Ar chuir tú ceist ort féin riamh cén fáth a ndealraíonn sé nach bhfuil tú in ann an oiread céanna a cheannach le do chuid airgid agus a bhíteá? Le himeacht ama cailleann do chuid airgid a chumhacht cheannaithe. Tarlaíonn sé sin mar gheall ar bhoilsciú. Curtha ar bhealach simplí, is éard a chiallaíonn boilsciú ná an ráta ag a gcailleann do chuid airgid a chumhacht chun rudaí a cheannach. Is é an t-IPT an tomhas oifigiúil ar bhoilsciú in Éirinn.
Is féidir an t-IPT a úsáid chun an meath ar luach airgid a thomhas. Mar shampla, d'fhéadfadh sé gur mian leat a fhiosrú ar mhéadaigh pá ar aon luas le praghsanna.
Tábla 1
IPT Gach Ruda Bonn: Lár Mhí na Nollag mar 100 |
||
Nollaig | 2001 | 100.0 |
Eanáir | 2002 | 99.8 |
Feabhra | 2002 | 100.5 |
Márta | 2002 | 101.4 |
Aibreán | 2002 | 102.3 |
Bealtaine | 2002 | 102.8 |
Meitheamh | 2002 | 103.0 |
Iiúl | 2002 | 102.6 |
Lúnasa | 2002 | 103.2 |
Meán Fómhair | 2002 | 103.7 |
Deireadh Fómhair | 2002 | 104.2 |
Samhain | 2002 | 104.3 |
Nollaig | 2002 | 105.0 |
Eanáir | 2003 | 104.6 |
Feabhra | 2003 | 105.6 |
Márta | 2003 | 106.4 |
Léiríonn Tábla 1 gur tháinig árdú de 4.9% ar phraghsanna idir Márta 2002 agus Márta 2003.
I bhfocail eile b'é 4.9% an ráta bliantúil boilcithe suas go Márta 2003. Céard a chiallaíonn sé seo i ndáiríre? Ciallaíonn sé gur tháinig ísliú de 4.9% ar luach airgid idir Márta 2002 agus Márta 2003. Má bhí €1 agam i Márta 2002, bhí €1.049 (nó €1.05) ag teastáil uaim i Márta 2003 le go mbeadh an chumhacht cheannaithe chéanna agam. I bhfocail eile, tá 4.9c (nó beagnach 5c) sa bhreis ag teastáil uaim le bheith in ann an ciseán céanna earraí agus seirbhísí a cheannach agus a cheannaigh mé an bhliain seo caite. Nó d'fhéadfá breathnú air droim ar ais agus a rá nach raibh ag teastáil uaim an bhliain seo caite ach 95.3c chun an méid a chosnaíonn €1 orm inniu a cheannach.
Sampla 1:
Do gach euro a bhí agam in Iúil 2002 bhí 1 euro agus 3.7c ag teastáil uaim i Márta 2003 chun an ciseán céanna earraí agus seirbhísí a cheannach. Mar sin má bhí €10 agam in Iúil 2002 bhí €10.37 ag teastáil uaim i Márta 2003. Úsáid an fhoirmle seo chun é a oibriú amach:
Foirmle 1:
ansin
Sampla 2:
Má bhí €50 agam i mí Dheireadh Fómhair 2002, ní raibh ach €47.89 ag teastáil uaim in Eanáir 2002 chun an ciseán céanna earraí agus seirbhísí a cheannach. Léiríonn an €2.11 sa bhreis a theastaigh chun an ciseán céanna earraí agus seirbhísí a cheannach i mí Dheireadh Fómhair an t-ardú de 4.4% i meánleabhéal praghsanna idir Eanáir agus Deireadh Fómhair.
Sampla 3:
Cuir i gcás go raibh €211 le caitheamh agam i mí na Nollag 2002.
Dá bhfanfainn go dtí Eanáir 2003, d'fhéadfainn an ciseán céanna earraí agus seirbhísí a cheannach ar €210.20.
Meabhraigh -