Skip navigation

COVID-19 – An tEolas is déanaí d'Úsáideoirí Sonraí

An Beochlár

Tá sé i gceist ag an Oifig an Beochlár i leith Márta 2020 a fhoilsiú mar a bhí beartaithe Déardaoin an 2 Aibreán.

Áireofar ar an eisiúint seo eolas maidir le scéimeanna éagsúla atá curtha in áit chun déileáil le cailliúint ioncaim de bharr COVID-19. Faoi láthair, tá measúnú á dhéanamh maidir le cén cur chuige staitistiúil a n-úsáidfear do na scéimeanna seo agus tabharfar míniú air seo san eisiúint Beochláir.

Meastacháin Dífhostaíochta Míosúla

Tá measúnú á dhéanamh ag an Oifig faoi láthair maidir le himpleachtaí na bearta tacaíocht ioncaim COVID-19 ar thiomsú na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil (MUE). Mar gheall air seo, ní féidir an eisiúint MUE a fhoilsiú ar an dáta sceidealaithe, an 31 Márta. Molaimid dár n-úsáideoirí súil a choinneáil ar shuíomh gréasáin na hOifige amach anseo chun teacht ar an eolas is déanaí faoin eisiúint seo.

Dé Luain an 30 Márta 2020