Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Thosaigh an tSuirbhé Náisiúnta Teaghlaigh Ráithiúil (SNTR) i Meán Fómhair 1997, in áit Suirbhé Bhliantúil ar Lucht Saothair a bhíodh ann i mí an Aibreáin. Is í príomhfheidhm an tsuirbhé meastacháin ráithiúla um lucht saothair a sholáthar, ina mbíonn faisnéis maidir le fostaíocht, dífhostaíocht, gairmeacha beatha, sonraí réigiúnacha agus aoisghrúpa &rl. Soláthraíonn an SNTR tuarascálacha ar ábhair speisialta shóisialta (mar shampla Coiriúlacht agus Leatrom, Tithíocht, Athchúrsáil, Taisteal chuig Obair, Sláinte).

Foilsítear faisnéis gach ráithe, go hiondúil idir dhá agus trí mhí i ndiaidh na tréimhse tagartha. Tá sonraí le fáil freisin ar Sheirbhísí Scairbhileoga Eirestat agus foilsítear iad chomh maith ar Chlár Fógraí Staitistiúil agus in Iris Bhliantúil Staitistiúil na POS.

Úsáideann ollscoileanna agus eacnamaithe an SNTR go forleathan chomh maith le tionchar láidir a bheith aige ar dhéanamh beartais ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cliceáil anseo chun cóip den tSuirbhé Náisiúnta Ráithiúil Teaghlaigh is déanaí (PDF 161KB as bearla)a fheiceáil.