Skip navigation

10 Eanáir 2018

Folláine na Tíre 2017

  • Méadú ar mheánlíon blianta sláinte ó 66.9 bliana in 2014 go 67.3 bliana in 2015
  • Ráta dífhostaíochta tite ó 9.8% in 2015 go 8.6% in 2016
  • Rannpháirtíocht spóirt (15+ bliana d’aois) laghdaithe ó 47.2% den daonra in 2013 go 45% in 2015
  • Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Folláine na Tíre 2017 [EN] inniu (10ú Eanáir 2018). Tá sí mar aidhm leis an bhfoilseachán nua seo meon daoine faoina saol a thomhais.

    Ag trácht air, dúirt an Staitisteoir Damien Lenihan, “tá iarracht á dhéanamh leis an bhfoilseachán seo folláine mhuintir na tíre a mheas, ag breathnú ar go leor nithe éagsúla a imríonn tionchar air sin. Ina measc siúd tá dálaí geilleagracha na tíre, sláinte an daonra agus gnóthachtáil san oideachas.”

    Tá os cionn 30 táscaire san iomlán a bhaineann le hocht réimse den tsochaí i bhfoilseachán an lae inniu. Is roinnt de na príomhthorthaí a eascraíonn as iad na fíricí a leanas:

    • Meánfhiachas teaghlaigh tar éis titim ó luach €93,900 sa bhliain 2014 go €87,900 in 2015
    • Céatadán seasta 41% den aoisghrúpa 25-64 bliana le cáilíocht tríú leibhéal idir 2015 agus 2016
    • Ardú 81% ar an líon daoine gan dídean ar oíche daonáirimh idir 2011 agus 2016, ó líon 3,808 nduine go 6,906 duine
    • Méadú ar an gcéatadán de dhaoine fásta ar dhóigh leo gur fadhb an-dáiríre í an choiriúlacht in Éirinn ó 46% sa bhliain 2006 go 49% in 2010

     

    Chuir an tUasal Lenihan lena ráiteas: “Is pointe tosaigh atá againn leis an bhfoilseachán seo chun folláine a thomhais, agus déanfar a thuilleadh forbartha sa réimse seo sna blianta beaga amach romhainn.”

    I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

    Damien Lenihan (+353) 21 453 5424 nó Paul M Crowley (+353) 21 453 5090

    nó seol ríomhphost chuig health@cso.ie

    -- CRÍOCH --