18 Deireadh Fómhair 2017
Breathnaigh ar an eisiúint: Mná agus Fir in Éirinn 2016 [EN]
Tá “Mná agus Fir in Éirinn 2016” foilsithe inniu (18 Deireadh Fómhair 2017) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Léirítear sa turascáil seo breis is 70 táscaire a shainaithníonn difríochtaí inscne tábhachtacha i ngníomhaíochtaí na bhfear agus na mban. Lena chois sin cuirtear i láthair an scéal mar atá sé in Éirinn i gcomhthéacs idirnáisiúnta.
Agus í ag labhairt faoin bhfoilseachán, dúirt an Staitisteoir Helen Cahill an méid seo a leanas: “Ghlac níos mó cailíní ná buachaillí páipéir ardleibhéil i scrúduithe na hArdteistiméireachta i mBéarla, Fraincis, Gaeilge, Bitheolaíocht, Ceimic, Ealaín, Eacnamaíocht Bhaile agus Ceol in 2016. Ghlac níos mó buachaillí ná cailíní na páipéir ardleibhéil sa Mhatamaitic, Fisic, Grafaic Dheartha agus Chumarsáide, Staidéar Foirgníochta agus Innealtóireacht.
Is mó seans cáilíocht tríú leibhéal a bheith ag mná ná ag fir. Tá ceann ag breis is leathchuid de mhná (55.1%) idir 25 agus 34 bliana d’aois in 2016, i gcomparáid le 42.9% d’fhir san aoisghrúpa céanna. Ba fhir iad breis is ceathrar as cúigear (82.4%) céimí Innealtóireachta, Déantúsaíochta agus Foirgníochta in 2016 agus ba fhir iad 79.3% de chéimithe i dTeicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide. Ba mhná iad breis is triúir as gach ceathrar (76.4%) céimí i Sláinte agus Leas Daonna agus ba mhná iad 71.4% de chéimithe san Oideachas.
Ba é 1.92 an ráta torthúlachta in Éirinn in 2015. Ba é seo an dara ráta ab airde san AE i ndiaidh na Fraince agus í i bhfad níos airde na an meánráta san AE, is é sin 1.58. Tháinig ardú ar an aois mheánach ag ar shaolaigh mná a gcéad pháiste, ó 24.8 bliana in 1975 go 30.5 bliana in 2014.
Ba mhná iad formhór mór (98%) díobh siúd a bhí i mbun cúram baile/teaghlaigh in 2016. Mar sin féin, tá líon na bhfear atá i mbun cúram baile/teaghlaigh tar éis dúbailt le linn na ndeich mbliana go 2016, ó 4,900 go 9,200.
Tá mná go mór faoi ghannionadaíocht i struchtúir chinnteoireachta in Éirinn ag an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal réigiúnach araon. Ba mhná iad níos lú ná an cheathrú cuid (22.2%) de Theachtaí Dála i nDáil Éireann in 2016 agus níor mhná iad ach 21.4% de bhaill na nÚdarás Áitiúil. Ba é 28.7% ionadú meánach na mban i bparlaimintí náisiúnta san AE in 2016.”
Helen Cahill (+353) 1 498 4253 nó Róisín de Faoite (+353) 21 453 5014
nó seol ríomhphost chuig eolas@cso.ie
-- CRÍOCH --