Skip navigation

18 Meán Fómhair 2018

Preasráiteas: Daonáireamh 2016 Náisiúntachtaí Coigríocha ina gCónaí in Éirinn

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tuarascáil inniu (Dé Máirt an 18 Meán Fómhair) bunaithe ar thorthaí Dhaonáireamh 2016 - “Náisiúntachtaí Coigríocha ina gCónaí in Éirinn” - atá dírithe ar an deich náisiúntacht neamh-Éireannach is mó de réir líon daonra sa Stát.

In Aibreán 2016, bhí 535,475 náisiúnach coigríocha ina gcónaí in Éirinn. Ba laghdú 1.6% é sin ar fhigiúr dhaonáireamh 2011 de 544,357 duine. Is ionann daoine de bhunaidh deich náisiúntacht agus 70% de náisiúnaigh choigríocha sa tír. Ba náisiúnaigh de chuid na Polainne (122,515 duine) an grúpa ba mhó agus náisiúnaigh de chuid na Gearmáine (11,531 duine) an grúpa ba lú den deich ngrúpa a bhí i gceist.

Agus é ag labhairt faoin tuarascáil, dúirt Cormac Halpin, Staitisteoir Sinsearach: “Ceann de na buntáistí is mó ata le sonraí daonáirimh ná an fhaisnéis a fhaighimid faoi ghrúpaí aonair den a bhfuil daonra na hÉireann comhdhéanta. Leagtar amach sa tuarascáil seo an deich náisiúntacht neamh-Éireannach is mó atá ina gcónaí in Éirinn agus féachtar ar gach ceann díobh i dtaobh an áit a bhfuil cónaí orthu, próifíl aoise, oideachas, cumas teanga, tithíocht, sláinte ghinearálta, obair agus slite beatha”.

Tá fáil ar thuarascáil an lae inniu ar shuíomh gréasáin na hOifige anseo: Náisiúntachtaí Coigríocha ina gCónaí in Éirinn 2016 [EN]

 

Buaicphointí ó Náisiúntachtaí Coigríocha ina gCónaí in Éirinn

Méadú agus laghdú

Tháinig laghdú ar líon na náisiúnach as an Ríocht Aontaithe, as an bPolainn, as an Liotuáin agus as an Laitvia a raibh cónaí orthu in Éirinn idir na blianta 2011 agus 2016.   I measc náisiúnaigh na Spáinne, na Rómáine, agus na Brasaíle a bhí an méadú ba mhó. Tháinig méadú 78% ó 6,794 duine go 12,112 duine ar náisiúnaigh as an Spáinn sa tír idir 2011 agus 2016, an céatadán ba mhó méadú de na náisiúntachtaí a bhí faoi thrácht. Tháinig méadú 69% ar phobal na Rómáine ó 17,304 to 29,186 duine sa tréimhse chéanna, b’shin an méadú ba mhó i méid daonra.

Áiteanna cónaithe

I gcathair agus bruachbhailte Bhaile Átha Cliath a bhí an dlús ba mhó de Bhrasaíligh (64%), Rómhánaigh agus Iodálaigh (58% araon), agus Spáinnigh (52%). I dtaobh cónaí i gcathracha, bhí cónaí ar 72% de na Brasaíligh agus de na hIodálaigh i gcathracha agus a mbruachbhailte fhad is a bhí 50% de náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ina gcónaí i gceantair tuaithe agus i mbailte tuaithe na hÉireann.

Próifíl Aoise

Ba iad na Brasaíligh an dream ab óige agus meánaois 29.9 mbliana acu i gcomparáid le meánaois ghinearálta an Stáit (37.3 mbliana).   Ba iad an dá dhaonra ba shine de réir meánaoise ná náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar 46.7 bliana agus na Gearmáine ar 40.5 bliain.

Oideachas agus Teanga

Ba i measc náisiúnaigh na Fraince a bhí an cion (2,854) ab airde iarchéimeanna de na deich náisiúntacht a bhí faoi thrácht, in aois 15 bliana agus os a cionn. Ba i measc náisiúnaigh na Polainne a bhí an líon ba mhó daoine (8,736) a raibh iarchéim bainte amach acu agus thug 70% de Ghearmánaigh le fios gur labhair siad Béarla go han-mhaith.

Stádas Pósta

Ba i measc náisiúnaigh na Laitvia (15%), na Liotuáine (13%) agus na Ríocht Aontaithe (11%) a bhí na rátaí ab airde scartha/colscartha i gcomparáid le meánráta an Stáit (6%). B’iad náisiúnaigh na Spáinne, na Brasaíle, na Fraince agus na hIodáile na grúpaí leis an sciar ab airde de dhaoine singile – léiriú ar aois óg na ndaonraí sin.

Is ag náisiúnaigh na RA (15 bliana agus os a cionn) is mó a bhí páirtí Éireannach le 39,733 duine nó 41%.  Ar an taobh eile de, ní raibh páirtí Éireannach ach ag 4% de na Polannaigh, na Liotuánaigh agus na Rómánaigh ina gcónaí sa tír.

Lucht Saothair agus Slite Beatha

Náisiúnaigh de chuid na RA ba lú a bhí rannpháirteach sa lucht saothair (59.7%) de bharr an cion ard de dhaoine ar scor ina measc (19%).   Bhí ráta rannpháirtíochta sa lucht saothair i measc na naoi náisiúntacht eile níos airde ná meánfhigiúr an Stáit (61%). 

Ba Pholannaigh an ceathrú cuid de na hoibrithe miotail sa tír agus ba ag obair sa tionscal faisnéise agus cumarsáide a bhí 18% (1,459 duine) d’oibrithe Spáinneacha agus 20% (1,615) d’oibrithe Francacha anseo.

Tithíocht agus Sláinte Ghinearálta

Bhí tithíocht ar cíos ní ba coitianta ná úinéireacht i gcás na náisiúntachtaí coigríocha seachas náisiúnaigh na RA, dream a raibh úinéireacht ag 62% ar a n-áiteanna cónaithe féin.

Is iad Rómánaigh, Liotuánaigh agus Laitviaigh ba mhó a thug le fios go raibh idir sláinte mheasartha agus sláinte mhaith acu.  Thug móramh i ngach náisiúntacht eile le fios go raibh sláinte fíormhaith acu.

Nótaí d'Eagarthóirí:
  • Tuarascáil deiridh atá i Náisiúntachtaí Coigríocha ina gCónaí in Éirinn agus níl táblaí nua ar fáil leis chun críocha anailíse. Is forlíontán é den seachtú tuarascáil théamach a eisíodh ar thorthaí Dhaonáireamh 2016 Próifíl 7 – Imirce agus Éagsúlacht (tá 11 tuarascáil théamacha agus dhá tuarascáil achoimre ann san iomlán). Tá na tuairiscí go léir ar fáil ag http://www.cso.ie/en/baile/daonaireamh. Ar na tuairiscí áirítear réimse táblaí gréasáin idirghníomhacha ar féidir le húsáideoirí a gcuid táblaí féin a thógáil tríd na sonraí siúd a roghnú a bhfuil suim acu iontu, agus iad a íoslódáil i bhformáid éasca le húsáid chun anailís a dhéanamh orthu.
  • Baineann na figiúirí daonáirimh leis an bpobal de facto, is é sin, seasann an pobal a taifeadadh i ndáil le gach ceantar d’iomlán na ndaoine ar fad a bhí i láthair laistigh dá teorainneacha oíche Dé Domhnaigh, 24 Aibreáin 2016 in éineacht leis na daoine uile a tháinig isteach sa cheantar sin maidin Dé Luain, 25 Aibreáin 2016 nár áiríodh in áit eile. Tá daoine a bhí ar bord loinge i gcalafoirt san áireamh le pobal na gceantar in aice leo. Dá bhrí sin áirítear cuairteoirí a bhí i láthair Oíche an Daonáirimh chomh maith leo siúd atá ina gcónaí ann. Ar an taobh eile, fágtar gnáthchónaitheoirí a bhí as láthair go sealadach ar lár.
  • Ar an lucht saothair áirítear daoine dar aois 15 bliana agus os a cionn i mbun fostaíochta, ag cuardach an chéad phoist nó dífhostaithe. Glaoitear an ráta rannpháirtíochta sa lucht saothair ar an gcéatadán de dhaoine dar aois 15 bliana agus os a cionn atá rannpháirteach sa lucht saothair seachas stádas eile a bheith acu, cosúil le mac léinn, duine ar scor nó cúramaí baile. Déantar é a thomhas mar an líon daoine sa lucht saothair (ag obair nó dífhostaithe) a luaitear mar chéatadán d’iomlán an daonra dar aois 15 bliana nó os a cionn.
  • 37.3 bliana ab ea meánaois an Stáit in Aibreán 2016, de réir áireamh an daonra gnáthchónaithe, agus 37.4 a bhí ann bunaithe ar fhigiúirí de facto.
I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Eoin Whelan (+353) 1 895 1353 nó Fiosruithe Daonáirimh (+353) 1 895 1460

nó seol ríomhphost chuig census@cso.ie

-- CRÍOCH --