Roimh Mháirt na hInide amárach, tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tar éis méadú na gcostas a bhaineann le pancóga a dhéanamh a ríomh inniu (16 Feabhra 2026), ag úsáid praghsanna atá ar chuid de na hearraí sa Phraghasinnéacs Tomhaltóirí, an tomhas oifigiúil ar bhoilsciú in Éirinn.
Agus muid ag scrúdú costas na gcomhábhar i meascán bunúsach pancóg — uibheacha, bainne agus plúr, rinneamar comparáid idir praghsanna Nollag 2020, Nollag 2024, agus Nollag 2025 (féach Nóta ón Eagarthóir).
Le cúig bliana anuas, léiríonn ár n-anailís go bhfuil an costas a bhaineann le pancóga tar éis méadú 35.2%. Le linn na tréimhse 5 bliana ó mhí na Nollag 2020 go mí na Nollag 2025, tháinig méadú 72c (+42.6%) ar chostas 2 lítear de bhainne lánsaille, agus tháinig méadú 62c (+31.6%) ar chostas 2kg plúir. Tháinig méadú 57c (+32.0%) ar chartán sé ubh mhóra le linn na tréimhse céanna.
Tá sé níos costasaí freisin do phancóg a chríochnú le crothán siúcra, agus léiríonn siúcra an méadú céatadáin is mó de na ceithre earra ar fhéachamar orthu. Cé gur tháinig méadú 0.69c (+60.5%) ar phraghas mála siúcra 1kg thar na 5 bliana ó mhí na Nollag 2020, is suimiúil go raibh an praghas céanna air i Nollaig 2025 agus a bhí i Nollaig 2024.
Go deimhin, feicimid gur thit praghas an phlúir 2c (-0.8%) sa bhliain go dtí Nollaig 2025, agus gur mhéadaigh praghas an bhainne (5c nó 2.1%) agus na n-uibheacha (9c nó 4.9%) sa tréimhse 12 mhí chéanna.
Níl praghsanna líomóidí ná sú líomóide san áireamh i ngnáthchiseán earraí agus seirbhísí.
|
Earra |
2020 |
2024 |
2025 |
|
Bainne lánsaille (2L) |
€1.69 |
€2.36 |
€2.41 |
|
Plúr (2kg) |
€1.96 |
€2.60 |
€2.58 |
|
Uibheacha (6 ubh mhóra) |
€1.78 |
€2.24 |
€2.35 |
|
Siúcra (1kg) |
€1.14 |
€1.83 |
€1.83 |
| R-phost | pressoffice@cso.ie |
|---|
-- CRÍOCH --
Nótaí d'Eagarthóirí
Is é mí na Nollag 2025 na sonraí is cothroime le dáta maidir leis an Praghasinnéacs Tomhaltóirí atá ar fáil, ós rud é go bhfoilseofar faisnéis mhí Eanáir 2026 an 19 Feabhra 2026.
Ríomhtar an t-athrú i bpraghsanna gach táirge óna n-innéacsanna praghsanna. Rianaíonn an t-innéacs praghsanna raon leathan praghsanna do réimse earraí laistigh de ghrúpa táirgí gach mí. Tá na hearraí seo go léir mar chuid den Phraghasinnéacs Tomhaltóirí, a thomhaiseann boilsciú le himeacht ama.
Is féidir na staitisticí seo sa Phreasráiteas seo a chur i leith an staitisteora Anthony Dawson i rannán Praghsanna do Thomhaltóirí na Príomh-Oifige Staidrimh.