe ar nós inscne íospartaigh, aois ar tharla cion den chéad uair agus an achar ama idir an cion féin tarlú agus é a bheith tuairiscithe don Gharda Síochána. Ar an mbealach seo, cuirfear comhthéacs ar fáil maidir le thuairisciú na cineálacha cionta seo in Éirinn.

 

Eolas cúlra:
Ceisteanna Coitianta - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

 

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Sam Scriven (+353) 21 453 5276 nó Olive Loughnan (+353) 21 453 5281

nó seol ríomhphost chuig crime@cso.ie

-- CRÍOCH --