Is é Dé Domhnaigh, an 09 Bealtaine dáta an Daonáirimh 2027.
Den chéad uair riamh, beidh an pobal in ann a bhfoirmeacha daonáirimh a chomhlánú ar líne agus ar páipéar freisin.
Beidh daoine in ann a bhfoirm dhaonáirimh a chomhlánú sna seachtainí roimh dháta an daonáirimh.
Bhí ionadaithe ó Ranna Rialtais agus ó údaráis áitiúla, na comhpháirtithe sóisialta, institiúidí taighde, grúpaí leasmhara, comhlachtaí ábhartha eile agus foireann na CSO ar Ghrúpa Comhairleach an Daonáirimh (CAG).
Tá an tuarascáil ar an gcomhairliúchán poiblí agus ar an suirbhé píolótach ina dhiaidh sin ar fáil ar leathanach Comhairliúchán Poiblí maidir le Daonáireamh 2027.
| Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
|---|---|
| Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
| R-phost | censuspublicity@cso.ie |
| R-phost | pressoffice@cso.ie |
Athruithe Daonáirimh 2027
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) sásta a fhógairt go bhfuil an Rialtas tar éis an dáta don chéad daonáireamh eile a fhaomhadh, a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh, an 9 Bealtaine 2027.
Athrú nua don Daonáireamh 2027 is ea go mbeidh foirm dhigiteach ar fáil ar líne. Is é seo an chéad uair in Éirinn a bheidh rogha ag daoine an daonáireamh a chomhlánú go digiteach, agus beidh foirmeacha páipéir ar fáil freisin.
Athrú suntasach eile is ea go mbeidh an daonáireamh le comhlánú sna seachtainí roimh dháta an daonáirimh, seachas oíche amháin mar a bhíodh roimhe seo.
Beidh athrú eile ann freisin, le haistriú go córas comhaireamh “gnáthchónaithe”, áit a gcaithfidh daoine an fhoirm a chomhlánú don áit a gcónaíonn siad de ghnáth seachas an áit a gcaitheann siad oíche an daonáirimh, mar a bhíodh roimhe seo. Cinntíonn an leasú sin sonraí níos cruinne faoi dháileadh an daonra.
Socraíodh ábhar na foirme daonáirimh trí chomhairliúchán poiblí a fuarthas os cionn 400 aighneacht, agus rinne Grúpa Comhairleach an Daonáirimh (CAG) athbhreithniú orthu ina dhiaidh sin. Tástáladh na ceisteanna molta le Suirbhé Píolótach Daonáirimh i Meán Fómhair 2024, agus bunaithe ar thorthaí an tsuirbhé sin socraíodh an tacar deiridh ceisteanna.
Dúirt Eileen Murphy, Ceann ar Chlaochlú Digiteach an Daonáirimh, tráth a labhair sí: “Is nóiméad tábhachtach náisiúnta é an Daonáireamh gach cúig bliana nuair a thagann muintir na hÉireann le chéile chun scéal ár bhféiniúlachta agus ár mbeatha laethúla a insint, chun cabhrú le pleanáil do thodhchaí níos fearr. Le níos lú ná dhá bhliain le dul, tá na hullmhúcháin ar siúl go maith agus is céim mhór chun cinn é faomhadh an Rialtais don dáta do Dhaonáireamh 2027. Is tréimhse spreagúil athraithe í seo don daonáireamh in Éirinn, a ligfidh don phobal a rogha féin a dhéanamh idir an fhoirm a chomhlánú ar líne nó ar páipéar.
Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le gach duine a rinne aighneachtaí don chomhairliúchán poiblí agus leo siúd a bhí ar Ghrúpa Comhairleach an Daonáirimh. Ba mhaith liom freisin mo bhuíochas a chur in iúl do na mílte duine a ghlac páirt sa Suirbhé Píolótach Daonáirimh anuraidh, agus do na daoine a d’oibrigh air.
Ní féidir áibhéil a dhéanamh faoi luach an daonáirimh. Cabhraíonn na torthaí le beartas agus cinnteoireacht a threorú, tugann siad fianaise chun seirbhísí a dhíriú níos fearr ar na háiteanna is gá, agus cuireann siad léargas luachmhar ar fáil ar athruithe i sochaí na hÉireann. Ina theannta sin, is iarracht chomhchoiteann é a dhéanann cuid bhunúsach dár n-oidhreacht náisiúnta agus dár gcuid eolais chomhroinnte. Táimid ag tnúth le dul i dteagmháil leis an bpobal trí fheachtas fairsing feasachta agus cumarsáide roimh Dhaonáireamh 2027.”