Skip navigation

20 Nollaig 2018

Coireacht Thaifeadta Ráithe 3 2018 - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

Méaduithe le feiceáil i móramh na ngrúpaí coireachta sna 12 mhí go deireadh R3 2018, laghduithe i roinnt grúpaí ardmhéide
  • Méadú is mó le feiceáil i gcionta Robála, ar 22.7%
  • Cionta Gnéis ardaithe 11.7%
  • Damáiste do mhaoin agus don timpeallacht laghdaithe 7.4%
  • Buirgléireacht agus Gadaíocht laghdaithe 6.4% agus 3.2% faoi seach
  • Staitisticí Coireachta Taifeadta fós áirithe faoin aicmiú Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

Breathnaigh ar an eisiúint: Coireacht Thaifeadta Ráithe 3 2018 - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas [EN]

Tá na staitisticí Coireachta Taifeadta is déanaí foilsithe inniu (20 Nollaig 2018) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.

Tá eisiúint an lae inniu, Coireacht Thaifeadta R3 2018, mar an ceathrú eisiúint ráithiúil ó glacadh an cinneadh chun foilsiú na staitisticí coireachta a atosú faoin aicmiú Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas. Cruthaíodh an t-aicmiú seo chun imní a léiriú i dtaobh cáilíochta na sonraí bunúsacha as stór sonraí an Gharda Síochána - PULSE - agus chun tabhairt le fios d’úsáideoirí gur féidir a bheith ag súil le athbhreithnithe ar na staitisticí de réir mar a réitítear saincheisteanna cáilíochta sonraí.

Léirítear sna staitisticí go bhfuil méadú tagtha ar líon na gcásanna taifeadta i móramh na ngrúpaí coireachta don 12 mhí go deireadh R3 2018. Feictear na méaduithe is mó a bheith tagtha ar Robáil, le hardú 22.7%, agus ar Chionta Gnéis, le hardú 11.7%.

Thit líon na gcásanna taifeadta sa ghrúpa Damáiste do mhaoin agus don timpeallacht 7.4% sa tréimhse seo. Tá titim leanúnach tagtha ar chásanna Buirgléireachta ón mbliain 2014. Thit an líon Gadaíochtaí le linn ceithre de na cúig bliana ó 2014 i leith.

Ag tagairt do na staitisticí Coireachta Taifeadta is déanaí seo, dúirt Olive Loughnane, Staitisteoir: “I mí Márta, chuir an CSO tús in athuair le foilsiú na staitisticí Coireachta Taifeadta faoin gcatagóir nua Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas. Rinneadh é seo chun an tomhas is fearr gur féidir a chur ar fáil maidir le coireacht garda-thaifeadta in Éirinn agus, ag an am céanna, chun úsáideoirí a chur ar an eolas faoi na hábhair buairimh atá ag an oifig go fóill maidir le cáilíocht na sonraí bunaidh.

Coinneofar le staitisticí Coireachta Taifeadta a chatagóiriú mar Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas go dtí go gcinnfidh an CSO chaighdeán sásúil cruinnis agus críochnúlachta a bheith ag na sonraí bunaidh.

Tá an CSO tiomanta cabhair a thabhairt don Gharda Síochána cáilíocht sonraí a fheabhsú pé áit gur féidir, agus tá plean feabhsaithe cáilíochta sonraí molta ag an Oifig don Gharda Síochána. Baineann na critéir sa phlean seo le saincheisteanna cáilíochta i réimse leathan gnéithe den phróiseas taifeadta agus den aicmiú coireachta.”

 

Eolas cúlra:
Ceisteanna Coitianta - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Olive Loughnane (+353) 21 453 5281 nó Sam Scriven (+353) 21 453 5276

nó seol ríomhphost chuig crime@cso.ie

-- CRÍOCH --