Skip navigation

10 Eanáir 2018

Preasráiteas: Féiniúlacht Bhranda Úr Seolta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

 

Tá féiniúlacht bhranda úr seolta inniu (10 Eanáir 2018) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). 

Ceapadh an lógó nua i gcomhar le baill foirne agus bunaithe ar thaighde ar shainghrúpaí úsáideoirí. Tá an dearadh bunaithe ar na túslitreacha CSO agus ar chomhartha céatadáin leagtha amach i bhfoirm snaidhme Ceiltí, rud a luíonn lenár bpríomhfheidhm chun sonraí agus léargas a sholáthar don tír.

Agus é ag tagairt don chinneadh féiniúlacht bhranda úr a chruthú don Oifig, dúirt Pádraig Daltún, Ard-Stiúrthóir:

“Le linn an 25 bliana ó forbraíodh ár sean-lógó, tá an saol mór tar éis bogadh ar aghaidh ó cháipéisí clóite go timpeallacht oscailte solúbtha digiteach ina bhfuil rochtain ar sonraí ag líon méadaithe daoine. Mar thoradh ar an réabhlóid dhigiteach seo, tá dualgas leanúnach orainn ní hamháin freastal ar riachtanais an tsainúsáideora ach cur le tuiscint an tsaoránaigh trí fhaisnéis neamhspleách iontaofa a sholáthar.

Le dhá mhí dhéag anuas táimid tar éis díriú ar fhoinsí staitistice a dhéanamh níos sothuigthe agus níos ábhartha. Bhaineamar leas níos fearr as grafaicí faisnéise, físeáin agus uirlisí idirghníomhacha agus rinneamar táirgí nua staitistiúla a fhorbairt, táirgí saincheaptha chun bearnaí in eolas an lucht cinnteoireachta a líonadh. Tá forbairt fhéiniúlacht bhranda úr ina céim eile i dtreo chuspóir straitéiseach na hOifige chun eolas agus léargas a dhéanamh de shonraí do chách.

Léiríonn ár bhféiniúlacht úr cur chuige nua-aimseartha suáilceach chun Staitisticí Oifigiúla a chur in iúl agus a tháirgeadh. Ina theannta sin, luíonn sí lenár ról tábhachtach i bhfaisnéis chroílárnach neamhspleách agus oibiachtúil a sholáthar mar thaca leis an rialtas, gnólachtaí agus lucht taighde cinntí a dhéanamh.”

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Oifig Preasa (+353) 21 453 5017

nó seol ríomhphost chuig eolas@cso.ie

-- CRÍOCH --