16 Eanáir 2018
Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair Ráithe 3 2017 [EN]
Tá torthaí an tSuirbhé nua ar an Lucht Saothair (SLS) maidir le R3 2017 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (16ú Eanáir 2018). Tháinig an suirbhé seo in ionad an tSuirbhé Ráithiúil Náisiúnta Theaghlaigh (QNHS) ó thosach R3 2017.
Leis an suirbhé nua seo tugadh isteach Agallóireacht Ríomhchuidithe Teileafóin, ceistneoir athdheartha agus feabhsuithe ar an modheolaíocht suirbhéireachta.
Sna torthaí a chuirtear i láthair sa tuairisc seo cuimsítear coigeartuithe ar shraith sonraí an tSuirbhé Ráithiúil Náisiúnta Theaghlaigh chun leasuithe ar mheastacháin daonra a tháinig chun cinn ó Dhaonáireamh 2016 chomh maith le coigeartú chun an leibhéal sa Suirbhé ar an Lucht Saothair nua a ghlacadh san áireamh.
Agus é ag caint faoin tuairisc dúirt an Staitisteoir Jim Dalton: “Tá an Suirbhé ar an Lucht Saothair tagtha in ionad an tSuirbhé Ráithiúil Náisiúnta Theaghlaigh mar fhoinse oifigiúil sonraí faoi fhostaíocht agus dífhostaíocht in Éirinn.
Taispeánann na príomhthorthaí go raibh 2,206,800 duine san iomlán fostaithe i R3 2017. Méadú 2.2% nó 48,100 é seo i gcomparáid leis an ráithe céanna in 2016. Má choigeartaítear an méid seo de réir tosca séasúracha tháinig méadú 0.5% nó 10,300 ar fhostaíocht i gcomparáid le R2 2017.
Bhí 163,500 duine dífhostaithe i R3 2017 agus ba laghdú 18.6% nó 37,400 é seo i gcomparáid le R3 2016. Má choigeartaítear an méid seo de réir séasúir d’fhan an ráta dífhostaíochta ag 6.7% thar an ráithe agus ba é 156,400 an líon daoine dífhostaithe tar éis coigeartú de réir séasúir a bheith déanta.
Ba ionann dífhostaíocht fhadtéarmach, téarma a thagraíonn do dhaoine atá dífhostaithe ar feadh bliana amháin nó níos mó, agus 40.0% den líon daoine iomlán a bhí dífhostaithe i R3 2017, i gcomparáid le 49.5% bliain roimhe sin.
Is é 2,370,400 an líon iomlán daoine sa lucht saothair faoin am seo. Ardú 0.5% nó 10,700 é seo ó R3 2016. Is é 1,428,400 an líon daoine nach bhfuil sa lucht saothair. Ardú 2.8% nó 38,400 é seo i gcomparáid leis an am seo an bhliain seo caite.”
Féach nóta eolais ar leith a ghabhann leis an bpreaseisiúint seo chun tuilleadh sonraí a fháil ar an athrú ón Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta Teaghlaigh (QNHS) chuig an Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS), leasuithe ar mheastacháin daonra agus feabhsuithe ar mhodheolaíocht suirbhéireachta a mbaintear úsáid aisti san SLS.
Breathanaigh ar: Fógra Eolais - Suirbhé ar an Lucht Saothair Ráithe 3 2017 [EN]
Príomhthorthaí | Ráithe 3 2017 | Athrú bliantúil |
Fostaithe | 2,206,800 | +48,100 |
Dífhostaithe | 163,500 | -37,400 |
Sa Lucht Saothair | 2,370,400 | +10,700 |
Níl sa Lucht Saothair | 1,428,400 | +38,400 |
Jim Dalton (+353) 21 453 5623 nó Martina O' Callaghan (+353) 21 453 5491
nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie
-- CRÍOCH --