Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Cén chaoi a ndéantar OTI agus OTN a thomhas?


Is féidir tabhairt faoin OTI a thomhas ar roinnt bealaí. Baintear úsáid as dhá bhealach díobh sin in Éirinn. Faoin gCur Chuige Ioncaim déanann muid eilimintí difriúla an ioncaim a thomhas - mar shampla brabús comhlachtaí agus daoine féinfhostaithe, pánna agus tuarastáil agus cíos áitreabh. Déantar roinnt ceartuithe ansin do nithe ar nós athruithe stoic.

Na bealaí éagsúla a chaitear an t-ioncam seo ar earraí agus ar sheirbhísí é an cur chuige eile. Déanann muid caiteachas pearsanta, caiteachas rialtais, caiteachas ar infheistíocht chaipitiúil agus onnmhairí a mheas. Baineann easpórtáil le hOTI na hÉireann mar is caiteachas é a dhéanann tíortha eile ar earraí agus ar sheirbhísí na hÉireann. Ar an láimh eile, baineann muid allmhairí as an áireamh mar gheall gurb é sin caiteachas na nÉireannach ar tháirgíocht tíortha eile.

Ba cheart go mbeadh an freagra céanna faighte ar an dá mheastachán seo ach, mar gheall go bhfuil foinsí difriúla in úsáid, agus ós rud é gur meastachán atá ann, ní bhíonn an freagra céanna ann ariamh. Tarlaíonn sé seo i ngach tír. Tagann tíortha ar réiteach ar an bhfadhb ar bhealaí éagsúla. In Éirinn, tógtar an leibhéal oifigiúil OTI mar mheán na meastachán caiteachais agus ioncaim. Déantar mír chomhardaithe a thaispeáint ansin atá ina leath den difríocht idir an dá mheastachán. Is é seo an méid nach mór an dá mheastachán a cheartú le bheith cothrom leis an leibhéal oifigiúil OTI.

Baineann an POS úsáid as réimse leathan foinsí leis na meastacháin seo a chur le chéile. Baintear úsáid as beagnach gach ceann de na fiosrúcháin a dhéanann an POS ar bhealach amháin nó eile chomh maith, ár ndóigh, le heolas a sholáthar maidir lena n-ábhar féin. Mar shampla cuidíonn na figiúirí don fhostaíocht iomlán a chuirtear le chéile ón Suirbhé Náisiúnta Teaghlaigh Ráithiúil(PDF 161KB as bearla) le hiomlán na bpánna agus na dtuarastal a áireamh, baintear úsáid as an Suirbhé Náisiúnta Buiséid Teaghlaigh   (PDF 321KB as bearla) le meastachán a dhéanamh ar chaiteachas pearsanta agus mar sin de.