Labhraíomar le Steven Lucas, Staitisteoir Sinsearach sa Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO), faoin méid is féidir le sonraí CSO a insint dúinn faoi threochtaí fostaíochta in Éirinn.
Faightear an meastachán oifigiúil ar fhostaíocht ón Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS), ina ndéantar sampláil ar 32,500 líon tí ar fud na tíre gach trí mhí.
Ligeann sonraí ón SLS dúinn ceisteanna mionsonraithe a chur ar chineálacha éagsúla líonta tí faoi ghnéithe sonracha den mhargadh saothair, amhail uaireanta oibre, cineál fostaíochta, infhaighteacht chun oibre, nó stádas breoiteachta nó míchumais, nach mbeadh ar fáil go héasca ó fhoinsí sonraí eile.
Baineann an CSO leas freisin as foinsí malartacha sonraí riaracháin, a bhailíonn comhlachtaí seirbhíse poiblí eile agus a úsáideann an CSO chun críocha staidrimh, chun léargas tráthúil cruinn a thabhairt ar an margadh saothair ag aon tráth ar leith.
I dteannta a chéile, ciallaíonn cumas CSO sonraí riaracháin agus sonraí suirbhé a chomhcheangal go slán agus faoi rún gur féidir linn léargas níos iomláine a thabhairt ar mhargadh saothair na hÉireann ná mar is féidir le haon ghníomhaireacht eile, agus léargas a thabhairt ar threochtaí le himeacht ama.
Ar an iomlán, tá leibhéil fostaíochta níos airde ná riamh agus dífhostaíocht íseal le feiceáil in Éirinn ó bhí an phaindéim ann, ach léirítear sna figiúirí is déanaí go bhfuil an fás níos ísle anois.
Shroich an ráta fostaíochta 75.3% i Ráithe 3 (R3) 2024, an leibhéal ab airde sa tsraith ó 1998. Tháinig laghdú air go 74.3% faoi R2 2026, cé go raibh 2.84 milliún duine i bhfostaíocht sa ráithe sin, an líon ab airde a tuairiscíodh sa Stát fós. Le linn na tréimhse sin, d’ardaigh an ráta dífhostaíochta go 5.1% ó 4.8% in 2025. Cé go bhfuil an margadh saothair láidir de réir caighdeáin stairiúla, tá sé tábhachtach faireachán leanúnach a dhéanamh ar na príomhtháscairí chun treochtaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint.
I measc na n-athruithe fadtéarmacha is suntasaí sin tá an méadú ar rannpháirtíocht na mban sa lucht saothair. Bhí os cionn 1.3 milliún bean i bhfostaíocht in R2 2026, méadú beagnach 90% ó R1 2000. Is mná anois formhór mór na n-oibrithe in earnálacha amhail Sláinte an Duine agus Obair Shóisialta agus Oideachas. Tá bearna inscne fós ann ó thaobh rátaí fostaíochta agus pá de, ós rud é go bhfuil líon na mban níos airde in obair pháirtaimseartha, ach tá athrú suntasach tagtha ar fhostaíocht na mban ó thaobh méide agus comhdhéanaimh de.
Tá daoine ag fanacht sa lucht saothair níos faide freisin. B’ionann daoine 55 bliana d’aois agus níos sine agus thart ar 20% den lucht saothair in R2 2026, beagnach dhá oiread an chion a bhí i gceist in 2000. Is léir freisin go bhfuil daoine 65 bliana d’aois agus níos sine ag leanúint orthu ag obair thar an aois scoir thraidisiúnta. Ó 2022, tá ardú beagnach 30% tagtha ar an bhfostaíocht i measc an aoisghrúpa níos sine seo. Is léiriú é seo ar ár ndaonra atá ag dul in aois, chomh maith le hathruithe ar chinntí scoir agus ar chúinsí airgeadais, sláinte níos fearr agus obair sholúbtha a bheith ar fáil.
Is iondúil go mbíonn caidreamh éagsúil ag daoine óga leis an margadh saothair mar go mbíonn cuid mhór acu ag obair agus iad ar scoil, sa choláiste nó i mbun oiliúna. Is dóichí go n-oibreoidh siad go páirtaimseartha agus níos lú uaireanta in earnálacha amhail lóistín, seirbhísí bia agus miondíol.
Tá fostaíocht na n-óg níos íogaire freisin d’athruithe sa timthriall eacnamaíoch. Bhí ráta fostaíochta daoine idir 15 agus 24 bliana d’aois ag 45.2% in R2 2026, síos ó 46.7% bliain roimhe sin, agus bhí ráta dífhostaíochta na n-óg ag 13.2%. Cuirtear é sin i gcomparáid le ráta dífhostaíochta 4.2% i measc daoine idir 25 agus 74 bliana d’aois.
Thuairiscigh beagnach 1 mhilliún duine go n-oibríonn siad ón mbaile cuid den am ar a laghad in R2 2026, cé gur tháinig laghdú ar an líon sin i gcaitheamh na bliana, agus thuairiscigh os cionn 1.8 milliún duine fostaithe nach n-oibríonn siad ón mbaile riamh.
B’ionann náisiúnaigh neamh-Éireannacha agus 61.4% den mhéadú ar líon na bhfostaithe idir 2019 agus 2024, agus bhí ionadaíocht thar a bheith ard acu sna hearnálacha Riarachán agus Seirbhísí Tacaíochta, Lóistín agus Seirbhísí Bia, agus Faisnéis agus Cumarsáid.
Léiríonn na hathruithe seo go bhfuil soláthar saothair, déimeagrafaic agus patrúin athraitheacha oibre ar fad ag múnlú mhargadh saothair na hÉireann.
Go ginearálta, tá pá ag ardú i ngach earnáil. In 2025, sháraigh an meántuilleamh seachtainiúil €1,000 den chéad uair ó cuireadh tús lenár sraith in 2008.
D’ardaigh an meántuilleamh seachtainiúil beagán faoi bhun 24% idir R1 2021 agus R1 2026, ó €861 go €1,065. Tháinig an méadú ba mhó ar thuilleamh na ndaoine a bhí ag obair in Airgeadas agus Eastát Réadach, méadú beagnach 30% ó €1,347 in R1 2021 go €1,748 in R1 2026, agus tháinig méadú thart ar 18% ar phá i dTrádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola, ó €624 in R1 2021 go €739 in R1 2026.
Tháinig méadú 24.0% ar an Innéacs Praghsanna do Thomhaltóirí sa tréimhse chéanna.
| Preasoifig | (+353) 21 453 5028 |
|---|---|
| R-phost | pressoffice@cso.ie |
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá súil againn go bhfuil léargas ar an gcineál eolas a fhoilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh le linn na bliana curtha ar fáil sa ghné-alt seo. Chun tuilleadh léargas a fháil, tabhair cuairt ar CSO.ie nó ar ár gcainéil meán sóisialta:
X LinkedIn Facebook Instagram YouTube