An Ráta Fáis
Is dócha gurb é an ráta fáis an figiúr is minicí a dhéantar tagairt dó ó na cuntais náisiúnta. Is é seo an t-athrú in OTI (nó OTN) ag praghsanna seasmhacha. Is ionann Praghsanna Seasmhacha agus an t-athrú tar éis aon mhéaduithe nó laghduithe a bhain le hathruithe praghas a bheith bainte amach. Mar sin, ag baint úsáide as OTN, mar a léirítear sa tábla thíos bhí ráta fáis de 4.3% sa bhliain ann don tréimhse 2000 - 2005.
| 2000 | 2005 | Athrú ar an Meán 2000-2005 | |
| €m. | €m. | ||
| Caitheachas pearsanta | |||
| ag praghsanna reatha | 50,561 | 74,114 | 7.9% |
| ag praghsanna seasta 2004 | 58,669 | 73,282 | 4.5% |
| OTN | |||
| ag praghsanna reatha | 89,065 | 135,914 | 8.8% |
| ag praghsanna seasta 2004 | 106,260 | 130,932 | 4.3% |