Skip navigation

01 Bealtaine 2018

Dul chun cinn na hÉireann a thomhas 2016

Laghdú 70% ar dhramhaíl a cuireadh chuig líonadh talún idir 2004 agus 2014
  • Ísliú aon cheathrú ar dhramhaíl bhardais in aghaidh an duine in Éirinn idir 2004 agus 2014
  • Gar do dhuine as gach seisear 18-24 bliana d’aois gan a bheith i bhfostaíocht nó in oideachas agus oiliúint
  • In Éirinn a bhí an sciar ab airde céimithe Matamaitice, Eolaíochta agus Teicneolaíochta (STEM) trasna an AE in 2015
  • An tríú leibhéal ionchas saoil sláinte is airde ag Éirinn san AE, d’fhir agus do mhná
  • 436 ghluaisteán paisinéirí in aghaidh gach 1,000 duine in Éirinn sa mbliain 2015 - níos lú ná meánlíon an AE

Breathnaigh ar an eisiúint: Dul chun cinn na hÉireann a thomhas 2016 [EN]

Tá ‘Dul chun cinn na hÉireann a thomhas 2016’ foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (1 Bealtaine 2018). Ag déanamh trácht ar an tuarascáil, dúirt Helen Cahill, Staitisteoir: "Chonacthas laghdú 70% ar an méid dramhaíola a cuireadh chuig líonadh talún in Éirinn idir 2004 agus 2014, é tite ó líon 1,818.5 míle tonna go 536.5 míle tonna.

“Cuireadh díreach os cionn aon chúigiú (20.5%) de dhramhaíl bhardais chuig líonadh talún in Éirinn sa mbliain 2014, níos lú ná an meánleibhéal de 24.4% san AE. Tá éagsúlacht leathan ar an sciar líonadh talún i measc ballstáit an AE, é faoi bhun 1% sa tSualainn agus sa Bheilg (áiteanna ina bhfuil rátaí arda athchúrsála agus loiscthe) agus os cionn 80% i Málta agus sa Ghréig.

“Tháinig titim aon cheathrú ar an méid dramhaíola bhardais ginte in aghaidh an duine sa tír seo sa tréimhse 2004-2014, é tite ó 750kg go 564kg.

“In 2016, bhí gar do dhuine as gach seisear (15.9%) in aois 18-24 bliana in Éirinn nach raibh i bhfostaíocht nó in oideachas agus oiliúint, rud a dtugtar an ráta NEET air. Ba é meánráta NEET an AE ná 15.2%, leis an ráta ab ísle san Ísiltír, ar 6.1%, agus an ráta ab airde san Iodáil, ar 26%.

“Is in Éirinn a bhí an sciar ba mhó de chéimithe Matamaitice, Eolaíochta agus Teicneolaíochta (STEM) san AE sa mbliain 2015. B’ionann céimithe sna disciplín seo agus 31.5 as gach 1,000 duine den aois 20-29 mbliana in Éirinn, é sin i gcomparáid le 19.1 as gach 1,000 san AE, ar an meán.

“Sa mbliain 2015 in Éirinn, sheas blianta sláintiúla saoil baineannach, tráth a mbreithe, ag 67.9 mbliana; an tríú ráta ab airde san AE agus 4.6 bliana os cionn meánráta na mballstát uile. Sheas ráta comhionann na bhfireannach in Éirinn in 2015 ag 66.6 bliana agus é mar an tríú ráta ab airde san Aontas, sin 4 bliana os cionn an meánráta AE.

“Meastar go mbeidh drochshláinte ag fireannaigh Éireannacha ar feadh díreach faoi bhun 16% dá ionchas saoil, an ceathrú ráta is ísle san AE. Cuirfidh drochshláinte as d’fhireannaigh na hOstaire, na hEastóine, na Laitvia, na Cróite, na Portaingéile agus na Slóvaice beagnach aon cheathrú dá saolta. I gcás baineannaigh Éireannacha, feictear go mbeidh drochshláinte acu beagnach 19% dá saolta, an ceathrú ráta is ísle san AE chomh maith. Feictear go gcaithfidh baineannaigh san Fhionlainn agus sa Phortaingéil gar d’aon trian dá saolta i ndrochshláinte.

“In 2015, bhí 436 ghluaisteán paisinéirí in aghaidh gach 1,000 cónaitheoir in Éirinn, líon níos lú ná meán an AE. Is ag Lucsamburg a bhí an líon ab airde in aghaidh gach 1,000 cónaitheoir (661) agus bhí an líon ab ísle ag an Rómáin (261).”

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Helen Cahill (+353) 1 498 4253 nó Rosaleen White (+353) 21 453 5014

nó seol ríomhphost chuig eolas@cso.ie