An Suirbhé Talmhaíochta, Meitheamh
Tá sé mar aidhm ag Suirbhé Talmhaíochta mhí an Mheithimh staitisticí a chur i dtoll a chéile ar an ngníomhaíocht feirmeoireachta a chuirtear i gcrích gach Meitheamh.
Is suirbhé é suirbhé mhí an Mheithimh a dhéantar gach bliain faoi Alt 24 den Acht Staidrimh,1993. De do thoil féin atá sé páirt a ghlacadh sa suirbhé.
Tugtar faoin suirbhé seo chun cloí le ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 543/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh bairr chomh maith le Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh beostoic agus feola.
Ní chuirtear ár dtorthaí ar fáil don phobal ach amháin i bhfoirm chomhiomlán agus déanaimid cinnte go bhfuil sé dodhéanta daoine aonair nó feirmeacha a aithint.
Cuirfear na sonraí a fhaightear ón suirbhé seo ar fáil do Eurostat chun go mbeidh siad in ann staidéar a dhéanamh ar phatrúin i struchtúr gabháltais talmhaíochta idir Éire agus Ballstáit AE eile.
Baineann gníomhaireachtaí talmhaíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta, Eurostat agus Ranna Rialtais úsáid mhór as na sonraí.
Beidh. Tá an t-eolas go léir a thugann tú don Phríomh-Oifig Staidrimh faoi rún daingean.
Leagtar caighdeáin amach san Acht Staidrimh, 1993, do rúndacht dhian. Is féidir an t-eolas a bailíodh a úsáid chun críocha staidrimh amháin agus ní féidir aon sonraí maidir le duine nó feirm inaitheanta a nochtadh d’aon roinn nó comhlacht eile rialtais.
Ní chuirtear ár dtorthaí ar fáil ach amháin i bhfoirm chomhiomlán agus déanaimid cinnte go bhfuil sé dodhéanta daoine aonair nó feirmeacha a aithint. Coinneofar na sonraí go slán sábháilte do thréimhse deich mbliana ar a mhéad ón dáta a chuirtear an suirbhé seo ar fáil agus ní féidir iad a úsáid ach d’aidhmeanna staidrimh amháin.
Chomh maith le sonraí a bhailiú díreach ó fhreagróirí suirbhéanna bainfidh an an Phríomh-Oifig Sonraí úsáid as sonraí riaracháin a cuireadh ar fáil don Phríomh-Oifig Staidrimh ón Roinn Talmhaíochta,
Bia agus Mara (an Scéim um Íocaíocht Bhunúsach agus an Córas Aithint agus Gluaiseacht Ainmhithe) agus Cónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann (ICBF).
Stephanie Kelleher, Rannán Suirbhéanna Talmhaíochta, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh, T12 X00E.
Teil +353 (21) 4535758 nó Ríomhphost agri@cso.ie
Under the General Data Protection Regulation, you have the following rights:
However, because your data is processed for statistical purposes these rights may be limited in accordance with Article 89 of the GDPR. This is due to the fact that the exercise of any of these rights may render impossible, or seriously impair, the achievement of the statistical processing and such restriction maybe necessary for the fulfillment of those purposes.
Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, tá na cearta seo a leanas agat:
Mar sin féin d’fhéadfadh na cearta sin a bheith teoranta de réir Airteagal 89 den RGCS ó tharla go bpróiseáiltear do shonraí chun críocha staidrimh.
Is amhlaidh atá mar go bhféadfadh feidhmiú aon cheann de na cearta sin a bheith dodhéanta nó cur as go mór do ghnóthachtáil na próiseála staidrimh agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le srian den chineál sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.