Déileáltar le gach faisnéis a thugtar don Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) mar fhaisnéis rúnda. Leagann an tAcht Staidrimh 1993 [en] síos caighdeáin rúndachta diana: Ní féidir eolas a bhailítear a úsáid ach amháin ar chúiseanna staidrimh, agus ní féidir aon sonraí a bhaineann le duine inaitheanta nó gnóthas a chur ar fáil d'aon rannóg rialtais ná d'aon údarás eile.
Láidrítear na forálacha rúndachta staitistiúla náisiúnta seo sa reachtaíocht seo a leanas den AE :
Cuirtear síos ar shonraí breise i gCód Cleachtas na bPríomh-Oifig Staidrimh [en] maidir le Rúndacht Staitisteach.
Baineann an Cód Cleachtais seo le rúndacht na faisnéise aonair a bhaineann le daoine agus gnóthais a bhailíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh a chosaint.
Tá feidhmeanna na hOifige leagtha amach san Acht Staidrimh, 1993:
“Faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí agus dálaí eacnamaíocha, sóisialta agus ginearálta sa Stát a bhailiú, a thiomsú, a bhaint amach agus a scaipeadh chun críocha staidrimh”.
Chuige sin, faigheann an Oifig faisnéis faoi dhaoine aonair, faoi theaghlaigh, faoi ghnó agus faoi ghnóthais eile. Faightear an fhaisnéis seo go díreach i bhfiosrúcháin reachtúla nó dheonacha nó go hindíreach ó thaifid riaracháin na n-údarás poiblí.
Caitear le gach eolas aonair a fhaigheann an Phríomh-Oifig Staidrimh mar fhaisnéis faoi dhianrún. Úsáidtear an fhaisnéis chun críocha staidrimh amháin.
Foilsítear na torthaí i bhfoirm chomhiomlán agus déantar an-chúram lena chinntiú nach nochtar sonraí a bhaineann le duine nó le gnóthas inaitheanta gan chuimhneamh.
Tá an rúndacht sin faoi ráthaíocht de réir an dlí.
Is Oifig ar leith í an Phríomh-Oifig Staidrimh atá ceangailte le Roinn an Taoisigh. Cuireann sé sin béim ar neamhspleáchas iomlán na hoifige agus a hArd-Stiúrthóra i gcomhlíonadh a ndualgas staidrimh.
Feidhmíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi fhorálacha an Achta Staidrimh, 1993. Tá forálacha rúndachta na reachtaíochta staidrimh a cuireadh i bhfeidhm roimhe seo áirithe agus treisithe san Acht seo agus gearrtar pionóis throma léi as mí-úsáid a bhaint as faisnéis atá bailithe ag an Oifig.
Luaitear go sainráite san Acht:
Féadfaidh an Oifig, chun críocha staidrimh agus chuige sin amháin, cóid a shannadh a gheofar ó fhaisnéis arna bailiú faoin Acht seo chun gnóthais atá liostaithe i gcórais riaracháin údarás poiblí eile a aicmiú de réir earnálacha gníomhaíochta eacnamaíochta agus méide (daoine atá gafa).
Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, cibé toirmisc bhreise a fhorordú ar nochtadh taifead nó faisnéise inaitheanta a gheofar faoin Acht seo nó faoi na hachtacháin aisghairthe go ceann cibé tréimhsí a fhorordófar.
Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a cheanglaíonn ar aon duine ná gnóthas faisnéis a sholáthar i ndáil le ní ar lorgaíodh faisnéis maidir leis in imthosca a thabharfadh teideal don duine nó don ghnóthas diúltú an fhaisnéis a thabhairt uaidh in imeacht sibhialta in aon chúirt nó ar fhorais phribhléide.
Sonraítear san Acht Staidrimh, 1993 na cúinsí an-teoranta, atá liostaithe san alt roimhe seo, inar féidir faisnéis inaitheanta a bhailíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh a nochtadh do dhuine nó do chomhlacht eile.
Ceadaíonn an tAcht freisin sonraí aonair a chur ar fáil chun críocha anailíse staidrimh i bhfoirm nach féidir iad a bhaint go díreach nó go hindíreach le duine nó gnóthas inaitheanta. Is gnáthchleachtas é seo go hidirnáisiúnta.
Tá forálacha dlíthiúla ann freisin chun sonraí staidrimh rúnda a sheachadadh i bhfoirm anaithnidithe chuig Eurostat - Oifig Staidrimh an AE - chun críche staidrimh chomhiomlána Comhphobail a thiomsú. Ceadaítear an seachadadh sin faoi théarmaí Rialacháin AE lena bhforchuirtear na hoibleagáidí an-dian ar Eurostat rúndacht na sonraí a chuirtear ar fáil a chosaint.
Aistrítear faisnéis rúnda i bhfoirm anaithnid chuig Oifig Staidrimh an AE (Eurostat) chun staidreamh comhiomlán an Chomhphobail a thiomsú faoi fhorálacha cosanta Rialacháin (CE) Uimh. 223/2009 arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 2015/759. Faoi reachtaíocht bhreise Eorpach agus Éireannach, féadfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh micreashonraí staitistiúla neamh-anaithnidithe a bhaineann le comhardú íocaíochtaí a sheachadadh chuig an mBanc Ceannais Eorpach.
Cé go bhfuil an dlí mar bhonn agus mar thaca leis, tá sé riachtanach go mbeadh freagróirí ar fhiosrúcháin staitistiúla (agus na daoine nó na gnóthais a bhfaightear faisnéis staitistiúil ó fhoinsí riaracháin ina leith) lánchinnte go gcosnaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh rúndacht na sonraí a bhaineann leo agus nach n-úsáidtear iad ach amháin chun críocha staidrimh. Mura bhfuil daoine cinnte go gcoinnítear ráthaíochtaí rúndachta is beag seans go dtabharfadh an pobal nó gnólachtaí freagra ard ar fhiosrúcháin na Príomh-Oifige Staidrimh.
Tá cáil sheanbhunaithe ar an bPríomh-Oifig Staidrimh as an bhfaisnéis a bhailíonn sí a chosaint. Tá imní faoi chosaint sonraí ag méadú, áfach, agus tá sé ríthábhachtach go gcoinneodh an Phríomh-Oifig Staidrimh muinín gach earnáil den phobal ina leith seo. Tá sé i gceist leis an gCód Cleachtais [en] seo na dearbhuithe atá ann cheana a threisiú.