Úsáidtear an Beochlár chun sraith mhíosúil a chur ar fáil de líon na ndaoine (le roinnt eisceachtaí) a chláraíonn do Chúnamh/Sochar Dífhostaíochta nó do theidlíochtaí reachtúla éagsúla eile ag oifigí áitiúla den Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh.
Foilsítear faisnéis i bhfoirm ráitis mhíosúil dar teideal Anailís ar an mBeochlár (PDF 116KB as bearla). Tá sonraí le fáil freisin ar Scaipeadh Staitisticí an Phríomh-Oifig Staidrimh agus a d'fhoilsíodh i mBliainiris Staidrimh na hÉireann (CSO).
Níl sé deartha go sonrach chun dífhostaíocht a thomhas. Mar sin féin cé gur comhaireamh riaracháin é an Beochlár go príomha agus nach tomhas sonrach atá ann ar dhífhostaíocht ceann de na príomhúsáidí nó feidhmeanna atá aige ná mar tháscaire gearrthéarmach ar Dhífhostaíocht. Soláthraíonn an sraith sonraí d’úsáideoirí ag leibhéal sonraithe tíreolaíoch i.e. síos chomh fada le leibhéal contae agus fiú oifig áitiúil. Ní féidir leo na sonraí seo a fháil in aon áit eile agus míníonn sé seo cén fáth a n-úsáidtear an tsraith go forleathan.