Skip navigation

02 Meán Fómhair 2019

Bua ag daltaí Éireannacha ar ardán an domhain i gcomórtas Staitistiúil idirnáisiúnta

  • An bua faighte ag Aisling Barry agus Katrin Birk, daltaí ó Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan i gContae Chorcaí, i gcatagóir na sinsear de chomórtas póstaeir an Chláir Idirnáisiúnta don Litearthacht Staitistiúil (ISLP) lena n-iontráil faoi chruinneas tuar na haimsire chun teocht a mheas
  • Thug Kate Bagnall agus Bobbi Beattie, a fhreastalaíonn ar Scoil Ospidéal an Rí i mBaile Átha Cliath, an chéad áit leo i gcatagóir na sóisear lena bpóstaer faoi athruithe úsáide teanga i scríbhneoireacht daltaí na hÉireann thar na blianta
  • Breathnaigh ar an eisiúint: Comórtas John Hooper - Torthaí 2019

    Tá éiríthe le ceathrar daltaí baineanna Éireannacha agus a n-iontrálacha roghnaithe mar na cinn is fearr ar domhan ag moltóirí ag an gComhdháil Domhanda Staidrimh le déanaí in Kuala Lumpur na Malaeisia. Tháinig an dá fhoireann daltaí seo sa chéad áit i gcatagóirí na sóisear agus na sinsear araon de chomórtas póstaeir an Chláir Idirnáisiúnta don Litearthacht Staitistiúil (ISLP). Comórtas é seo a reáchtálann Cumann Idirnáisiúnta an Oideachais Staitistiúil (IASE) i gcomhair leis an ISLP gach ré bliain. Mheall an comórtas póstaeir seo iontrálacha ó breis is 15,000 dalta, as 37 dtír éagsúla as gach cearn den domhan, lena n-áirítear Éire, Stáit Aontaithe, an tSeapáin, an Chóiré Theas, an Nua-Shéalainn, an Astráil agus tíortha fud fad na hEorpa.

    Ag tagairt do na torthaí comórtais, dúirt Aisling Leavy, comhordaitheoir náisiúnta an ISLP in Éirinn: “Gaisce amach is amach atá sa dá bhua seo, agus is é seo an chéad uair riamh gur bhuaigh dhá fhoireann ón dtír chéanna sa dá chatagóir ó bunaíodh an chomórtas.

    Bhí an lámh in uachtar ag Aisling Barry agus Katrin Birk, daltaí ó Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan i gContae Chorcaí, i gcatagóir na sinsear lena bpóstaer faoin aimsir ‘A Statistical Analysis of the Accuracy of 5-day Forecasts in Predicting Hot vs Cold Temperatures’. Tá ráite ag a múinteoir mata, Stephen McLoughlin, go bhfuil ríméad air faoi rathúlacht na gcailíní. Tháinig foirne as an bPolainn agus an Rúis sa dara agus sa tríú háit faoi seach.

    Chomh maith leis an bua i gcomórtas ISLP, bhí rath ar an mbeirt dalta as Droichead na Bandan i gcomórtas náisiúnta na hÉireann i mí Márta. Thug siad an chéad áit, Bonn Staidrimh John Hooper agus duaischiste €1,600 leo, as ar bronnadh €1,000 ar an scoil agus €600 ar na daltaí féin.

    Lena gceart a thabhairt dóibh, is ag Kate Bagnall agus Bobbi Beattie, a fhreastalaíonn ar Scoil Ospidéal an Rí i mBaile Átha Cliath, a bhí an bua i gcatagóir na sóisear den chomórtas ISLP. Rinne á múinteoir Ciaran O’Connor maoirseacht ar an tionscal. Arís eile, is gaisce suntasach é seo do na daltaí óga as Baile Átha Cliath an lámh in uachtar a fháil ar na hiontrálacha is fearr ar domhan. Tháinig daltaí as an mBulgáir agus ón gCóiré Theas sa dara agus tríú háit faoi seach, agus tugadh moladh ar leith d’fhoireann na Spáinne as a n-iontráil i gcatagóir na sóisear.

    Faigheann an dá iontráil bhuacacha, sóisear agus sinsear, sa chomórtas ISLP duais €450 araon.

    Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a reáchtálann comórtas póstaeir Bhonn Staidrimh John Hooper in Éirinn, thuaidh agus theas. Socraíonn sí chomh maith an próiseas roghnúcháin do na póstaeir Éireannacha a chuirtear ar aghaidh don chomórtas ISLP.

    Tá foireann na hOifige fíorshásta do na daltaí seo as a ngaiscíocht.

    Leag Maria Hurley, Ard-Stiúrthóir Cúnta an CSO i bhfeighil ar an gcomórtas John Hooper, béim ar a thábhachtaí is atá an éacht seo ag daltaí Éireannacha. Lena chois sin, mhol Ard-Stiúrthóir an CSO, Pádraig Daltún, na daltaí as a n-iarrachtaí ó thús deireadh agus na gradaim seo á bhuachan acu. Is mór a léiríonn a ngaiscí caighdeán ard na n-iontrálacha sa chomórtas náisiúnta freisin, dar leis.

    Is féidir teacht ar na póstaeir bhuacacha agus sonraí breise faoin gcomórtas idirnáisiúnta ar shuíomh gréasáin an IASE:

    https://iase-web.org/islp/Poster_Competition_2018-2019.php

    Chomh maith leis na daltaí rannpháirteacha, is mian leis an CSO buíochas a ghabháil leis na tuismitheoirí, múinteoirí agus scoileanna a spreag agus a thacaigh leis na daltaí go léir a chuir isteach ar chomórtas John Hooper. Tá an CSO faoi chomaoin ag Tionscal Mata, SFGM - Teicneolaíocht san Oideachas, an Roinn Oideachais agus Scileanna, Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann as a dtacaíocht leanúnach leis an gcomórtas. Ina theannta sin, is mian linn buíochas a ghabháil leis na moltóirí deonacha agus ár gcomhghleacaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta a thugann tacaíocht don chomórtas póstaeir Bhonn Staidrimh John Hooper agus a chomhionann idirnáisiúnta, an comórtas póstaeir ISLP.

    Chun teacht ar an t-eolas is déanaí faoi chomórtas John Hooper 2019-2020, féach:

    Comórtas Bhonn Staidrimh John Hooper

    I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

    Emmet Ó Fatharta (+353) 21 453 5017 nó Aonad Eolais (+353) 21 453 5679

    nó seol ríomhphost chuig eolas@cso.ie

    -- CRÍOCH --