Tá láithreacht na Príomh-Oifige Staidrimh ar na meáin shóisialta á bainistiú ag Rannóg Eolais na heagraíochta.
Má leanann tú an cuntas X @POStaidrimh is féidir leat tvuíteanna rialta i nGaeilge a fheiceáil ina bhfógraítear na heisiúintí atá curtha amach ag an bPríomh-Oifig Staidrimh an lá sin.
Má leanann tú an cuntas X @CSOIreland is féidir leat tvuíteanna rialta a fheiceáil ina bhfógraítear na heisiúintí atá curtha amach ag an bPríomh-Oifig Staidrimh an lá sin.
Má nascann tú le leathanach Facebook na Príomh-Oifige Staidrimh, gheobhaidh tú eolas ginearálta faoin bPríomh-Oifig Staidrimh, postálacha faoi staidrimh agus forbairtí suimiúla sa Phríomh-Oifig Staidrimh chomh maith le heolas faoi fheachtais ar leith amhail an Daonáireamh.
Má bhreathnaíonn tú ar chainéal YouTube na Príomh-Oifige Staidrimh, feicfidh tú eolas faoi shuirbhéanna ar líonta tí agus agallóirí, an chaoi le staidrimh na Príomh-Oifige Staidrimh a úsáid, feachtais phoiblíochta, imeachtaí agus agallaimh.
Má leanann tú muid ar Instagram, feicfidh tú postálacha de ghrafaicí fasinéises agus amharcléirithe eile dár gcuid sonraí, chomh maith le heolas maidir le feachtais earcaíochta na Príomh-Oifige Staidrimh.
Má leanann tú muid ar LinkedIn, is féidir leat clárú leis an nuachtlitir seachtainiúil agus gheobhaidh tú eolas ginearálta faoin bPríomh-Oifig Staidrimh, chomh maith le heolas maidir le feachtais earcaíochta de chuid na hOifige.
Déanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh monatóireacht ar ár leathanaigh X, Facebook agus Instagram. Déanfar monatóireacht ar théamaí atá ag teacht chun cinn nó ar mholtaí cabhracha agus gníomhófar ina leith de réir mar is cuí. Mar sin féin, ní thabharfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh freagra aonair ar phostálacha ná ar tvuíteanna. Is é an bealach is fearr le teagmháil a dhéanamh linn ná dul chuig an Leathanach Teagmhála ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige.
Má leanann tú an Phríomh-Oifig Staidrimh ar na meáin shóisialta, ní leanfaimid ar ais tú go huathoibríoch. Ní hionann ár gcinneadh cuntas X nó cuntas meán sóisialta eile a leanúint agus tacaíocht ón bPríomh-Oifig Staidrimh. Bainfimid anuas nó blocáilfimid aon duine a phostálann ábhar míchuí nó maslach ar aon cheann dár suíomhanna meán sóisialta.
Déanfar uasdátú agus monatóireacht ar chuntais meán sóisialta na Príomh-Oifige Staidrimh de ghnáth i rith gnáthuaireanta oibre amháin, Luan go hAoine.