Fás Aníos in Éirinn (FAÉ).
Is é Fás Aníos in Éirinn (FAÉ) an staidéar náisiúnta fadaimseartha ar leanaí agus ar dhaoine óga, tionscadal i gcomhar idir an Roinn Leanaí, Míchumais, agus Comhionannais (DCDE) agus an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh an rialaitheoir sonraí do shonraí FAÉ. Bailítear sonraí faoi FAÉ ar réimse ábhair lena n-áirítear cúram leanaí, struchtúir teaghlaigh, oideachas agus oiliúint, sláinte choirp agus mheabhrach, tithíocht agus fostaíocht.
Buntacaítear leis an rochtain atá ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ar shonraí FAÉ agus foráiltear don rochtain sin in Alt 24 den Acht Staidrimh, 1993 – ‘Cuireadh faisnéis a sholáthar ar bhonn saorálach’. Tugann an Oifig faoi fheidhmiú a cuid cumhachtaí faoi Alt 24 den Acht i gcomhthéacs a cuid feidhmeanna arna n-ainmniú de réir dlí, atá leagtha amach in Alt 10 d’Acht 1993.
Tá trí ghrúpa nó chohórt ann faoi láthair a ndearnadh suirbhé orthu faoin tionscadal FAÉ. Tá suirbhé déanta ar dhá cheann de na grúpaí sin ó cuireadh tús le FAÉ, is iad sin Cohórt ’98, ar rugadh a bhformhór sa bhliain 1998; agus Cohórt ’08, ar rugadh a bhformhór sa bhliain 2008. Bailítear sonraí ón leanbh/duine óg, óna dtuismitheoirí/gcaomhnóirí, múinteoirí agus príomhoidí scoile, agus faoin leanbh/duine óg, faoina dtuismitheoirí/gcaomhnóirí, múinteoirí agus príomhoidí scoile. Cuireadh tús le sonraí a bhailiú faoi chohórt breithe nua, Cohórt ‘24, i R4 2023. Tá FAÉ éagsúil ó fhormhór na suirbhéanna sa mhéid is go bhfuil sé fadaimseartha, ie, bailíonn sé sonraí ón ngrúpa céanna thar thréimhse fhada. Fágann sé sin gur féidir an saol atá ag daoine amach sa saol agus iad níos sine, ar daoine iad a raibh eispéiris éagsúla acu nuair a bhí siad ag fás aníos, a mheas.
Is é an bunús dlí don phróiseáil ná Airteagal 6(1)(e) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i ndáil leis an bpróiseáil is gá a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir.
Tá sonraí catagóire speisialta in athróga sonraí áirithe a fhaightear faoi FAÉ agus, sna cásanna sin, tá an phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 9(2)(j) ar gá próiseáil a dhéanamh chun críocha staidrimh agus Airteagal 10, próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus coireanna agus ceadaítear sin faoi Ailt 42(1)(c), 54(c), 55(1)(a), agus 55(2)(e) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
Coinnítear sonraí pearsanta ar rannpháirtithe FAÉ lena n-áirítear sonraí teagmhála, comhdhéanamh teaghlaigh, uimhreacha PSP agus CAO (Cohórt '98 amháin). Bailítear sonraí catagóire speisialta freisin, go sonrach: eitneacht, reiligiún, sláinte (lena n-áirítear meabhairshláinte), tuairimí polaitiúla, ballraíocht i gceardchumann, gnéaschlaonadh agus iompar.
Ní chuirtear na torthaí ar fáil don phobal ach amháin i bhfoirm chomhiomlán agus déanaimid cinnte go bhfuil sé dodhéanta daoine aonair a aithint. Féadfar faisnéis anaithnidithe ó shuirbhéanna a chur ar fáil freisin do ranna rialtais eile, d’eagraíochtaí ceadaithe agus do thaighdeoirí ceadaithe chun críocha staidrimh amháin.
Bainfidh páirtithe leasmhara ábhartha, gníomhaireachtaí náisiúnta, ranna rialtais agus na meáin úsáid fhorleathan as na sonraí.
Tá an t-eolas go léir a thugann tú don Phríomh-Oifig Staidrimh faoi rún daingean. Leagtar amach san Acht Staidrimh, 1993, caighdeáin dhiana rúndachta: is féidir an t-eolas a bailíodh a úsáid chun críocha staidrimh amháin agus ní féidir aon sonraí a d’fhéadfadh a bheith bainteach le duine inaitheanta a nochtadh d’aon roinn nó comhlacht eile rialtais. Tá an t-eolas go léir a thugann tú don Phríomh-Oifig Staidrimh faoi rún daingean. Leagtar amach san Acht Staidrimh, 1993, caighdeáin dhiana rúndachta: is féidir an t-eolas a bailíodh a úsáid chun críocha staidrimh amháin agus ní féidir aon sonraí a d’fhéadfadh a bheith bainteach le duine inaitheanta a nochtadh d’aon roinn nó comhlacht eile rialtais.
Ós rud é gur suirbhé fadaimseartha é FAÉ is gá sonraí pearsana amhail ainmneacha agus seoltaí a choinneáil fad a mhairfidh an suirbhé ionas gur féidir rannpháirtithe a áireamh i ngach babhta bailithe sonraí nua. Tá plean bailithe sonraí i bhfeidhm faoi láthair do gach ceann de na trí chohórt in FAÉ go dtí 2030 ar a laghad, mar sin leanfar de do chuid sonraí pearsanta a choinneáil go dtí sin. Déanfar athbhreithniú ar choinneáil sonraí in 2030 agus beidh aon chinneadh a dhéanfar chun sonraí a choinneáil tar éis an phointe sin ag brath ar phleananna aon sonraí a bhailiú as sin amach.
Fostaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh eagraíocht chomhpháirtíochta oibre allamuigh chun agallaimh le rannpháirtithe a dhéanamh ar an nguthán. D’fhonn go mbeadh na hagallóirí in ann teagmháil a dhéanamh le rannpháirtithe an tsuirbhé, cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí teagmhála na rannpháirtithe ar fáil dóibh. Tá comhaontú i bhfeidhm chun a chinntiú nach n-úsáidfear sonraí ach amháin chun na críocha a shonraítear agus nach gcoinneofar iad gan ghá.
I gcásanna sonracha áirithe, féadfar leaganacha bréagainmnithe de shonraí a chur ar fáil do thaighdeoirí ceadaithe faoi phrótacail taighdeora dhochta agus faoi nósanna imeachta rialachais mionsonraithe.
Ceann de na croíphrionsabail a rialaíonn oibríocht na n-Institiúidí Staitistiúla Náisiúnta ná rúndacht an eolais go léir a sholáthraíonn soláthraithe sonraí a chosaint. Bunaítear cumas na Príomh-Oifige Staidrimh Staitisticí Oifigiúla a chur le chéile ar a mhéid iontaoibhe atá ag daoine aonair agus cuideachtaí as an bPríomh-Oifig Staidrimh maidir le heolas íogair agus tá an ráthaíocht a sholáthraíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh maidir le rúndacht do na soláthraithe sonraí go léir bunaithe ar an mbunriachtanas nach nochtar sonraí rúnda, faoi mar a leagtar amach i reachtaíocht náisiúnta agus staidrimh an AE.
Bronntar na cearta seo a leanas ar dhaoine aonair faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS):
Is féidir le duine aonair ceart rochtana a fháil ar na sonraí pearsanta a sholáthraíonn Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí (CSP). D’fhéadfadh go mbeadh Ábhair Sonraí atá ag iarraidh a gcearta faoin RGCS a fheidhmiú maidir lena gcuid sonraí pearsanta ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leis an CSP bunaidh mar an rialaitheoir céadchéime.
Más mian leat na cearta seo a fheidhmiú go díreach tríd an bPríomh-Oifig Staidrimh, mar gheall go bpróiseáiltear do shonraí chun críocha staidrimh, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag teorainneacha áirithe i gcomhréir le hAirteagal 89 den RGCS. Is amhlaidh seo mar gheall go mb’fhéidir nach bhféadfaí an phróiseáil staitistiúil a bhaint amach mar gheall ar aon chinn de na cearta seo a fheidhmiú, nó mar gheall gur dhóchúil go gcuirfeadh sé go mór isteach ar an bpróiseáil sin agus go bhféadfadh an srianadh sin a bheith ag teastáil chun na críocha staidrimh siúd a chomhlíonadh. Más mian leat do chearta maidir le do shonraí faoi FAÉ a fheidhmiú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála thíos. Déanfar measúnú ar iarratais ar rochtain ar bhonn cás ar chás. Beartaíonn an Oifig seo na cearta seo a fheidhmiú pé áit ar féidir.
Baileofar sonraí faoi leanbh/dhuine óg trí bhíthin agallaimh díreacha leo. Is féidir sonraí breise faoin leanbh/duine óg a bhailiú freisin óna thuismitheoir/chaomhnóir(í), óna fheighlí leanaí, óna mhúinteoir agus ó phríomhoide na scoile, de réir mar is ábhartha dá n-aois.
Baileofar sonraí faoi thuismitheoir/chaomhnóir(í) an linbh trí agallaimh dhíreacha a dhéanamh leo. Is féidir sonraí breise faoin tuismitheoir/faoin gcaomhnóir a bhailiú freisin ó thuismitheoir/chaomhnóir eile an linbh.
Baineann an Phríomh-Oifig Staidrimh úsáid as sonraí riaracháin chun cur le sonraí suirbhé nó chun iad a chur in áit sonraí suirbhé, d’fhonn oibríochtaí staidrimh a dhéanamh níos éifeachtaí nó chun léargais nó táirgí nua a chruthú. Cuireann sé sin ar chumas na Príomh-Oifige Staidrimh an t-ualach freagartha agus na costais a bhaineann le suirbhéanna a laghdú, agus cáilíocht agus tráthúlacht sonraí a fheabhsú. Tá an úsáid a bhaintear ar sonraí riaracháin rialaithe ag nósanna imeachta dianrialaithe i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Is chun críocha staitistiúla amháin a úsáidtear na sonraí go léir a fhaigheann an Phríomh-Oifig Staidrimh agus ní bheifí ábalta tú féin ná do theaghlach a aithint ar bhealach ar bith ó thorthaí na hanailíse.
Is féidir Prótacal Sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh chomh maith le tionscadail meaitseála sonraí a fháil ar an nasc: https://www.cso.ie/en/aboutus/lgdp/csodatapolicies/csodataprotocol/.
Foinsí Sonraí Riaracháin a mbaintear úsáid astu faoi láthair in FAÉ | |
---|---|
An Roinn Oideachais agus Óige | Bunachar Sonraí na Scoláirí Iar-Bhunscoile |
An Roinn Coimirce Sóisialaí | Sonraí maidir le Sochar Linbh; Córas Taifead Lárnach – Sonraí Cliant, Sonraí Íocaíochta agus Fostaíochta; Íocaíochtaí Fadtéarmacha agus Gearrthéarmacha Leasa Shóisialaigh |
Oifig an Ard-Chláraitheora | Sonraí na mBreitheanna Cláraithe |
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte | Tacar Sonraí Vacsaínithe COVAX |
An tÚdarás um Ard-Oideachas | Sonraí maidir le Cúrsaí agus Dámhachtainí Ard-Oideachais (lena n-áirítear Springboard) |
Ionad Seirbhísí Comhroinnte ÍCT | Íocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta |
Na Coimisinéirí Ioncaim | Sonraí Ioncaim ó Fhoirmeacha Cánach Ioncaim 11/12 agus ÍMAT |
SOLAS | Sonraí maidir le Cúrsaí Printíseachta agus Dámhachtainí |
Coimisiún na Scrúduithe Stáit | Torthaí Scrúdú na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí |
Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI). | Sonraí maidir le hIarratais ar Dheontas agus Íocaíochtaí |
Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann | Sonraí maidir le Cúrsaí agus Dámhachtainí QQI |
Tugtar breac-chuntas ar shamplaí d’athróga atá á bhfáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh faoi chatagóirí sonraí pearsanta thuas.
Bailiú Sonraí |
Dr Amanda Quail, Staitisteoir, Bailiú Sonraí Líonta Tí |
An Phríomh-Oifig Staidrimh Bóthar Bhaile Átha Fhirdhia, Rath Maonais, Baile Átha Cliath 6, D06 FX52 +353 1 498 4000 |
FAÉ Cohórt '98 |
Caragh Stapleton, Staitisteoir, Fás Aníos in Éirinn |
An Phríomh-Oifig Staidrimh Bóthar Bhaile Átha Fhirdhia, Rath Maonais, Baile Átha Cliath 6, D06 FX52 +353 1 498 4117 |
FAÉ Cohórt '08 |
Dianne Hillery, Staitisteoir Fás Aníos in Éirinn |
An Phríomh-Oifig Staidrimh Bóthar Bhaile Átha Fhirdhia, Rath Maonais, Baile Átha Cliath 6, D06 FX52 +353 1 498 4163 |
FAÉ Cohórt '24 |
Bridget Hearne, Staitisteoir, Fás Aníos in Éirinn |
An Phríomh-Oifig Staidrimh Bóthar Bhaile Átha Fhirdhia, Rath Maonais, Baile Átha Cliath 6, D06 FX52 +353 1 498 4127 |
Tá an ceart agat, faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí má cheapann tú go bhfuil próiseáil do shonraí pearsanta in aghaidh an dlí um chosaint sonraí. Is iad seo a leanas sonraí teagmhála an Choimisiúin:
Seoladh Poist | An Coimisiún um Chosaint Sonraí, 6 Rae Pheambróg, BÁC 2, D02 X963, Éire |
Tairseach Ar Líne |
Tá Oifigeach Cosanta Sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheisteanna i ndáil leis an bhFógra Trédhearcachta seo. Má bhíonn aon cheisteanna agat faoin bhfógra seo, aon iarrataí san áireamh chun do chearta dlíthiúla a fheidhmiú, déan teagmháil le nó seol iad chuig:
Seoladh Poist | Oifigeach Cosanta Sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh T12 X00E, Éire |
---|---|
Teil | +353 21 453 5000 |
R-phost | dpo@cso.ie |