Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Na Dátaí Pósta is Coitianta in Éirinn 2026

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Is i mí na Nollag agus i mí Lúnasa a bhíonn na dátaí is mó tóir do phóstaí in Éirinn.

Inniu (10 Márta 2026), foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh léargas ar na póstaí go léir a tharla idir 2011 agus 2024 chun a fháil amach cad é an dáta ba choitianta chun pósadh le linn na tréimhse sin. 

Léirítear leis an Aip Amharcléirithe Sonraí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh maidir le Dátaí Pósta Coitianta, in ainneoin a naisc thraidisiúnta le póstaí, nach raibh dáta amháin i mí an Mheithimh sna deich gcinn is fearr, agus gurbh iad dátaí i mí na Nollag agus i mí Lúnasa a bhí chun tosaigh.

Cé go dtarlaíonn formhór na bpóstaí in Éirinn i lár an tsamhraidh ar an meán de ghnáth, léiríonn na sonraí gurbh iad póstaí ar laethanta éagsúla sa gheimhreadh an rogha ba choitianta do lánúineacha ag dul ag a phósadh in Éirinn, agus ceithre cinn de na cúig áit is airde ag dátaí i mí na Nollag.

Ba chosúil go raibh ról suntasach ag an tréimhse idir Lá Nollag agus Lá na hAthbhliana, chomh maith le dátaí thart ar dheireadh seachtaine Saoire Bainc Lúnasa, do lánúineacha grámhara agus cúinsí praiticiúla á gcur san áireamh acu agus iad ag roghnú a lae mhóir.

Na Dátaí is Coitianta

Ba í Oíche Chinn Bhliana an dáta ba choitianta chun pósadh le linn na tréimhse 14 bliana a scrúdaíomar, agus tharla 189 bpósadh ar an meán ar an lá sin. Seo iad na dátaí is minice a roghnaíodh:

  • 31 Nollaig – 189 pósadh ar an meán
  • 30 Nollaig – 151 pósadh ar an meán
  • 28 Nollaig – 147 pósadh ar an meán
  • 29 Nollaig – 136 pósadh ar an meán
  • 03 Lúnasa – 115 pósadh ar an meán
  • 04 Lúnasa – 110 pósadh ar an meán
  • 05 Lúnasa – 109 pósadh ar an meán
  • 02 agus 10 Lúnasa – 103 pósadh ar an meán
  • 27 Iúil agus 26 Lúnasa – 102 pósadh ar an meán

Ba iad 01 Meitheamh, 24 Lúnasa, 07 Meán Fómhair agus 17 Lúnasa na dátaí eile inar tharla 100 pósadh nó níos mó ar an meán.

Ba iad na laethanta is lú tóir chun pósadh thar an tréimhse 14 bliana seo ar fad i mí na Nollag freisin. Ba iad sin 24 Nollaig (ceithre phósadh ar an meán), 26 Nollaig (trí phósadh ar an meán) agus 25 Nollaig, nuair nár taifeadadh aon phósadh ar an lá sin.

Na Míonna is Coitianta

Cé go raibh na laethanta idir an Nollaig agus Oíche Chinn Bhliana ar an meán i measc na laethanta ba choitianta do phóstaí, ba í mí na Nollag an séú mí ba choitianta idir 2011 agus 2024, agus tharla 1,811 pósadh sa mhí sin.

Tarlaíonn formhór na bpóstaí in Éirinn i lár an tsamhraidh nó na míonna is gaire dó.  Ar an meán, ba iad na cúig mhí is mó éilimh ar phósadh ná Lúnasa (2,733), Iúil (2,446), Meán Fómhair (2,333), Meitheamh (2,073), agus Deireadh Fómhair (1,855).

I gcodarsnacht leis sin, ba iad Eanáir (612) agus Feabhra (803) na míonna is lú tóir ar an meán i measc lánúineacha chun pósadh. Mar sin féin, bhí Lá Fhéile Vailintín gar do chroíthe roinnt daoine rómánsúla, agus bhí 55 phósadh ar an meán ar siúl ar an lá seo. Rangaíodh é mar an 167ú lá is coitianta chun pósadh, agus ba é an chéad dáta eile i mí Eanáir agus i mí Feabhra ná an 01 Eanáir, a tháinig sa 277ú háit.

Rangaíodh an 16 Márta (an lá roimh Lá Fhéile Pádraig) sa 37ú háit, agus bhí 90 pósadh ar an meán ar siúl ar an lá seo, agus ba é an dáta ba choitianta chun pósadh sa chéad chúig mhí den bhliain.

Tá an fhaisnéis nua sin ar fad ar fáil san Aip Amharcléirithe Sonraí is déanaí atá againn maidir le Dátaí Pósta is Coitianta [EN]. Ligeann sé seo duit dáta nó mí a roghnú chun a fheiceáil cé chomh coitianta a bhí sé thar na blianta 2011–2024.

Comhlánaíonn sé cuid de na hAipeanna Amharcléirithe Sonraí [EN] eile a bhfuil an-tóir orthu, amhail an aip Ainmneacha Leanaí na hÉireann a bhfuil an-tóir air agus an aip nuashonraithe Breithlaethanta Coitianta.

Maidir le Póstaí in Éirinn

De réir na sonraí is déanaí inár n-eisiúint Póstaí 2024 [EN], cláraíodh 20,348 pósadh in Éirinn in 2024, lena n-áirítear 668 bpósadh comhghnéis.

Ba í meánaois na brídeacha agus na grúim ná 35.9 bliain le haghaidh brídeacha agus 37.7 bliain le haghaidh grúim.

Ba é Dé hAoine an lá ba mhó éilimh chun pósadh agus ba é Dé Máirt an lá ba lú tóir. Ba é Lúnasa an mhí ba choitianta chun pósadh do lánúineacha nach den ghnéas céanna, agus ba é Meán Fómhair an mhí ba choitianta chun pósadh do lánúineacha comhghnéis in 2024. Ba é Eanáir an mhí is lú tóir ar gach cineál lánúin maidir le pósadh.

 

Teagmhálaithe

R-phost pressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --