Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

31 Deireadh Fómhair 2018

Tuarascáil Bhliantúil um Staitisticí Beatha 2016

An líon breitheanna ag titim i gcónaí, ag laghdú 15.1% ó bhí 2010 ann
  • Meánaois na máithreacha ag dul in airde go fóill ag sroichint 32.7 bliana in 2016
  • Os cionn aon trian (36.6%) de bhreitheanna in 2016 lasmuigh den phósadh/páirtnéireacht sibhialta
  • Breitheanna do mháithreacha ar déagóirí iad laghdaithe faoina leath in imeacht 10 mbliana
  • Galair imshruthaithe agus ailse na cúiseanna báis is mó in Éirinn
  • Fireannaigh ab iad ceathrar as gach cúigear de dhaoine féinmharaithe in 2016

Breathnaigh ar an eisiúint: Tuarascáil Bhliaintúil um Staitisticí Beatha 2016 [EN]

Tá an Tuarascáil Bhliantúil um Staitisticí Beatha 2016 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (31 Deireadh Fómhair 2018).

Ag tagairt don tuarascáil, dúirt Carol Anne Hennessy, Staitisteoir: “Tá líon na mbreitheanna tite 15.1% ón mbliain 2010, nó 2.6% ón mbliain 2015. Bhí 63,841 bheobhreith in Éirinn in 2016; 32,709 mbuachaill agus 31,132 chailín. Tá iomlán na mbeobhreitheanna in 2016 2.4% níos ísle ná mar a bhí deich mbliana roimhe, in 2006, tráth inar tháinig 65,425 leanbh ar an saol.

“32.7 bliana ab ea meánaois na máithreacha i mbreitheanna 2016. Máithreacha faoi 30 bliain a bheir 27.7% de leanaí in 2016, laghdaithe ón sciar 39.5% a bheir máithreacha den aoischatagóir sin deich mbliana roimhe. Bhí 1,101 bhreith ag máithreacha faoi 20 bliain in 2016, titim 52.8% ón líon 2,335 leanaí a saolaíodh do mháithreacha ar an aois chéanna in 2006.

“In 2016, rugadh níos mó ná duine as gach triúr leanbh (36.6%) lasmuigh den phósadh nó den pháirtnéireacht shibhialta. 30 bliain roimhe sin, b’amhlaidh an cás le 9.6% de bhreitheanna.

“Le 25 bliana anuas, tá fás suntasach tagtha ar an ráta breithe cúplaí ó 11.7 sa bhliain 1991 go 19.0 in 2016. Sa bhliain sin bhí líon 1,215 ilbhreith, astu sin rugadh 1,189 bpéire cúplaí, 24 thrírín agus 2 cheathrairín.

“Fuair 30,667 duine bás in Éirinn sa bhliain 2016, méadú 540 ar an mbliain roimhe. Galair imshruthaithe ba chúis le 9,237 mbás nó 30.7% den iomlán, bhain neoplasmaí urchóideacha de 9,171 duine a cailleadh, ionann le 29.9% den iomlán, agus tharla 3,935 bhás nó 12.8% den iomlán de bharr galair a bhain leis an gcóras riospráide.

In 2016, féinmharú ba chúis le os cionn 1.4% (437) de bhásanna, agus fireannaigh ab iad ceathrar as gach cúigear díobh seo (350). Cailleadh 194 leanbh faoi aon bhliain d’aois in 2016 a d’fhág ráta báis naíonán de 3.0 bhás in aghaidh 1,000 beobhreith i gcomparáid le ráta 3.4 in 2015. Tharla os cionn aon trian (37.6%) de bhásanna naíonán sa chéad lá tar éis an bhreith agus tharla 59.8% faoi cheann seachtaine. Anchuma ó bhroinn, míchuma ó bhroinn nó mínormáltacht chrómasómach ba chúis le 39.7% de bhásanna naíonáin agus riochtaí áirithe a thosaigh sa tréimhse imbhreithe ba chúis le 44.8% díobh in 2016.

“Tugtar básanna nuabheirthe ar básanna a bhaineann de naíonáin faoi 4 seachtaine d’aois. Taifeadadh 147 mbás nuabheirthe in 2016, ráta báis nuabheirthe de 2.3 bhreith in aghaidh 1,000 beobhreith. Sa bhliain chéanna, bhí méadú nádúrtha (breitheanna lúide básanna) de 33,174, laghdú 6.3% ar fhigiúr na bliana 2015. In 2006, bhí méadú nádúrtha de 36,937 ann, 11.3% níos mó ná figiúr na bliana 2016.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Carol Anne Hennessy (+353) 21 453 5307 nó Marie Crowley (+353) 21 453 5016

nó seol ríomhphost chuig vitalstats@cso.ie

-- CRÍOCH --