Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

28 Márta 2018

Coireacht Thaifeadta Ráithe 4 2017 - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

Atosaíonn an CSO foilsiú staitisticí coireachta thaifeadta “Faoi Fhorchoimeádas”
  • Athbhreithnithe suntasach ar eachtraí dúnbhásaithe don tréimhse 2003 - 2016
  • Méadú 18% nó 234 cás ar eachtraí dúnbhásaithe thar tréimhse 14 bliana dá réir
  • Méaduithe le braith i móraimh na ngrúpaí coireachta sa bhliain 2017
  • Méaduithe bliantúla is mó i gcionta gnéasacha agus i gcionta calaoise in 2017

Breathnaigh ar an eisiúint: Coireacht Thaifeadta Ráithe 4 2017 - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

Tá foilsiú staitisticí Coireachta Taifeadta atosaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (28 Márta 2018) tar éis tréimhse fionraí 12 mhí a d’eascair as saincheisteanna cáilíochta maidir le sonraí PULSE an Gharda Síochána.

Áirítear athbhreithnithe i staitisticí ráithiúla Coireachta Taifeadta an lae inniu a bhaineann le gach grúpa coireachta agus leis an tréimhse 2003 – 2016, agus iad foilsithe faoi chatagóir nua den teideal Faoi Fhorchoimeádas. Cuireadh an aicmiú nua staitisticí Faoi Fhorchoimeádas i bhfeidhm chun a léiriú go mbaineann saincheisteanna cáilíochta sonraí leis na bhfoinsí bunúsacha a úsáideadh chun na staitisticí seo a thiomsú. Tá an cur chuige seo ina ndéantar difreáil ar staitisticí de réir imní i dtaobh cáilíochta a bhaineann leis na sonraí bunúsacha ag teacht le dlínsí eile cosúil le Sasana agus an Bhreatain Bheag.

I gcás staitisticí Coireachta Taifeadta cuirfidh an aicmiú nua ar a súile do na húsáideoirí go gníomhach go bhfuil easnaimh cháilíochta bhunúsacha i gceist agus cuirtear ar an eolas iad gur féidir a bheith ag súil le tuilleadh athbhreithnithe de réir mar a réitítear na heasnaimh seo.

Agus í ag tagairt don chinneadh foilsiú na staitisticí Coireachta Taifeadta a atosú, dúirt Olive Loughnane, Staitisteoir:

Tá roinnt athbhreithnithe cáilíochta ar leith á ndéanamh ar shonraí PULSE faoi láthair agus ní chomhlíonann siad caighdeáin na Príomh-Oifige Staidrimh maidir le iomláine agus cruinneas i láthair na huaire.

"Cuireadh síneadh ama roinnt uaireanta leis an tréimhse chun na hathbhreithnithe seo a chríochnú ach níl aon dáta críochnaithe socraithe faoi láthair.Tá de shainchúram ar an bPríomh-Oifig Staidrimh aschuir staidrimh a tháirgeadh maidir le gníomhaíochtaí idir eacnamaíoch, shóisialta agus ghinearálta agus maidir le cúinsí sa Stát. Tá staitisticí coireachta ina phríomhchuid den bhfaisnéis seo.

"Níl staitisticí Coireachta Taifeadta foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh le 12 mhí anuas.  Mar thoradh ar gan staitisticí Coireachta Taifeadta tráthúla neamhchlaonta a táirgeadh ar shlí thrédhearcach a bheith ar fáil tá folús ag lucht cinnteoireachta beartais agus ag na saoránaigh ar spéis leo iad. Dá bhrí sin tá an Phríomh-Oifig Staidrimh den tuairim ag an bpointe seo gur fearr a fhóntar do leas sáraitheach an phobail má atosaítear ar na staitisticí coireachta taifeadta a fhoilsiú. 

"Tá a cuid staitisticí á dtáirgeadh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ar bhonn na sonraí is oibiachtúla is trédhearcaí is neamhspleách dá bhfuil ar fáil. Agus ár machnamh á dhéanamh againn ar ár gcuid imní maidir le hiomláine agus cruinneas na sonraí bunúsacha PULSE tá cinneadh déanta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh foilsiú staitisticí coireachta a atosú faoi chatagóir nua staitisticí dar teideal Faoi Fhorchoimeádas”.

Maidir le torthaí na Staitisticí Coireachta Taifeadta féin, dúirt Olive Loughnane:

“Léirítear athbhreithnithe i ngach grúpa cóireachta i sonraí an lae inniu, go háirithe i dtaobh eachtraithe dúnbhásaithe. Feictear méadú 18% nó 234 eachtra ar líon na ndúnbhásaithe a tharla sa tréimhse idir 2003 agus 2016 de réir na sonraí seo.

"Ó thaobh 2017 de, feictear méaduithe i mbeagnach gach grúpa. Is iad cionta gnéasacha agus cionta calaoise na grúpaí coireachta ina bhfeictear na méaduithe is mó thairis na bliana roimhe”.

Agus í ag caint ar an bhféidearthacht go mbeadh athbhreithnithe breise ann amach anseo, dúirt Olive Loughnane:

Tá athbhreithniú leanúnach á dhéanamh ag an nGarda Síochána ar thaifeadadh cásanna dúnbhásaithe. Is dócha go ndéanfar athruithe ar aicmiú cásanna áirithe mar thoradh air seo.

"Mar thoradh ar shaincheisteanna cáilíochta sonraí atá ardaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh i dtaobh cásanna dúnbhásaithe a thaifeadadh d’fhéadfaí tuilleadh athbhreithnithe a dhéanamh ar shonraí dúnbhásaithe freisin. D’fhéadfadh go mbaineann cuid de na saincheisteanna cáilíochta sonraí a ardaíodh le grúpaí coireachta eile.

"Aithníonn an Phríomh-Oifig Staidrimh na dúshláin a bhaineann le sonraí coireachta a thaifead agus leis an obair atá idir láimhe ag an nGarda Síochána chun dul i ngleic leis na saincheisteanna seo. Is uirlis fhíor-riachtanach iad staitisticí coireachta láidre iontaofa don lucht déanta beartais Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tiomanta i gcónaí do chomhairle agus cabhair a thabhairt do AGS i dtaobh feabhas a chur ar cháilíocht a chuid sonraí.

 

Tuilleadh eolais:

Ceisteanna Coitianta - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Olive Loughnane (+353) 21 453 5281 nó Sam Scriven (+353) 21 453 5276

nó seol ríomhphost chuig crime@cso.ie

-- CRÍOCH --