Skip navigation

17 Deireadh Fómhair 2019

Bliainiris Staidrimh 2019

In 2018, b’ionann an líon 13.0 milliún paisinéir a thaistil amach go dtí an RA nó isteach uaidh agus 35.8% d’iomlán na bpaisinéirí ar eitiltí idirnáisiúnta a chuaigh trí phríomhaerfoirt na hÉireann
  • Ghin líonta tí 21.9% d’astaíochtaí gas ceaptha teasa sa bhliain 2017 agus d’íoc siad as 58% d’iomlán na gcánacha comhshaoil in 2018
  • In 2017, ba é €929.01 an meánioncam indiúscartha seachtainiúil, , méadú 4.7% ar an mbliain roimhe. Bhí meánioncam indiúscartha an duine de €478.78, méadú 5.5%
  • Is i mBaile Átha Cliath a bhí an oiread is mó aonad cónaithe nuathógtha, le 6,907. Astu sin, ba tithe scéime iad 4,884 agus b’árasáin iad 1746. Bhí níos lú ná céad aonad tógtha i Liatroim (67) agus an Longfort (66)
  • Is é SAM comhpháirtí easpórtála is mó na hÉireann, áit a ndeachaigh luach €39,268 milliún d’earraí in 2018, ionann le 28% d’onnmhairí iomlán an Stáit
  • Is í an Bhreatain Mhór an soláthróir is mó allmhairí d’Éirinn. In 2018, glacadh isteach luach €18,424 milliún d’earraí uaithi, ionann le 20% d’earraí iompórtálaithe an Stáit

Daoine

Cén cur amach atá agat ar do chontae?

Tugtar cur síos ar ábhair suime ó Dhaonáireamh 2016 inár ngrafaicí contae. I measc na míreanna eolais i mbliana, tá miondealú daonra de réir Stádas Pósta, Modh Comaitéireachta, Náisiúntacht, Úinéireacht Baile, Sláinte agus Teangacha a Labhraítear ag an mBaile seachas Gaeilge nó Béarla.

Sa rannóg Imeachtaí Saoil tugtar sonraí ag leibhéal an chontae faoi ócáidí tábhachtacha amhail breitheanna (ainmneacha leanaí san áireamh), póstaí (meánaois na bpáirtithe san áireamh) agus básanna ar léarscáil idirghníomhach d’Éirinn. Is féidir na hainmneacha is coitianta sa stát a chur i gcomparáid leis na cinn ó thuaidh ach breathnú ar Iarscríbhinn 1 – Tuaisceart Éireann (Daoine agus Sochaí).

 

Sochaí

Bhí 1,838,100 duine i bhfostaíocht lánaimseartha le linn Ráithe 2 2019 agus líon 462,000 i bhfostaíocht pháirtaimseartha ag an am sin.

Le linn 2018, cailleadh 4,050 lá do dhíospóidí tionsclaíocha. Lena hais sin, cailleadh 50,191 lá in 2017 agus 71,647 lá in 2016.

Faoin scéim Seirbhísí Ginearálta Leighis (SGL), thug 3,005 dochtúir teaghlaigh cúram d’othair in 2017, i gcomparáid le 2,413 dochtúir teaghlaigh in 2013.

Tá aonaid chónaithe a tógadh sa tréimhse 2015-2019 i bhfad níos tíosaí ar fhuinneamh ná cinn atá níos sine. Tugadh rátáil “A” ar 97% d’aonaid chónaithe nuathógtha sna blianta sin, i gcomparáid le 36% d’aonaid a tógadh sa tréimhse 2010-2014 agus 1% d’aonaid a tógadh idir 2005 agus 2009.

De réir suirbhé a cuireadh in R1 2019, luaigh breis is aon trian (34.1%) de dhaoine a ndearnadh leithcheal orthu go raibh Aois ábhartha don iompar sin. Thug 21.9% díobh le fios gur ar bhonn Cine/Dath craicinn/Grúpa eitneach/Náisiúntacht a bhí a leithéid déanta agus dúirt 18.6% gur bhain an leithcheal le hInscne.

Bhí céim tríú leibhéal ag ceathrar as gach deichniúr duine (40.1%) idir 15 agus 64 bliana d’aois in 2019.

In 2017, rangaíodh sciar 18.8% den daonra a bheith ‘i ndíothacht forghníomhaí’, sin é gan a bheith in acmhainn íoc as dhá riachtanas saoil nó níos mó.

 

Gnó

Chonacthas méadú ar thoirt miondíolacháin i mbeagnach gach earnáil gnó in 2018 le hais na bliana roimhe. Méadú bliantúil 17.8% a bhí i gceist ar mhiondíolachán Earraí leictreacha amháin.

Tógadh 18,016 aonad cónaithe nua in 2018, méadú 25.3% ar an líon 14,373 aonad a tógadh in 2017.

Sa bhliain 2016, bhí luach €702 billiún ar an ngeilleagar gnó in Éirinn, le 288,761 fiontar ann agus líon 1,543,927 duine fostaithe acu sin.

Bhí láimhdeachas breis is €192 billiún ag fiontair ilnáisiúnta Éireannacha thar lear in 2016, agus sciar 58% den luach sin ginte ag cleamhnaithe sna Stáit Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe le chéile. Bhí breis is 856,000 duine fostaithe ag fiontair ilnáisiúnta Éireannacha thar lear, 36% díobh i gcleamhnaithe SAM agus RA.

In 2019, bhí cathaoirleach mná ag díreach 7% de Bhoird Stiúrthóirí ar fhiontair mhóra in Éirinn. Ar an iomlán, fir a bhí i 80% de chomhaltaí Bhoird Stiúrthóirí agus mná a bhí sa 20% eile.

 

Geilleagar

Tháinig méadú 8.2% ar an Olltáirgeacht Intíre (OTI) ag praghsanna tairiseacha in 2018, agus méadú 6.5% ar an Olltáirgeacht Náisiúnta (OTN).

Is í an Bheilg an margadh easpórtála is mó d’Éirinn san Aontas Eorpach, ionann le luach €18,246 milliún d’earraí in 2018.

Sa bhliain chéanna, b’ionann iompórtálacha ó SAM agus €16,962 milliún. Ba mhéadú 46,040 milliún, nó 55%, é sin ó 2015.

Idir 2008 agus 2018, taifeadadh ardú 18.2% ar an meánphraghas náisiúnta i gcomhair peitril gan luaidhe, ag dul ó €1,21 go €1.43 an lítear sa tréimhse sin. Ba é an buaicphraghas ná €1.63 an lítear in 2012. Ardú 6.3% a chonacthas ar an meánphraghas náisiúnta díosail, ag dul ó €1.26 go €1.34 an lítear, le buaicphraghas in 2012 chomh maith de €1.56 an lítear.

Tháinig méadú 3.5% ar mheántuilleamh seachtainiúil go €757.21 i Ráithe 4 2018. Bhí éagsúlacht i meántuilleamh seachtainiúil idir earnálacha lárnacha an gheilleagair, é chomh hard le €1,168.50 san earnáil Faisnéis agus Cumarsáid agus chomh híseal le €354.96 san earnáil Gníomhaíochtaí lóistín agus seirbhísí bia.

 

Turasóireacht agus Taisteal

In 2018, rinne daoine le cónaí i dtíortha agus dlínsí eile 10.6 milliún cuairt ar Éirinn i gcomparáid le 9.9 milliún cuairt in 2017, méadú bliantúil 6.9%.

Rinne cónaitheoirí SAM agus Ceanada beagnach 2.4 milliún cuairt go hÉirinn in 2018, méadú 13.4% ar 2017.

Bhí an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann fós ar an gceantar is mó trádála do chalafoirt na hÉireann, b’ionann gníomhaíocht leo agus dhá chúigiú (40.0%) d’earraí láimhseálaithe ag calafoirt in 2018. Lena hais sin, tharla breis is aon trian (34.1%) de thrádáil muirí leis an gcuid eile den AE.

 

Talmhaíocht agus Iascaireacht

Titim 34% nó 139,000 tonna a tháinig ar bharr na bprátaí in 2018, síos go 273,000 tonna.

Bhí ba déiríochta, 378,200 bó déiríochta i gContae Chorcaí in 2018, an oiread ba mhó sa stát. Is i gContae Liatroma a bhí an líon ba lú, agus díreach 2,000 ceann inti.

 

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Preas-Oifig (+353) 21 453 5036

nó seol ríomhphost chuig eolas@cso.ie

-- CRÍOCH --