Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Céard é an IPT?

Tomhasann an t-Innéacs Praghsanna do Thomhaltóirí nó IPT an t-athrú foriomlán ar phraghsanna na n-earraí a cheannaíonn daoine go hiondúil i dtréimhse ama. Déantar é seo trí os cionn 50,000 praghas a bhailiú gach mí agus iad a chur i gcomparáid le praghsanna ón mí roimhe sin.

Mar gheall go bhfuil spéiseanna éagsúla ag gach duine agus nósanna difriúla maidir le hairgead a chaitheamh, tomhasann an IPT praghsanna do réimse leathan rudaí. Ní amháin go dtomhasann an IPT athruithe i bpraghsanna earraí ach i seirbhísí chomh maith e.g. gruagaireacht, táille tacsaithe, árachas &rl. Tugtar an ciseán earraí agus seirbhísí ar seo go hiondúil.

Ní bhaineann an ciseán le haon duine ar leith ná le haon teaghlach ach seasann sé do go leor teaghlach in Éirinn. Leagtar síos na hearraí agus seirbhísí a chuirtear isteach sa chiseán bunaithe ar thorthaí an tSuirbhé um Bhuiséadú Teaghlaigh gach 5 bliana. Cinntear tábhacht nó meáchan na n-earraí agus na seirbhísí seo (amhail is mó an tábhacht is mó an meáchan) ó fhaisnéis bailithe sa Suirbhé um Bhuiséadú Teaghlaigh (PDF 161KB).

Ó 2001 i leith áirítear turasóirí eachtrannacha ar saoire in Éirinn san innéacs trí mheáchan na rudaí sin a cheannaíonn turasóirí go hiondúil a mhéadú, mar shampla lóistín agus béilí.

Cé a úsáideann an IPT?


Úsáideann na daoine seo a leanas na torthaí:

  • Ranna Rialtais na hÉireann
  • An tAontas Eorpach
  • gach macra-eacnamaí
  • gach taighdeoir le suim i dtreochtaí eacnamaíocha
  • grúpaí leasa speisialta eile.

Rúndacht


Tá na sonraí a thugtar sa suirbhé go hiomlán faoi rún. Tá sé seo dearbhaithe le dlí, faoin Acht Staidrimh 1993.

Ní féidir sonraí ar leith a thabhairt ar bhealach inaitheanta do dhuine ná d’eagraíocht ar bith.