Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Insíonn innéacs Praghsanna dúinn an t-athrú ar phraghsanna thar thréimhse ama mar chéatadán. Ní insíonn sé tada dúinn faoi leibhéal iarbhír praghasanna.

Má dhéanaimid compáráid idir threoiruimhreacha do dhá tháirge dhifriúil, is féidir linn a rá go bhfuil praghas táirge amháin ag ardú nó ag ísliú, níos tapúla nó níos moille, ná an ceann eile.

Ní bheidh a fhios againn ó na treoiruimhreacha cén táirge atá níos costasaí.

Sampla 4: Cuir 2 tháirge i gcomparáid lena chéile: Arán agus gluaisteán.

Tá treoiruimhreacha tugtha d’arán agus do ghluaisteán. Tosaíonn an dá shraith treoiruimhreacha ag 100 i mí na Nollag 2001, an buntréimhse. Is féidir linn a rá go bhfuil an dá shraith treoiruimhreacha Bonn Nollaig 2001=100.

Tábla 2 Treoiruimhreacha d’Arán agus do Ghluaisteáin
Bonn: Nollaig 2001 mar 100
Tréimhse Arán Gluaisteáin
  Nollaig 2001 100.0 100.0
Eanáir 2002 100.0 100.0
Feabhra 2002 100.0 100.4
Márta 2002 100.3 101.0
Aibreán 2002 102.4 101.5
Bealtaine 2002 104.3 101.5
Meitheamh 2002 105.1 101.6
Iúil 2002 105.2 101.9
Lúnasa 2002 105.4 101.9
Meán F. 2002 105.3 101.9
Deireadh F. 2002 105.3 102.4
Samhain 2002 105.2 102.4
Nollaig 2002 105.4 102.4


Chun an t-athrú ar phraghas aráin idir Eanáir 2002 agus Nollaig 2002 a áireamh, cuir an fhoirmle seo i bhfeidhm:

Foirmle 2:

Ansin d’arán

Tríd an gcleachtadh seo a athdhéanamh do ghluaisteán is féidir linn a fheiceáil gur tháinig ardú de 2.4% ar phraghsanna gluaisteán.
Ciallaíonn sé seo gur tháinig ardú níos mó (ó thaobh céatadán de) ar phraghas aráin ná mar a tháinig ar phraghas gluaisteáin idir Eanáir agus Nollaig 2002.

Sampla 5:


In Eanáir 2002 is é 97c meánphraghas builín aráin agus is é €10,000 meánchostas gluaisteáin. Tá an gluaisteán i bhfad níos costasaí ná builín aráin.
In Iúil 2002 d’ardaigh meánchostas gluaisteáin go dtí €10,190 agus cosnaíonn builín aráin €1.02. Cén táirge ar tháinig an t-athrú ba mhó ar a mheánphraghas? Is féidir linn é seo a oibriú amach leis an bhfoirmle seo:


Foirmle 3:

ansin do ghluaisteáin

agus d’arán

Léirigh treoiruimhreacha é seo i dT�bla 2. Is é 105.2 an treoiruimhir d’arán in Iúil 2002. Is é 101.9 an treoiruimhir do ghluaisteáin in Iúil 2002. Má úsáideann tú na treoiruimhreacha seo le foirmle 1 gheobhaidh tú na hathruithe céatadán céanna.
Dá gcosnódh arán €1.35 ar an meán in Eanáir 2002 agus dá n-ardódh an praghas go dtí €1.42 in Iúil 2002 b’é 5.2% fós an t-athrú mar chéatadán. Agus na treoiruimhreacha in úsáid againn faighimid an freagra céanna fós. Mar sin ní insíonn treoiruimhreacha dúinn ach an t-athrú ar an bpraghas.
Ní insíonn sé tada dúinn faoin leibhéal iarbhír nó iomlán praghais.


Cuimhnigh -

  • Tugann innéacs praghsanna eolas ar athruithe ar phraghsanna.
  • Ní thugann innéacs praghsanna aon eolas ar leibhéil iarbhír phraghsanna .
  • Is féidir le praghas ruda atá saor ardú nó ísliú níos tapúla nó níos moille ná praghas ruda atá costasach.