26 Meitheamh 2019
Breathnaigh ar an eisiúint: Atitimeachas Promhaidh, Cohóirt 2011 agus 2012 [EN]
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) eisiúint inniu (26 Meitheamh 2019) maidir le Atitimeachas Promhaidh do chohóirt 2011 agus 2012. Táthar á bhfoilsiú faoin aicmiú Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas. Cruthaíodh an t-aicmiú seo chun imní a léiriú i dtaobh cáilíochta na sonraí bunúsacha as stór sonraí PULSE an Gharda Síochána.
Tá laghdú tagtha ar an leibhéal athchiontaithe ó bhuaicphointe 54.6% sa chohórt 2008 go 46.9% sa chohórt 2012. Ba mhó an seans athchiontaithe ag daoine a gearradh tréimhse promhaidh orthu as damáiste réadmhaoine (59.6%) agus as cionta gadaíochta (57.9%). Bhí an leibhéal atitimeachais níos lú i gcás iad siúd a gearradh Ordú Seirbhíse Pobail orthu (42.3%) ná Ordú Promhaidh (52.3%). Ag teacht le tréimhsí roimhe seo, tá seans ag daoine faoi 18 mbliana dhá oiread níos mó ná daoine os cionn 45 bliana.
Tá leasuithe san fhoilseachán seo ar shonraí a foilsíodh roimhe seo maidir leo siúd a gearradh tréimhse promhaidh orthu idir 2008 agus 2010. Bhí gá leis na leasuithe ar shonraí foilsithe roimhe de bharr feabhsuithe modheolaíochta agus i bhfianaise earráid próiseála a aithníodh agus a ceartaíodh ó shin.
Ag déanamh trácht ar na sonraí Atitimeachas Promhaidh is déanaí, dúirt Olive Loughnane, Staitisteoir: “Tugtar faisnéis san fhoilseachán seo maidir leis an leibhéal athchiontaithe de chiontóirí a cuireadh faoi mhaoirseacht Sheirbhís Phromhaidh na hÉireann. Aicmítear ciontóir mar athchiontóir i gcás dóibh a bheith ciontaithe as cion a dhéanamh laistigh de thrí bliana ó dháta a gcéad p(h)ionóis. Is gá don ciontú sin teacht faoi cheann dhá bhliain den eachtra a bheith tarlaithe. I gcás ciontóir a gearradh tréimhse promhaidh orthu an 31 Nollaig 2012, mar shampla, ba ghá don eachtra coiriúil tarlú roimh an 31 Nollaig 2015 agus iad a fháil ciontach i leith an eachtra sin ar nó roimh an 31 Nollaig 2017.
Olive Loughnane (+353) 21 453 5281 nó Sam Scriven (+353) 21 453 5276
nó seol ríomhphost chuig crime@cso.ie
-- CRÍOCH --