Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Ba mhór an bua a bhí sa cheathrú heagrán den chomórtas forbartha feidhmchláir, Apps4Gaps, i mbliana.

D’éirigh thar cionn leis an gcomórtas Apps4Gaps i mbliana. Go raibh maith agaibh uile, agus comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt agus a chinntigh go dtarlódh an comórtas seo. Bhí éagsúlacht agus cruthaitheacht ag baint leis na hiarratais a fuaireamar. Thug siad léargas ar an úsáid shuimiúil spleodrach atáthar a baint as na sonraí nasctha oscailte a chuirtear ar fáil ar data.gov.ie, Tairseach Sonraí Oscailte na hÉireann.

B’iad na hiontrálacha ab fhearr na cinn ar éirigh leo aidhm an chomórtais a bhaint amach trí smaointe a fhorbairt agus feidhmchláir a chruthú a léiríonn slite nuálacha úra le leas a bhaint as na Sonraí Oscailte, sonraí a bhfuil fáil orthu go héasca ar data.gov.ie agus a d’fhéadfadh dul chun tairbhe don tsochaí i réimsí ar nós iompar, tithíocht, pleanáil, oideachas, cumarsáid agus sláinte.

Ar an bpainéal moltóirí don chraobhchomórtas, faoi chathaoirleacht Fiona O’ Riordan, bhí:

 

Fiona O’ Riordan

Leas-Phríomhoifigeach
Bainistíocht, Tacaíocht agus Dearbhú Cáilíochta
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh

 

Lorenzo Bruni

Leas-Phríomhofigeach
Forbairt Gréasán TF
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh

 

Ramesh KP

Innealtóir Bogearraí
IBM Product Distribution Limited
Gaillimh

 

Soheila Dehghanzadeh

Mac léinn PhD
OÉG
Gaillimh

 

Arkadiusz Stasiewicz

Cúntóir Taighde
Insight Centre for Data Analytics
OÉG
Gaillimh

 

Bhí sé sách dian ar an bpainéal na hiontrálacha a mheasúnú agus na buaiteoirí a roghnú.

Aiseolas ó na moltóirí faoi na hiontrálacha:

  • Caithfidh iontrálacha úsáid a bhaint as tacar amháin sonraí, ar a laghad, ar data.gov.ie. Tá an comórtas ann ar mhaithe le húsáid na Sonraí Oscailte ar data.gov.ie a chur chun cinn.
  • Bí cinnte go bhfuil na rialacha léite agat sula seolann tú iontráil.
  • Luaigh foinsí go léir na sonraí a bhí in úsáid.

 

Torthaí Apps4Gaps 2017


Aip infheidhme – Buaiteoirí:


Chéad Áit:
Mórbhuaiteoir Bhonn Alice Perry agus duais airgid €1,500

“Luas Real Time Information”
Cruthaitheoirí: Eoghan Craven-Grace, Liam Finnegan agus Ethan Hammond, Baile Átha Cliath
Nasc don aip: https://play.google.com/store/apps/details?id=com.thunkable.eoghan_cravengrace.luas
Físeán mínithe: https://www.youtube.com/watch?feature=youtu.be&v=qhP_jqD2ofM

 

Dara hÁit:
Duais airgid €1,000

“Population Projections”
Cruthaitheoirí: Cian Dunne agus Mohammed Eraghubi

 

Bronnfar duaiseanna Apps4Gaps ag searmanas bronnta sa Cheoláras Náisiúnta, Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, ag 12 meán lae, Déardaoin 19 Deireadh Fómhair 2017 le linn Seachtain na Matamaitice.

 

Tugtar thíos na critéir bhreithiúnais ar leith, a d’fhéadfadh cabhrú le hiarrthóirí aipeanna agus aipeanna coincheap a fheabhsú amach anseo:

Úsáid sonraí
Bí cinnte go n-úsáideann an aip tacar amháin sonraí ar a laghad ar data.gov.ie, agus go nascann sí na sonraí sin le sonraí eile. Luaigh foinsí na sonraí a bhí in úsáid.

Ag ailíniú le spriocanna an tionscadail
Beidh na moltóirí ag súil le haipeanna a bhaineann úsáid as na Sonraí Oscailte ar data.gov.ie ar bhealach úr nuálach, agus le fianaise gur oibrigh an grúpa mar fhoireann lena n-aip a fhorbairt agus a chur i láthair.

Feidhmiúlacht agus feidhmiú
Caithfidh feidhmiúlacht a bheith ag baint leis an aip más aip oibre í, sin nó caithfidh go bhfuil an coincheap go maith agus go n-oibreoidh sé. Ní mór úsáid chuí a dhéanamh de na sonraí. Caithfidh an aip a bheith áisiúil don úsáideoir. Cabhraíonn sé má luaitear san iontráil an t-ardán / na hardáin ar a ritheann / ar ar tástáladh an aip oibre. Maidir le físeáin, níor chóir iad a bheith rófhada (5 nóiméad ar a mhéid) agus ba cheart go léireoidís an pobal meáin don aip, mar aon le buntáistí, inscálaitheacht agus cás úsáide na haipe.
A úsáidí a bheidh an aip do dhaltaí, do mhic léinn, do mhúinteoirí, do scoileanna agus do phobal na hÉireann
Ba cheart go rachadh an aip chun tairbhe don tsochaí; ba cheart go rachadh sí chun tairbhe don phobal meáin ar dearadh dóibh í. Ba cheart í a bheith úsáideach. Ba cheart go bhféadfadh daltaí agus mic léinn, múinteoirí, scoileanna agus muintir na hÉireann leas a bhaint aisti.

Féidearthachtaí
I mbeagán focal, más aip infheidhme í an oibríonn sí? Nó, más iontráil coincheapa í an bhféadfadh sí oibriú? An bhféadfaí an aip a úsáid ar ardáin éagsúla? (fón póca, táibléad, PC) An bhfuil an aip feidhmiúil? An réiteach feidhmiúil í? An bhféadfaí í a eisiúint? An úsáidfeadh daoine í? An mbeifí sásta í a úsáid?

Cruthaitheacht / Úire na smaointeoireachta
Ba cheart an aip a bheith cruthaitheach mealltach. Caithfidh gur aip úrnua í. B’fhearr dá bhféadfadh an aip ceist spéisiúil a fhreagairt, saincheist a aibhsiú nó réiteach a sholáthar.

 

Go raibh maith agaibh
Comhghairdeas le gach iarrthóir as páirt a ghlacadh i gcomórtas Apps4Gaps. Gabhaimid buíochas do na daoine uile a bhí rannpháirteach, a chuidigh nó a rinne rud ar bith a chuir le rathúlacht an chomórtais.

Fáilte roimh aiseolas
D’fhéadfá do chuid aiseolais agus tuairimí faoin gcomórtas Apps4Gaps a sheoladh chuig: apps4gaps@gmail.com