Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

28 Lúnasa 2018

Suirbhé ar an Lucht Saothair, Ráithe 2 2018

  • Méadú 3.4% nó 74,100 tagtha ar fhostaíocht - suas go 2,255,000 - sa bhliain go R2 2018
  • Laghdú 10.1% nó 16,200 tagtha ar dhífhostaíocht - síos go 144,300 - sa bhliain go R2 2018
  • Laghdú ar an ráta dífhostaíochta, coigeartaithe de réir séasúir, ó 5.9% in R1 2018 go 5.8% in R2 2018
  • Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair Ráithe 2 2018 [EN]

    Tá torthaí an tSuirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) maidir le Ráithe 2 2018 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (28 Lúnasa 2018). Tháinig an suirbhé seo in ionad an tSuirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh (QNHS) ó thosach R3 2017.

    Agus é ag caint faoi eisiúint an lae inniu, dúirt Brian Ring, Staitisteoir Sinsearach: “Is é an SLS an foinse oifigiúil sonraí maidir le fostaíocht agus dífhostaíocht in Éirinn. Taispeántar sna príomhthorthaí go raibh 2,255,000 duine fostaithe san iomlán in R2 2018. Méadú 3.4% nó 74,100 é seo i gcomparáid leis an ráithe chéanna in 2017. Má choigeartaítear an méid seo de réir tosca séasúracha, tháinig méadú 0.8% nó 17,300 ar fhostaíocht i gcomparáid le R1 2018.

    “Bhí 144,300 duine dífhostaithe in R2 2018 agus ba laghdú 10.1% nó 16,200 é seo i gcomparáid le R2 2017. Má choigeartaítear an méid seo de réir séasúir bhí laghdú ar an ráta dífhostaíochta ó 5.9% go 5.8% le linn na ráithe agus 139,300 ab ea an líon daoine dífhostaithe, coigeartaithe de réir séasúir.

    “Ba ionann dífhostaíocht fhadtéarmach, téarma a thagraíonn do dhaoine atá dífhostaithe ar feadh bliana amháin nó níos mó, agus 33.9% den líon daoine iomlán a bhí dífhostaithe in R2 2018.

    “Is é 2,399,300 an líon iomlán daoine sa lucht saothair faoin am seo. Ardú 2.5% nó 57,900 é seo ó R2 2017. Is é 1,448,900 an líon daoine nach bhfuil sa lucht saothair. Ardú 0.3% nó 4,900 é seo i gcomparáid leis an am céanna an bhliain roimhe.”

    Nóta maidir le Tuaradh na Meastachán Míosúla Dífhostaíochta

    San eisiúint Dífhostaíochta Míosúil a foilsíodh an 31 Iúil, thuar an Phríomh-Oifig Staidrimh ráta measta dífhostaíochta míosúil de 5.1% do mhí Iúil 2018. Is ar thorthaí an SLS a bhunaítear na meastacháin tuartha sin, agus le foilsiú na torthaí do R2 2018 tá ráta leasaithe de 5.9% luaite do mhí Iúil 2018.

    I gcás míonna nach bhfuil sonraí dífhostaíochta ráithiúla ar fáil dóibh go fóill, déantar meastachán míosúil a thuar, bunaithe ar shonraí míosúla an Bheochláir. Gan meastacháin SLS do Ráithe 2 a bheith ar fáil, úsáideadh an mhodheolaíocht seo chun teacht ar an ráta measta 5.1% do mhí Iúil.

    Déantar an tsraith sonraí míosúil a leasú gach ráithe nuair a bhíonn sonraí ráithiúla úra ar fáil, agus is iad sonraí nua-fhoilsithe do R2 is cúis le leasú an ráta go 5.9%. Tá an cur chuige ilchodach seo ag teacht le dea-chleachtas idirnáisiúnta ach is féidir leasuithe teacht ar shonraí tuartha dá dheasca. Tá a leithéid le brath ach go háirithe i gcás na leibhéil dífhostaíochta réasúnta íseal san am i láthair, óir nach gcloíonn athruithe ar an mBeochlár go díreach le dearbhathruithe beaga i leibhéil dífhostaíochta an SLS.

    I bhfianaise méid na leasuithe le déanaí ar an ráta dífhostaíochta míosúla, tá an Phríomh-Oifig Staidreamh ag ullmhú athbhreithniú ar an modheolaíocht reatha a úsáidtear chun na meastacháin seo a thuar. Tabharfar san áireamh, go háirithe, athruithe ar gá a dhéanamh agus an geilleagar ag dul i dtreo fostaíocht iomlán. Saineolaithe modheolaíochta na hOifige a bheas i bhfeighil ar an athbhreithniú seo agus tá sé beartaithe oibriú le saineolaithe in Institiúidí Staitistiúla Náisiúnta eile mar chuid den phróiseas.

    Nótaí d'Eagarthóirí:

    Féach an Nóta Faisnéise [EN]

    I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

    Jim Dalton (+353) 21 453 5623 nó Martina O' Callaghan (+353) 21 453 5491

    nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie

    -- CRÍOCH --