Skip navigation

14 Márta 2018

Suirbhé ar an Lucht Saothair Ráithe 4 2017

  • Méadú 3.1% nó 66,800 tagtha ar fhostaíocht, suas go 2,231,000 sa bhliain go R4 2017
  • Laghdú 14.0% nó 23,400 tagtha ar dhífhostaíocht, síos go 144,100 sa bhliain go R4 2017
  • Laghdú ar an ráta dífhostaíochta, coigeartaithe de réir séasúir, ó 6.7% i R3 2017 go 6.4% i R4 2017
  • Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair Ráithe 4 2017 [EN]

    Tá torthaí an tSuirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) maidir le R4 2017 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (14 Márta 2018). Tháinig an suirbhé seo in ionad an tSuirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh (QNHS) ó thosach R3 2017.

    Leis an suirbhé nua seo tugadh isteach Agallóireacht Ríomhchuidithe Teileafóin, ceistneoir athdheartha agus feabhsuithe ar an modheolaíocht suirbhéireachta.

    Agus é ag caint faoi eisiúint an lae inniu, dúirt Jim Dalton, Staitisteoir: “Is é an SLS an foinse oifigiúil sonraí maidir le fostaíocht agus dífhostaíocht in Éirinn. Taispeántar sna príomhthorthaí go raibh 2,231,000 duine fostaithe san iomlán i R4 2017. Méadú 3.1% nó 66,800 é seo i gcomparáid leis an ráithe chéanna in 2016. Má choigeartaítear an méid seo de réir tosca séasúracha, tháinig méadú 1.3% nó 29,000 ar fhostaíocht i gcomparáid le R3 2017.

    “Bhí 144,100 duine dífhostaithe i R4 2017 agus ba laghdú 14.0% nó 23,400 é seo i gcomparáid le R4 2016. Má choigeartaítear an méid seo de réir séasúir bhí laghdú ar an ráta dífhostaíochta ó 6.7% go 6.4% le linn na ráithe agus 151,500 ab ea an líon daoine dífhostaithe, coigeartaithe de réir séasúir.

    “Ba ionann dífhostaíocht fhadtéarmach, téarma a thagraíonn do dhaoine atá dífhostaithe ar feadh bliana amháin nó níos mó, agus 40.3% den líon daoine iomlán a bhí dífhostaithe i R4 2017.

    “Is é 2,375,200 an líon iomlán daoine sa lucht saothair faoin am seo. Ardú 1.9% nó 43,400 é seo ó R4 2016. Is é 1,443,000 an líon daoine nach bhfuil sa lucht saothair. Ardú 0.7% nó 10,700 é seo i gcomparáid leis an am seo an bhliain seo caite.”

     

    Breathanaigh ar: Fógra Eolais - Suirbhé ar an Lucht Saothair Ráithe 4 2017 [EN]

    Príomhthorthaí Ráithe 4 2017Athrú bliantúil
    Fostaithe2,231,000 +66,800
    Dífhostaithe144,100-23,400
    Sa Lucht Saothair2,375,200 +43,400
    Níl sa Lucht Saothair1,443,000 +10,700
    I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

    Jim Dalton (+353) 21 453 5623 nó Martina O' Callaghan (+353) 21 453 5491

    nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie

    -- CRÍOCH --