Skip navigation

02 Samhain 2017

Torthaí Dhaonáireamh 2016: Sláinte, Míchumas agus Cúramóirí

 

 

Inniu (Déardaoin an 2 Samhain), d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an tuarascáil Daonáireamh 2016: Próifíl 9 - Sláinte, Míchumas agus Cúramóirí. Léirítear sa tuarascáil gur mheas 87.0% den pobal go raibh an tsláinte “an-mhaith” (59.4%) nó “go maith” (27.6%) acu. Chuir 643,131 duine, is é sin, 13.5% den bpobal, in iúl go raibh siad faoi mhíchumas, agus tháinig méadú 8,151 (4.4%) ar an líon cúramóirí (daoine a thugann cúnamh go rialta agus gan pá do chara/ball den teaghlach), suas go 195,263.

Thug Deirdre Cullen, Staitisteoir Sinsearach, an tuairim seo a leanas: “Ba é Daonáireamh 2016 an dara daonáireamh inar iarradh ar phobal na hÉireann a sláinte féin a mheas. Mar sin is féidir linn comparáidí a dhéanamh thar tréimhse ama anois. Lena chois sin tugtar mionsonraí agus mionanailís orthu siúd faoi mhíchumas. Ag an am céanna déantar iniúchadh ar na hathruithe maidir le cúramóirí; féachtar ar cheisteanna ar nós próifíl aoise agus inscne cúramóirí, ar líon na gcúramóirí i ngach contae agus ar líon na n-uaireanta cúraim a thugtar.”

Tá fáil ar thuarascáil an lae inniu ar shuíomh gréasáin na hOifige anseo: Daonáireamh 2016: Próifíl 9 - Sláinte, Míchumas agus Cúramóirí
 

Buaicphointí ó Phróifíl 9 - Sláinte, Míchumas agus Cúramóirí

Sláinte

Sláinte ghinearálta
In 2016 mhothaigh 87.0% den bpobal go raibh an t-sláinte go maith nó go han-mhaith acu. Laghdú beag ab ea é seo i gcomparáid le 2011, tráth a mheas 88.3%. an rud céanna. Mheas 59.5% d’fhir go raibh an t-sláinte go han-mhaith acu i gcomparáid le 59.3% de mhná. Lena chois sin taispeánann torthaí an daonáirimh go soiléir go mbíonn an t-sláinte ghinearálta ag dul in olcas le haois; bhí an t-sláinte go han-mhaith ag 79% de dhaoine idir 15-19 d’aois i gcomparáid le 58.6% díobh siúd idir 40-44 bliana d’aois agus 31.3% díobh siúd idir 65 - 69 bliana d’aois.
 

Stádas sláinte de réir contae
Chuir 89.9% de dhaoine i nDún Laoghaire-Rath an Dúin in iúl go raibh an tsláinte go han-mhaith/go maith acu. Ba é seo an céatadán is airde sa tír. Sa dara háit bhí an Mhí (89.6%) agus Cill Dara agus Contae Chorcaí (89.5%). Bhí an céatadán ab ísle i gcathair Bhaile Átha Cliath le 82.8% agus bhí Cathair Chorcaí agus An Longfort sa dara háit agus sa tríú háit ab ísle le 83.6% agus 85.3% faoi seach.
 

Míchumas

Méadú tagtha ar líon na ndaoine faoi mhíchumas
Tháinig méadú 47,796 duine ar an líon daoine faoi mhíchumas idir 2011 agus 2016, rud a chiallaíonn go raibh 643,131 duine faoi mhíchumas i mí Aibreáin 2016. Ba ionann sin agus 13.5% den bpobal. Bhí 331,551 bean (51.6%) agus 311,580 fear (48.4%) faoi mhíchumas. I measc na ndaoine faoi bhun 20 bliain d’aois tháinig méadú 11,828 duine (15.6%) orthu siúd faoi mhíchumas ó 2011. Ba ionann é seo agus ráta míchumais 6.7% sa ghrúpa seo (ardú ó ráta 6% in 2011).
 

Aois, inscne agus próifíl gheografach
Bhí oiread is duine i ngach deichniúr faoi bhun 45 bliain d’aois faoi mhíchumas agus d’ardaigh an ráta seo go 20% i measc an daonra faoi 60 bliain d’aois. Tháinig méadú géar ar ráta na ndaoine faoi mhíchumas os cionn 70; bhí míchumas ar 27.7% de mhná darb aois 70-74. Ag an am céanna tháinig méadú 73.3% ar líon ráta na mban darb aois 84 bliana agus os a cionn go 73.3%.

Bhí míchumas níos coitianta i measc fireannach i ngach catagóir aoise suas go 24 bliana d’aois. Shroich sé a bhuaic san aoisghrúpa 5-9 mbliana, grúpa ina raibh beagnach dhá oiread an líon buachaillí faoi mhíchumas (14,964) i gcomparáid leis an líon cailíní (7,887). Is i gcathracha a bhí an ráta ba mhó de dhaoine faoi mhíchumas. Ag leibhéal na n-údarás áitiúil, bhí an ráta ab airde daoine faoi mhíchumas i gCathair Chorcaí (18.1%). Áiríodh an trí ráta ba lú daoine cónaitheach faoi mhíchumas i bhFine Gall (10.8%), sa Mhí (11.6%) agus i Muineachán (11.8%).
 

Cineálacha míchumais
Idir 2011 agus 2016 tháinig méadú ar líon na ndaoine faoi mhíchumais éagsúla i ngach catagóir; tháinig an t-athrú ba mhó (+27,511) orthu siúd ar a bhfuil riocht síceolaíoch nó tochtach go 123,515 in 2016, méadú 28.7%. Tháinig méadú 6.0%, suas go 54,810, orthu siúd ar a bhfuil mórlagú amhairc.
 

Socruithe maireachtála
Bhí 112,904 duine faoi mhíchumas (19.3%) ag maireachtáil ina n-aonair i líonta tí príobháideacha i mí Aibreáin 2016. Bhí 61,756 duine díobh seo (54.7%) 65 bliana d’aois nó os a cionn.

Bhí 44,531 duine faoi mhíchumas (6.9%) ag maireachtáil in áitribh chomhchoitinne i mí Aibreáin 2016. Áiríodh orthu seo 19,015 fireannach agus 25,516 baineannach. Laghdú beag ab ea seo i gcomparáid le 2011, tráth a raibh 44,952 duine ag maireachtáil in áitribh chomhchoitinne.
 

Oideachas agus Fostaíocht
Bhí gnóthachtáil oideachais i measc daoine faoi mhíchumas i bhfad níos ísle ná mar a bhí sé i measc an phobail i gcoitinne ag gach leibhéal. Den ghrúpa daoine idir 15 agus 50 bliana d’aois (san áireamh) bhí bunoideachas ar a mhéid ag 13.7% , é sin i gcomparáid le 4.2% den bpobal i gcoitinne. Ar an taobh eile den scéal, bhí oideachas tríú leibhéil bainte amach ag 37.0% de dhaoine faoi mhíchumas i gcomparáid le 53.4% den daonra uilig idir 15-50 bliain d’aois.

Bhí 176,445 duine faoi mhíchumas sa lucht saothair, ionann le ráta rannpháirtíochta 30.2% sa lucht saothair. Ráta 61.4% a bhí ann don daonra iomlán.

Díobh siúd faoi mhíchumas in aois 15 bliana agus os a cionn i mí Aibreáin 2016 (584,045 duine) ní raibh ach 22.3% (130,067) ag obair, i gcomparáid le 53.4% den bpobal i gcoitinne san aoisghrúpa sin. Den bpobal iomlán a bhí ag obair bhí 6.5% faoi mhíchumas.

Ba é 26.3% an ráta dífhostaíochta i measc daoine faoi mhíchumas, níos mó ná dhá oiread an ráta 12.9% den bpobal i gcoitinne.
 

Cúramóirí

Níos mó cúramóirí mná ná cúramóirí fir
I mí Aibreáin 2016 ba mhná iad 118,151 (60.5%) den 195,263 cúramóir sa tír agus ba fhir iad 77,112 cúramóir. Áirítear sna figiúirí sin 3,800 páiste faoi bhun 15 bliana d’aois ag tabhairt cúraim. Ba ionann sin agus 1.9% de chúramóirí uile.
 

Próifíl aoise cúramóirí
Bhí breis is leathchuid de chúramóirí uile (52.7%) idir 40 agus 59 mbliana d’aois ach bhí an chuid ba mhó de chúramóirí in aon aoisghrúpa 50 - 54 bliana. Ba ionann sin agus 28,703 cúramóir (14.7%). Tháinig méadú 34.7% ar líon na gcúramóirí darb aois 85 bliana agus os a cionn. D’fhás a líon siúd ó 1,318 go 1,776.
 

Uaireanta cúraim
In Aibreán 2016, thug cúramóirí 6,608,515 uaire de chúram in aghaidh na seachtaine, ionann le 38.7 n-uaire an duine ar an meán. Ba mhéadú 321,005 uaire (5.1%) an méid seo ar an bhfigiúr comhionann sa bhliain 2011. Thug 83,754 cúramóir (42.9%) dhá uair nó faoina bhun sin de chúram gan phá in aghaidh an lae, ionann le 8.3% den iomlán uaireanta cúraim a soláthraíodh anuraidh. Ar an taobh eile den scéal, thug 16,926 cúramóir (8.7%) cúram lánaimseartha gan phá; 24 uair in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine. B’ionann obair an dream seo agus 43% den iomlán uaireanta cúraim. {Tabhair aird: níor chuir gach cúramóir in iúl an líon uaireanta a cuireadh isteach. Dá bhrí sin baineann na figiúirí seachtaine agus figiúirí na n-uaireanta a luaitear thuas leo siúd a thug an t-eolas sin.}

Nótaí d'Eagarthóirí:
  • Is í Próifíl 9 - Sláinte, Míchumas agus Cúramóirí an 11ú ceann de 13 thuarascáil ar thorthaí Dhaonáireamh 2016 (11 thuairisc phróifíle agus dhá thuarascáil achoimre). Foilseofar an chéad tuairisc phróifíle eile ar Oideachas, Scileanna agus an Ghaeilge ar an 23 Samhain. Tá na tuairiscí próifíle a foilsíodh roimhe seo agus an dá Thuarascáil Achoimre ar fáil ag http://www.cso.ie/en/baile/daonaireamh. Tá fáil ar shonraí na tuarascálacha seo i raon táblaí idirghníomhacha gréasáin; formáid trína bhféidir leis an úsáideoir na sonraí a bhfuil spéis aige/aici iontu a roghnú, saintáblaí a dhéanamh díobh seo agus na táblaí a íoslódáil chun a (h)anailís féin a dhéanamh orthu.
  • I gcomhar leis an an Ionad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann (AIRO) ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, cuirtear sonraí achoimre daonáirimh i léarscáileanna téamacha ag leibhéal na Toghroinne (ED) agus leibhéal an Cheantair Bhig (SA). Tá teacht orthu seo tríd an nasc ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.
  • Chun críocha na tuarascáile seo, aicmíodh duine faoi mhíchumas mar dhuine a thug freagra dearfach ar cheann ar bith de sheacht gcatagóir i gCeist 16 den bhfoirm Daonáirimh ar riochtaí ainsealacha, nó a thug freagra dearfach ar cheann ar bith den gceithre chatagóir i gCeist 17 maidir le deacrachtaí.
  • Chun críocha an daonáirimh, sainítear teaghlach mar lánúin le clann, mar lánúin gan clann, nó mar teaghlach aontuismitheora ina raibh aon pháiste ar a laghad.
  • Is ionann líon tí príobháideach agus (i) duine amháin ag maireachtáil ina aonar nó (ii) grúpa daoine (nach gá a bheith gaolta) ag cur fúthu ag an seoladh céanna le socruithe tís i gcoitinne, sin é béile amháin ar a laghad a roinnt gach lá nó seomra suite a roinnt. Chun a bheith áirithe i líon tí, níorbh mór gnáthchónaí a bheith ag duine san áit aimsir an daonáirimh. Mar sin de, fágtar cuairteoirí an líon tí ar oíche an daonáirimh ar lár agus cuirtear gnáthchónaitheoirí a bhí as láthair ar bhonn sealadach (faoi bhun 12 mí) san áireamh ann.
  • Ar an lucht saothair áirítear daoine dar aois 15 bliana agus os a cionn i mbun fostaíochta, ag cuardach an chéad phoist nó dífhostaithe. Glaoitear an ráta rannpháirtíochta sa lucht saothair ar an gcéatadán de dhaoine dar aois 15 bliana agus os a cionn atá rannpháirteach sa lucht saothair seachas stádas eile a bheith acu, cosúil le scoláire, duine ar scor nó cúramaí baile. Déantar é a thomhas mar an líon daoine sa lucht saothair (ag obair nó dífhostaithe) a luaitear mar chéatadán d’iomlán an daonra dar aois 15 bliana nó os a cionn.
  • Baineann na figiúirí daonáirimh leis an daonra de facto, .i. is ionann an daonra a cláraíodh do cheantar agus gach duine a bhí i láthair sa limistéar sin ar oíche an Domhnaigh, an 24 Aibreán 2016 chomh maith le gach duine a bhain an áit amach ar mhaidin an Luain, an 25 Aibreán 2016 nár áiríodh iad i gceantar eile. Cuirtear daoine ar bord longa san áireamh i ndaonra an cheantair is cóngaraí dóibh. San áireamh sna figiúirí seo, mar sin, tá cuairteoirí a bhí i láthair ar oíche an Daonáirimh i dteannta daoine le cónaí orthu sa cheantar. Fágtar gnáthchónaitheoirí an cheantair ar lár sa chás go raibh siad as láthair go sealadach ar an oíche.
  • Ba é comhaireamh de facto an daonra in Aibreán 2016 ná 4,761,865 duine a fhad is a bhí figiúir iomlán de 4,689,921 duine le gnáthchónaí orthu sa tír – difríocht de 71,944 duine (1.5%). Baintear úsáid as figiúir na ngnáthchónaitheoirí chun anailís a dhéanamh ar thopaicí ar nós náisiúntacht, líonta tí agus teaghlaigh.1

1Sainítear ‘teaghlach’ mar chlann nó aonad teaghlaigh. Sainítear ‘líon tí’ mar ghrúpa daoine atá ag cur fúthu in aonad cónaithe amháin.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Eileen Murphu (+353) 1 895 1305 nó Fiosruithe Daonáirimh (+353) 1 895 1460

nó seol ríomhphost chuig census@cso.ie

-- CRÍOCH --