Skip navigation

01 Deireadh Fómhair 2018

Coireacht Thaifeadta Ráithe 2 2018 - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

Méaduithe le feiceáil i móramh na ngrúpaí coireachta sna 12 mhí go deireadh R2 2018
  • Méadú is mó le feiceáil i gcionta Robála, ar 15.1%
  • Staitisticí Coireachta Taifeadta fós á fhoilsiú faoin gcatagóir Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

Breathnaigh ar an eisiúint: Coireacht Thaifeadta Ráithe 2 2018 - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas [EN]

Tá na staitisticí Coireachta Taifeadta is déanaí foilsithe inniu (01 Deireadh Fómhair 2018) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.

Tá eisiúint an lae inniu, Coireacht Thaifeadta R2 2018, mar an tríú eisiúint ráithiúil ó glacadh an cinneadh chun foilsiú na staitisticí coireachta a atosú faoin aicmiú Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas. Cruthaíodh an t-aicmiú seo chun imní a léiriú i dtaobh cáilíochta na sonraí bunúsacha as stór sonraí an Gharda Síochána - PULSE - agus chun tabhairt le fios d’úsáideoirí gur féidir a bheith ag súil le athbhreithnithe ar na staitisticí de réir mar a réitítear saincheisteanna cáilíochta sonraí.

Léirítear sna staitisticí go bhfuil méadú tagtha ar líon na gcásanna taifeadta i móramh na ngrúpaí coireachta don 12 mhí go deireadh R2 2018. Feictear na méaduithe is mó a bheith tagtha ar Robáil, le hardú 15.1%, agus ar Chionta in aghaidh Rialtais, le hardú 13.1%. Sa ghrúpa ‘Cionta in aghaidh Rialtais’ áirítear Bristeacha Bannaí agus Bristeacha Orduithe Foréigin Teaghlaigh. Thit líon na gcásanna taifeadta sa ghrúpa Damáiste do Mhaoin agus don Chomhshaol 3.0% sa tréimhse seo.

Ag tagairt do na staitisticí Coireachta Taifeadta is déanaí seo, dúirt Olive Loughnane, Staitisteoir: “I mí Márta, chuir an CSO tús in athuair le foilsiú na staitisticí Coireachta Taifeadta faoin gcatagóir nua Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas. Rinneadh é seo chun an tomhas is fearr gur féidir a chur ar fáil maidir le coireacht garda-thaifeadta in Éirinn agus, ag an am céanna, chun úsáideoirí a chur ar an eolas faoi na hábhair buairimh atá ag an oifig go fóill maidir le cáilíocht na sonraí bunaidh.

Coinneofar le staitisticí Coireachta Taifeadta a chatagóiriú mar Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas go dtí go gcinnfidh an CSO chaighdeán sásúil cruinnis agus críochnúlachta a bheith ag na sonraí bunaidh.

Tá an CSO ag oibriú leis an nGarda Síochána chun na critéir chuí a shainaithint le gur féidir deireadh a chur leis an bhforchoimeádas. Ní bhainfidh na critéir le sonraí dúnbhasaithe amháin, ina ionad sin tabharfar aghaidh ar shaincheisteanna cáilíochta i réimse leathan gnéithe den phróiseas taifeadta agus den aicmiú coireachta.

Eolas cúlra:
Ceisteanna Coitianta - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Olive Loughnane (+353) 21 453 5281 nó Sam Scriven (+353) 21 453 5276

nó seol ríomhphost chuig crime@cso.ie

-- CRÍOCH --