Tá athrú ag teacht ar ról na Príomh-Oifige Staidrimh agus comhordú ag teacht i gceist ar chaighdeán na sonraí ar fud na státseirbhíse agus na seirbhíse poiblí chun tacú le sonraí ardchaighdeáin a chur ar fáil. Tá, mar shampla, an Phríomh-Oifig Staidrimh i mbun ceannródaíochta maidir leis an obair chun a chinntiú go ndéantar na sonraí ar fad a bhailítear sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí a chruinniú de réir na gcaighdeán comhaontaithe ionas gur féidir torthaí a shonrú, a mheas agus a chur i láthair ar bhealach níos comhleanúnaí. Chomh maith le ham agus airgead a shábháil, tiocfaidh de thoradh ar chur chuige comhleanúnach den sórt seo ar fud éiceachóras náisiúnta na sonraí go mbeidh sonraí ar chaighdeán níos airde ar fáil is féidir a úsáid ar mhaithe le muintir na hÉireann.
Nuair a bhíonn sonraí leagtha amach i bhformáid chaighdeánaithe, is fearr an léargas is féidir a bhaint astu. Bíonn comhordú maidir le taiscí sonraí thar a bheith tairbheach freisin i gcásanna géarchéime nuair a bhíonn gá réimse leathan sonraí a tharraingt le chéile go tobann, faoi mar a tharla i rith phaindéim COVID-19 nó mar gheall ar an gcogaíocht san Úcráin.
Tá gnóthaí comhordúcháin maidir le cruinniú sonraí agus an tuiscint a chothú ar shonraí a bheith ina sócmhainní straitéiseacha ina ngnéithe anois de ról athraitheach na Príomh-Oifige Staidrimh. Cé go bhféadfadh athrú a theacht ar mhodhanna oibre agus ar ról na hoifige, leanfar den dúthracht maidir le cosaint sonraí
Cuid de ról éabhlóideach na Príomh-Oifige Staidrimh is ea comhordú ar bhailiú sonraí, agus cur chun cinn sonraí mar shócmhainn straitéiseach ar fud na státseirbhíse agus na seirbhíse poiblí chun tacú le seachadadh sonraí ardchaighdeáin. Cé go bhféadfadh ár modhanna agus ár ról athrú, tá ár dtiomantas do chosaint sonraí agus rúndacht seasmhach i gcónaí.
Maoirseacht sonraí a thugtar ar an ról maidir lena chinntiú gur de réir eitice agus freagrachta a dhéantar sonraí a chruthú, a bhailiú, a bhainistiú, a úsáid agus a athúsáid ionas gur chun leasa don phobal a úsáidtear iad agus chun tairbhe don uile dhuine de lucht úsáide na sonraí.
Ós í an Phríomh-Oifig Staidrimh an Institiúid Staidrimh Náisiúnta (ISN) in Éirinn, is ar an oifig a leagtar de fhreagracht an ról foirmeálta a chomhlíonadh maidir le comhordú ar chaighdeáin sonraí ar fud na státseirbhíse agus na seirbhíse poiblí. Tacaíonn an oifig freisin don úsáid as sonraí ar mhaithe le leas an phobail trí sheirbhísí éagsúla sonraí a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí, staitisteoirí ar iasacht san áireamh chomh maith le cúnamh i ndáil le sonraí oscailte, 'tionscadail ceannródaíochta' (mar shampla an Phríomh-Oifig Staidrimh ag obair leis an an Údarás um Ard-Oideachas chun sonraí a chur ar fáil faoi iarmhairtí céimithe agus luach saothair), teacht sábháilte ag taighdeoirí ar shonraí (nasc le rannóg níos faide anonn) agus seirbhísí maidir le modhanna oibre agus le cúrsaí dea-chaighdeáin.
Is gné den mhaoirseacht sonraí an dóigh ina gcuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh scileanna agus seirbhísí in úsáid ar bhealach cúramach stuama d'fhonn an leas is iomláine as na sócmhainní sonraí náisiúnta a thabhairt i gcrích ar mhaithe le muintir na hÉireann. Tagann léargas níos fearr agus toradh saothair níos fearr de bharr sonraí níos fearr. Tá ról na hoifige mar mhaor sonraí ag teacht le Bunphrionsabail an Staidrimh Oifigiúil agus is dá réir sin a chomhlíontar an ról. Áirítear ar an tairbhe a eascraíonn as caighdeáin agus modhanna oibre comhaontaithe a úsáid gur ísle an costas a thagann ar an gcáiníocóir, gur fearr a bhítear ábalta saothar staidrimh "fíor-ama" a chur ar fáil agus gur lú a bhítear ag éileamh ar fhreagróirí an fhaisnéis chéanna a chur ar fáil d'eagraíochtaí éagsúla.
Cuirtear roimh an bPríomh-Oifig Staidrimh sa straitéis fhadtéarmach An Phríomh-Oifig Staidrimh, CSO 2030 - Irish (PDF 1,098KB) ceannródaíocht náisiúnta a dhéanamh maidir le cúrsaí staitistice agus cur ar son bhainistíocht a dhéanamh ar shonraí mar shócmhainn náisiúnta, brostú leis an bhforbairt ar an gcóras náisiúnta sonraí agus seasamh ar son leathnú ar an mBonneagar Náisiúnta Sonraí (BNS). Tá Ráiteas Straitéise 2020-2023 na hoifige ar fáil freisin.
Ionas go dtagann tairbhe as Maoirseacht Sonraí, ní mór ord agus eagar a bheith ar na sonraí; stiúir cheart a bheith ar a gcoimeád; an úsáid astu a bheith de réir eitice; iad a bheith faoi chosaint; agus, an úsáid astu a bheith bunaithe ar an reachtaíocht.
Is é a chiallaíonn sin go praiticiúil, gur gá a chinntiú gur de réir na gcaighdeán comhaontaithe a tharlaíonn sonraí arna mbailiú ag údaráis phoiblí a chnuasach ionas gur féidir torthaí a shainsonrú, a thomhas agus a chur i láthair ar bhealach comhleanúnach. Tugtar san áireamh cónascadh idir sonraí ar fud réimsí éagsúla freisin.
Mar shampla, bíonn gá le faisnéis faoi chaidreamh lín tí nó faoi phósadh chun an riachtanas maidir le cláracha sóisialta agus eacnamaíochta san am atá romhainn a thuar agus chun an toradh ar bheartais agus ar chláir a thomhas. Is sampla eile caighdeánú a dhéanamh ar fud ranna agus ghníomhaireachtaí Rialtais faoin stádas reatha maidir leis an bpríomhghníomhaíocht lena dtugtar san áireamh caomhchóiriú ar na freagraí roghnacha i ndáil leo siúd atá ag obair nó dífhostaithe, iad siúd atá i mbun scolaíochtaí nó na daoine atá ar scor.
Déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh ceannródaíocht maidir leis an obair ar mhaithe le sainsonrú caighdeánaithe chomh maith le cónascadh sonraí ionas gur fearr is féidir sonraí a chur i dtoll a chéile agus a úsáid. Tarlaíonn cónascadh sonraí nó meaitseáil sonraí nuair a chuirtear dhá mhír sonraí, nó níos mó míreanna ná sin, le chéile d'fhonn léargas níos fearr a thabhairt ar an bhfuil i gceist leo. Mar shampla, tugtar meastachán maidir le daonra na hÉireann idir blianta Daonáirimh le Meastacháin Dhaonra na hÉireann ó Fhoinsí Sonraí Riaracháin (MDÉFSR), foilseachán de chuid na hoifige. Déantar sin trí mhodh oibre, arna thabhairt chun cinn ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, a oibriú d'fhonn leibhéil gníomhaíochta a thomhas bunaithe ar thacair sonraí riaracháin. Tagann de thoradh ar an saothar sraith d'ábhar staidrimh daonra atá bunaithe go hiomlán ar thaifid riaracháin. Bítear dian maidir le príobháideacht phearsanta a chaomhnú go docht ó thús go deireadh na hoibre maidir leis an ábhar staidrimh sin a chur ar fáil.
Áirítear ar an tairbhe a eascraíonn ó shonraí riaracháin a úsáid, mar is léir ó MDÉFSR, ísliú costais, maolú an ualaigh ar lucht na bhfreagraí, feabhas ó thaobh tráthúlachta agus caighdeáin, agus torthaí a chur ar fáil níos minice.
Tagann gach tionscnamh staidrimh lena mbaineann cónascadh idir foinsí sonraí reatha agus foinsí sonraí riaracháin faoi réir Prótacal Sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh agus bíonn Measúnacht Tionchair maidir le Príobháideacht i gceist. Foilsíonn an oifig clár de na tionscnaimh ar fad ina dtarlaíonn nascáil le sonraí riaracháin.
Faoin Acht Staidrimh 1993, tá de cheart faoin dlí ag an bPríomh-Oifig Staidrimh teacht ar shonraí a bhailíonn eagrais eile státseirbhíse agus seirbhíse poiblí.
Le Maoirseacht Sonraí, cuirtear chun cinn, i measc rudaí eile, freagracht i mbun sonraí a bhailiú, a bhainistiú, a úsáid agus a athúsáid ionas go ndéantar a n-úsáid ar mhaithe le leas an phobail agus chun tairbhe do gach duine den lucht úsáide sonraí. Déanann maoir sonraí bainistíocht agus comhordú ar bhearta idirghabhála sa chóras sonraí.
Baineann an Phríomh-Oifig Staidrimh úsáid as sonraí riaracháin ar mhaithe le hobair staidrimh faoi fhorálacha an Achta Staidrimh, 1993. Ní mór do ghach uile dhuine den fhoireann inmheánach a bhíonn teacht ar shonraí á éileamh acu cloí le próiséis rialachais dochta sular gceadaítear rochtain ar shonraí. Faoin Acht Staidrimh, is féidir leis an oifig freisin cead a thabhairt do dhaoine den aos taighde teacht ar Chomhaid Micreashonraí Taighde (CMT) d'fhonn bonn treise a chur faoi cheapadh beartais bunaithe ar fhianaise. Bíonn coinníollacha géara i gceist le cead den sórt sin agus leis an gcead a thabhairt.
Mar chuid de bhearta rialála na hoifige maidir le sonraí, cuirtear próiseas i bhfeidhm a fhágann sonraí anaithnid, próiseas lena mbaineann faisnéis aitheantais a ghlanadh chun siúil, mar shampla ainm agus seoladh, agus Sainchomharthaí Cosanta Aitheantais (SCA) a úsáid in ionad uimhreacha aitheantais. Leis an bpróiseas sin, tá cosaint do na bunuimhreacha aitheantais an tráth céanna a gcaomhnaítear an acmhainn comhcheangail ar fud thacair éagsúla sonraí. Gné eile den phróiseas go ndéantar an dáta bhreithe a shlánú go dtí an chéad lá den mhí, rud a fhágann gur féidir i gcónaí an aois a ríomh an tráth céanna a gcosnaítear an dáta breithe. Cuirtear an próiseas seo maidir le sonraí a chur i bhfoirm anaithnid i bhfeidhm i ndáil le gach iarratas deis a thabhairt teacht ar shonraí.
Cuirtear prótacáil dhiana i bhfeidhm go géar maidir le ligean do dhaoine den lucht taighde comhaid CMT a thapú. Baineann na prótacáil sin le hiarratas agus le ceadú araon. Níl glacadh le hiarratas ar dheis tacair sonraí taighdeora a thapú ach amháin ó thaighdeoir cláraithe as foras taighde cláraithe in Éirinn agus cuirtear próisis dhochta breise i bhfeidhm maidir leis an bpróiseas ceadúcháin. Anuas ar an méid sin, cuirtear bearta teicniúla ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta agus cosanta i bhfeidhm maidir leis an teacht a bhíonn ag taighdeoir ar shonraí agus sin ar mhaithe le cinnteacht maidir le gnéithe rúndachta. Ar an gcéad dul síos, ní chuirtear ar fáil do thaighdeoirí ach sampla den chomhad sonraí atá curtha i bhfoirm anaithnid. Chomh maith leis na bearta sábháilteachta teicniúla, bíonn gach ainm (pearsanta nó gnólachta), seoladh, UPSPanna agus dáta breithe bainte amach. Cé go mbíonn na tosca aitheantais sin glanta chun bealaigh, pléitear i gcónaí leis na tacair sonraí mar shonraí rúnda.
D'fhonn cosaint níos mó arís maidir le slándáil sonraí,ní féidir le taighdeoirí a gceadaítear teacht ar shonraí de chuid na hoifige aon úsáid a bhaint astu ach amháin maidir le cúrsaí staidrimh. Ceaptar gach taighdeoir a gceadaítear teacht ar shonraí de chuid na hoifige dóibh ina nOifigigh Staidrimh agus bíonn dlite orthu dá réir sin aird a choinneáil ar rúndacht na sonraí a gceadaítear deis orthu dóibh. Fágann sin freagracht phearsanta orthu maidir le cosaint na sonraí agus sa chás go dtarlaíonn sárú de shaghas ar bith, is féidir an té atá freagrach as a ionchúiseamh faoin Acht Staidrimh.
Tá rúndacht na sonraí a chosaint ina ghné bhunlárnach den obair ar fad a dhéantar