Leagtar amach san fhógra seo na sonraí sonracha a theastaíonn faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (2016/679) i ndáil le faisnéis a mhíníonn an chaoi a láimhseáiltear sonraí pearsanta atá i seilbh na heagraíochta seo. Tugtar míniú ann ar cé muid féin, céard a dhéanaimid le sonraí pearsanta a bhailítear, sonraí ár n-oifigigh cosanta sonraí, cén uair agus cén fáth a mbailímid sonraí pearsanta, an chaoi a n-úsáidimid sonraí pearsanta, an bunús dlí chun sonraí pearsanta a bhailiú, agus faisnéis eile a cheanglaítear leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí.
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Bóthar na Sceiche Airde
Corcaigh
T12 X00E
Teil: (+353) 21 453 5000
Facs: (+353) 21 453 5555
Ríomhphost: dpo@cso.ie
Cliceáil anseo chun sonraí iomlána a fháil maidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh agus eolas a fháil ar an méid a dhéanaimid le sonraí staidrimh.
An tOifigeach Cosanta Sonraí
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Bóthar na Sceiche Airde
Corcaigh
T12 X00E
Ríomhphost: dpo@cso.ie
Tá an cuspóir atá le sonraí pearsanta a phróiseáil ag teacht leis na ceanglais a leagtar amach faoin Acht Staidrimh, 1993 chun faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí agus dálaí eacnamaíocha, sóisialta agus ginearálta sa Stát a bhailiú, a phróiseáil, a anailísiú agus a scaipeadh.
Le linn di a feidhmeanna a fheidhmiú, faigheann an Phríomh-Oifig Staidrimh faisnéis ó réimse leathan foinsí. Faoin Acht Staidrimh, 1993, is léir ó shainordú agus ó shrianta ar úsáid faisnéise na Príomh-Oifige Staidrimh (Ailt 10(1) agus 32 den Acht) gur chun críocha staidrimh amháin is féidir an fhaisnéis a bhailíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh a úsáid. Ní ceadmhach í a úsáid chun aon chríche eile agus caithfear léi faoi rún le linn gach próiseála de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh.
Bailítear sonraí pearsanta chun ceanglais Náisiúnta agus Eorpacha a chomhlíonadh maidir le staidreamh oifigiúil a chur ar fáil. Tá nasc chuig an gClár Oibre Staidrimh Bliantúil anseo.
Bailíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí faoi Alt 24, Alt 26 agus Alt 30 den Acht Staidrimh, 1993:
Baineann Alt 24 le suirbhéanna nó daonáirimh a dhéantar ar bhonn deonach.
Baineann Alt 26 le suirbhéanna nó daonáirimh atá éigeantach (i.e. nuair a shonraítear in Ordú ón Aire a rinneadh faoi Alt 25 nach mór na staitisticí a chur ar fáil don Phríomh-Oifig Staidrimh).
Cuirtear ar chumas na Príomh-Oifige Staidrimh le hAlt 30 teacht a bheith aici ar thaifid na n-údarás poiblí chun críocha staidrimh.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le freagróirí sonraí ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear tríd an bpost, ar an nguthán nó tríd an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, chun críche fiosruithe agus/nó chun suirbhéanna staidrimh eile de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh a bhailiú.
Tá mionsonraí sonracha maidir le gach táirge staidrimh leagtha amach anseo agus sna fógraí trédhearcachta aonair a bhaineann leis na suirbhéanna staidrimh agus leis an bpróiseáil staidrimh.
Go ginearálta, coinneofar sonraí chomh fada agus is gá chun críocha staidrimh. Nuair nach dteastaíonn foirmeacha suirbhéireachta nó taifid sonraí eile chun críocha staidrimh a thuilleadh, scriostar go slán iad. Is iad na foirmeacha Daonáirimh na taifid inaitheanta amháin a choinníonn an Phríomh-Oifig Staidrimh - faoi Alt 35 den Acht Staidrimh, is taifid phoiblí iad sin tar éis 100 bliain. Scriostar gach foirm eile go slán. Áireofar tréimhse choinneála agus mionsonraí trédhearcachta gach táirge staidrimh anseo mar chuid d’fhaisnéis na suirbhéanna agus na modheolaíochtaí a chuirtear ar fáil i gcomhair gach táirge.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Maoirseachta um Chosaint Sonraí ag:
Teileafón: (+353) 0761 104 800 nó Uimhir Ghlaoigh Áitiúil 1890 252 231 Facs: (+353) 57 868 4757
Ríomhphost: info@dataprotection.ie
Seoladh Poist: An Coimisiún um Chosaint Sonraí, 21 Cearnóg Mhic Liam Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28, Éire
Ní aistríonn an Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí pearsanta chuig tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach. Is chun críche ábhar staidrimh a phróiseáil de réir an Achta Staidrimh, 1993, agus chun na críche sin amháin, a bhailítear na sonraí go léir.
Tá Forálacha Dlí ann chun sonraí staidrimh rúnda a tharchur i bhfoirm anaithnid chuig Eurostat - Oifig Staidrimh an AE - ar mhaithe le hábhar staidrimh phobail chomhiomláin a thiomsú. Faoi reachtaíocht bhreise na hEorpa agus na hÉireann, is féidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh micreashonraí staidrimh neamh-anaithnidithe a bhaineann le Comhardú na nÍocaíochtaí a tharchur chuig an mBanc Ceannais Eorpach, ach ní bhíonn tionchar aige sin do chearta príobháideachais sonraí pearsanta.
Ní dhéantar aon chinnteoireacht uathoibríoch ar aon duine aonair bunaithe ar na sonraí pearsanta a bhailítear chun críocha staidrimh. Sháródh sé sin an tAcht Staidrimh ina sonraítear nach féidir na sonraí a bhailítear a úsáid ach chun críocha staidrimh amháin.
Tá na cearta a leanas agat maidir le do shonraí staidrimh faoin Reachtaíocht Ghinearálta um Cosaint Sonraí:
An ceart chun gearán a dhéanamh leis an Údarás Maoirseachta um Chosaint Sonraí.
Tá na cearta srianta seo a leanas agat freisin nuair a phróiseáiltear do shonraí chun críocha staidrimh:
An ceart chun rochtain, coigeartú, scriosadh agus srian* a iarraidh nó chun cur i gcoinne do shonraí pearsanta a phróiseáil.
Mar sin féin, tá na cearta sin srianta sa mhéid is:
Go bhféadfaidh srianta a bheith i bhfeidhm i gcás inar dócha go ndéanfadh feidhmiú aon cheann de na cearta sin dodhéanta é an phróiseáil staidrimh a bhaint amach, nó go ndéanfaí dochar tromchúiseach, agus go bhfuil gá le srian den sórt sin chun an phróiseáil staidrimh a chomhlíonadh.
Má tá aon cheist eile agat maidir le do chearta Cosanta Sonraí agus mura bhfuil tú ábalta an freagra a fháil ar ár láithreán gréasáin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála atá tugtha thuas.
Féadfaidh taighdeoirí údaraithe na sonraí a bhailítear a úsáid do thuilleadh próiseála staidrimh faoi Alt 20(c) den Acht Staidrimh, 1993. I bhfoirm bréagainmnithe a bheidh na sonraí sin. Ciallaíonn "bréagainmniú” a dhéanamh ar shonraí ainm bréige a chur in ionad aon saintréith aitheantais sonraí, nó, i bhfocail eile, luach a fhágann nach féidir an t-ábhar sonraí a shainaithint go díreach.
* Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle